Traidisiún fada na liathróide láimhe

Is cuid dhílis de chultúr agus spórt na hÉireann í an liathróid láimhe – spórt dúchasach a léiríonn scil, luas agus dúthracht.

Tá traidisiún fada ag an liathróid láimhe CLG in Éirinn, agus tá sí ar cheann de na spóirt is sine a imrítear fós sa tír inniu. Áras Náisiúnta Liathróid Láimhe in aice le Páirc an Chrócaigh. Grianghraf: INPHO/Bryan Keane
Tá traidisiún fada ag an liathróid láimhe CLG in Éirinn, agus tá sí ar cheann de na spóirt is sine a imrítear fós sa tír inniu. Áras Náisiúnta Liathróid Láimhe in aice le Páirc an Chrócaigh. Grianghraf: INPHO/Bryan Keane

Reáchtáladh cluichí ceannais an chomórtais náisiúnta Liathróid Láimhe i dTír Eoghain ag deireadh mhí Mheán Fómhair. Ba é Conor McElduff as Tír Eoghain a bhuaigh comórtas na bhFear agus Martina McMahon as Luimneach a bhuail Ciana Ní Churraoin i gcluiche ceannais na mBan an lá céanna. Mí na Samhna seo caite, bhí an bua ag Ciana in aghaidh Martina i gCraobh Dhomhanda na mBan sa liathróid láimhe. Ba í Ciana Ní Churraoin a ceapadh ina curadh uile-Éireann sa liathróid láimhe in 2023 agus í ar an gcéad bhean riamh as Connacht a thug léi Craobh Shinsir na hÉireann i Liathróid Láimhe na mBan. Thaistil sí an tír seo ar dtús, agus thug sí aghaidh ar Stáit Aontaithe Mheiriceá ansin ag buachan corn agus craobhacha lena club agus le hOllscoil Minnesota, áit freisin ar bhain sí céim mháistreachta amach sa tSíceolaíocht Spóirt.

Tá traidisiún fada ag an liathróid láimhe CLG in Éirinn, agus tá sí ar cheann de na spóirt is sine a imrítear fós sa tír inniu. Creidtear go bhfuil fréamhacha na liathróide láimhe le fáil san 18ú haois, agus bhí sí forleathan faoin 19ú haois i gceantair thuaithe agus i mbailte móra araon. Is cuid dhílis de chultúr agus spórt na hÉireann í an liathróid láimhe – spórt dúchasach a léiríonn scil, luas agus dúthracht. Ceann de na príomhdhifríochtaí atá idir an liathróid láimhe CLG agus an liathróid láimhe Oilimpeach ná an chúirt imeartha a bhíonn i gceist. Imrítear an liathróid láimhe CLG le liathróid bhog i gcúirt 60x30 troigh. Imrítear liathróid láimhe Oilimpeach le liathróid níos crua i gcúirt 40x20 meadar. Cé go bhfuil roinnt difríochtaí eatarthu ag brath ar na cúirteanna agus ar an gcineál liathróide a úsáidtear, bíonn croílár an chluiche mar an gcéanna i gcónaí. 60x30 is ea an chúirt mhór agus an chúirt bheag a thugtar ar an 40x20 troigh.

Thug bunú Chumann Lúthchleas Gael sa bhliain 1884 spreagadh ollmhór don liathróid láimhe

Thosaigh an cluiche mar ghníomhaíocht shimplí ina mbuailfí liathróid in aghaidh balla le lámh nocht. Ba mhinic a d’fheicfeá daoine ag imirt in aghaidh ballaí eaglaise nó i gclóis scoile. De réir a chéile, tógadh cúirteanna speisialta don spórt, go háirithe sna 1880idí agus 1890idí, le ballaí arda agus dromchlaí cruinne chun an cluiche a fheabhsú. Thug bunú Chumann Lúthchleas Gael sa bhliain 1884 spreagadh ollmhór don liathróid láimhe. Cé nach raibh an spórt san áireamh sa chéad bhunreacht, cuireadh leis mar chuid oifigiúil de ghníomhaíochtaí an Chumainn sna 1920idí. Eagraíodh craobhchomórtais náisiúnta, rud a chuir struchtúr agus údarás leis an spórt. Sna 1950idí agus 1960idí, tháinig borradh mór faoin liathróid láimhe in Éirinn, le comórtais áitiúla agus scoileanna ag cur go mór lena tóir. Bhí Éire ar thús cadhnaíochta go hidirnáisiúnta freisin, agus bhuaigh imreoirí Éireannacha teidil mhóra i gcoinne iomaitheoirí ó Mheiriceá agus Ceanada, áit a raibh agus a bhfuil an cluiche an-tábhachtach freisin. Tá cluichí éagsúla i gceist leis an spórt, cuir i gcás ceithre bhalla agus trí bhalla.

