An Craobhchomórtas Domhanda Sealaíochta ag druidim linn

Is sa Bhotsuáin a bheidh an comórtas i mbliana, agus beidh foirne cumasacha Éireannacha páirteach sna himeachtaí

Sharlene Mawdsley:  Beidh sí ag rith sa dá fhoireann 4x400m chomh maith leis an 4x100m. Grianghraf: INPHO/Morgan Treacy
Sharlene Mawdsley: Beidh sí ag rith sa dá fhoireann 4x400m chomh maith leis an 4x100m. Grianghraf: INPHO/Morgan Treacy

Craobh mhór idirnáisiúnta lúthchleasaíochta is ea Craobhchomórtas Domhanda Séalaíochta, a thugann na foirne sealaíochta is fearr ar domhan le chéile gach bliain. Den chéad uair riamh, beidh an comórtas ar siúl san Afraic. Reachtálfar comórtas na bliana seo in Gaborone, sa Bhotsuáin, ar an 2ú agus an 3ú Bealtaine. Is deis an-tábhachtach í d’aon tír atá ag iarraidh a n-áit a chinntiú do chomórtais mhóra eile ar nós Craobhchomórtais an Domhain a bheas ar siúl i mBéising an bhliain seo chugainn. Socrófar 12 as an 16 áit do Chraobhchomórtas an Domhain ag an deireadh seachtaine. Ina cheann sin, beidh an sé fhoireann is fearr a chríochnaíonn sa rás sealaíochta 4x400m, beidh siad cáilithe do na Craobhacha Lúthchleasaíochta i mBúdaipeist i Mí Mheán Fómhair.

Tá lúthchleasaithe láidre cumasacha Éireannacha ag dul chuig an gcomórtas i mbliana, le trí fhoireann ar leith: foireann na mban sa 4x400m, foireann mheasctha sa 4x400m, agus foireann na mban sa 4x100m. Tá lúthchleasaithe aitheanta mar chuid den fhoireann. Tá Sharlene Mawdsley ar dhuine de na lúthchleasaithe is suntasaí, agus beidh sí ag rith sa dá fhoireann 4x400m chomh maith leis an 4x100m. Meastar gurb í a bheas mar cheannaire ar an bhfoireann agus tá taithí aici ar an leibhéal idirnáisiúnta cheana féin. Ní raibh Mawdsley san iomaíocht go hidirnáisiúnta ó Tóiceo, sna Craobhacha Domhanda Lúthchleasaíochta.

Sophie Becker. Grianghraf: Sam Barnes/Sportsfile
Sophie Becker. Grianghraf: Sam Barnes/Sportsfile

Beidh Sophie Becker ina cuid lárnach den fhoireann freisin. Bhí an bheirt acu mar chuid den fhoireann, in éineacht le Rhasidat Adeleke a chríochnaigh sa cheathrú áit sa rás 4x400m sna Cluichí Oilimpeacha i bPáras. Tá lúthchleasaithe eile cosúil le Rachel McCann, Molly Daly, agus Erin Friel ag cur leis an neart sa rás 4x400m. Seo an chéad uair a roghnaíodh iad le bheith mar chuid d’fhoireann sealaíochta shinsearach na hÉireann. Sa rás measctha 4x400m, tá lúthchleasaithe ag teacht chun cinn go láidir. Ina measc tá Jack Raftery, a bhfuil taithí aige sna rásanna sealaíochta roimhe seo, chomh maith leis na réaltaí óga Sean Doggett agus Fintan Dewhirst, a bhuaigh boinn ag leibhéal náisiúnta le déanaí. Sa rás rábála giorra, tá lúthchleasaithe ar nós Sarah Leahy agus Lauren Roy san fhoireann 4x100m, agus tá siad tar éis curiarrachtaí náisiúnta a bhriseadh le blianta beaga anuas. Freastalóidh na lúthchleasaithe ar champa tranála in Stellenbosh san Afraic Theas agus iad ag ullmhú do dheireadh seachaine cinniúnach sa Bhotsuáin.

Tá Sharlene Mawdsley ar dhuine de na lúthchleasaithe is suntasaí, agus beidh sí ag rith sa dá fhoireann 4x400m chomh maith leis an 4x100m. Meastar gurb í a bheas mar cheannaire ar an bhfoireann agus tá taithí aici ar an leibhéal idirnáisiúnta cheana féin.