Tá liathróid láimhe á imirt ar fud na Stát Aontaithe le breis agus céad bliain anuas. Cé nach bhfuil sí chomh coitianta le spóirt eile cosúil le cispheil nó peil Mheiriceánach, tá pobal díograiseach agus bríomhar ann atá tiomanta don chluiche. Tháinig an liathróid láimhe go Meiriceá den chéad uair le hinimircigh Eorpacha, go háirithe Éireannaigh, ag deireadh an 19ú haois. Cluiche idirnáisiúnta atá i gceist leis an liathróid láimhe agus tá leaganacha éagsúla den chluiche i gceist dá bharr. Bhí an-spéis ag na hÉireannaigh sa spórt seo ó bhí a leagan féin den chluiche acu i bhfad roimhe sin in Éirinn. Le himeacht ama, forbraíodh stíl Mheiriceánach den chluiche, a imrítear go príomha i gcúirteanna le balla amháin, dhá bhalla nó trí bhalla.

Tá Cumann Liathróid Láimhe na Stát Aontaithe (USHA) freagrach as comórtais a eagrú agus caighdeáin an chluiche a fheabhsú ar fud na tíre. Bunaíodh an eagraíocht seo i 1951, agus ó shin i leith, tá sí ag obair go dian chun an spórt a chur chun cinn i measc daoine óga agus daoine fásta araon. Is iomaí Éireannach a chuaigh anonn go Meiriceá ar thóir oibre agus a chur go mór leis an gcluiche agus le stádas an chluiche nuair a bunaíodh cumainn Éireannacha i gceantair ar nós Chicago, Bostún, agus San Francisco. Is cinnte go bhfuil tionchar láidir fós ag Éirinn ar an spórt i Meiriceá sa lá atá inniu ann. Téann imreoirí Éireannacha go dtí na Stáit Aontaithe go minic chun páirt a ghlacadh i gcomórtais mhóra, ar nós babhtaí Náisiúnta na Stát Aontaithe nó Craobhacha Domhanda Liathróid Láimhe, a reachtaítear go minic i Meiriceá. Tá iarrachtaí móra á ndéanamh leis an liathróid láimhe a chur chun cinn i measc aos óg na tíre. Bíonn cláir iarscoile agus campaí samhraidh ar fáil i go leor cathracha, agus tá cur chuige nua-aimseartha á ghlacadh ag an USHA trí úsáid a bhaint as na meáin shóisialta agus ábhar físe chun níos mó daoine a mhealladh. Tá cúirteanna liathróide láimhe suite i gcampaí ollscoile ar nós Ollscoil Minnesota, Ollscoil Arizona State agus Ollscoil Texas.

Cé nach spórt ollmhór go fóill ansin í, tá an liathróid láimhe ag fás go seasta sna Stáit Aontaithe. Leis an díograis atá ag an bpobal, agus leis an nasc idir Éirinn agus Meiriceá, is cinnte go mbeidh ról tábhachtach ag an spórt seo sna blianta atá le teacht. Sa lá atá inniu ann, cuireann Cumann Lúthchleas Gael agus Cumann Liathróid Láimhe na hÉireann an spórt chun cinn i measc óg agus aosta anseo in Éirinn. Tá áiseanna nua-aimseartha á dtógáil, agus tá iarrachtaí móra ar siúl chun níos mó daoine a mhealladh i dtreo an chluiche. Rinneadh scannán faisnéise faoi liathróid láimhe CLG anuraidh agus an eagraíocht ag comóradh céad bliain ar an bhfód. Tugadh cur síos ar phríomhimreoirí ban agus fear sa tír a d’imir le linn shéasúr na bliana seo caite. Tá obair idir láimhe, den chéad chomóradh céad bliain eile.