Fograíodh nach mbeadh Rhasidat Adeleke ar fáil le bheith mar chuid d’fhoirne na hÉireann áfach. Bhí sí mar chuid d’fhoirne na mban agus na foirne measctha freisin sna rásaí 4x400m ag Craobhchomórtas Domhanda Séalaíochta na bliana seo caite in Guangzhou sa tSín. Tá Rhasidat lonnaithe in Austin, Texas faoi latháir agus í ag freastal ar an ollscoil ansin. An chéad chomórtas eile a bheidh aici ná Craobhacha na hEorpa in Birmingham i Mí Lúnasa.

Cuireadh tús leis na Craobhchomórtas Domhanda Séalaíochta,den chéad uair in 2014, mar chuid de straitéis chun níos mó béime a chur ar rásaí sealaíochta agus chun spéis an phobail a mhúscailt. Ó shin i leith, tá an comórtas ag fás agus ag forbairt, le tíortha móra lúthchleasaíochta ar nós na Stát Aontaithe, na hIamáice agus na Breataine Móire ag glacadh páirte go rialta.

De ghnáth, bíonn rásaí éagsúla ar siúl lena n-áirítear an 4x100 méadar, an 4x400 méadar, agus an 4x400 measctha (fir agus mná le chéile). Tá an rás measctha seo thar a bheith suimiúil mar léiríonn sé comhionannas inscne agus straitéis fhoirne ar leith. Le blianta beaga anuas, tá tábhacht bhreise bainte amach ag an gcomórtas mar go bhfeidhmíonn sé mar bhealach cáilithe do na Cluichí Oilimpeacha agus do Chraobhchomórtais an Domhain. Seo an t-ochtú huair a bheidh an comórtas ar siúl, agus is suntasach go mbeidh sé ar siúl san Afraic den chéad uair riamh, rud a léiríonn leathnú domhanda an spóirt.

Ní hamháin gur deis é an comórtas seo chun boinn a bhuachan, ach is céim ríthábhachtach é freisin do thíortha atá ag iarraidh dul chun cinn a dhéanamh ar an stáitse idirnáisiúnta. Sa bhliain 2026, beidh na foirne ag iarraidh críochnú i measc na 12 fhoireann is fearr chun áit a bhaint amach i gCraobhchomórtais an Domhain 2027 i mBéising.

Chomh maith leis sin, tugann an comórtas deis do lúthchleasaithe óga taithí a fháil ar leibhéal ard iomaíochta. Is minic a fheictear réaltaí nua ag teacht chun cinn sna rásaí seo, rud a chuireann le spéis agus le drámaíocht an imeachta. Ní raibh aon fhoirne sealaíochta ag Éirinn ag na Craobhacha Domhanda faoi dhíon an mhí seo caite in Torun, sa Pholainn. Níor ghlac Rhasidat Adeleke, Sharlene Mawdsley nó Sophie Becker páirt iontu sna rásaí aonair ach an oiread.

Tá dóchas ann go mbeidh foirne na hÉireann in ann dul san iomaíocht leis na tíortha móra sa Chraobhchomórtas Domhanda Séalaíochta, cé go mbeidh sé dúshlánach. Tá easpa doimhneachta i roinnt disciplíní, go háirithe sa 400m, luaite mar fhadhb le déanaí. Mar sin féin, léiríonn forbairt na lúthchleasaithe óga agus an dul chun cinn i rásaí sealaíochta go bhfuil todhchaí gheal roimh Éirinn. Tá an fhoireann measctha 4x400m tar éis torthaí láidre a bhaint amach roimhe seo, lena n-áirítear bonn cré-umha i gcomórtas idirnáisiúnta le déanaí, rud a thugann dóchas don lucht leanúna.

Is imeacht fíorthábhachtach é Craobhchomórtas Domhanda Sealaíodacha 2026 don lúthchleasaíocht dhomhanda agus d’Éirinn araon. Le stair réasúnta gearr ach tionchar mór, tá sé anois ina chuid lárnach den fhéilire idirnáisiúnta. I gcás na lúthchleasaithe Éireannacha, is deis é chun a cumas a léiriú, chun taithí a thabhairt do lúthchleasaithe óga, agus chun dul chun cinn a dhéanamh i dtreo na gcomórtas mór amach romhainn. Má éiríonn go maith leis na foirne Éireannacha, d’fhéadfadh ré nua a bheith i ndán do rásaí sealaíochta na tíre.

Foclóir:

rás sealaíochta = relay race

Craobhchomórtais an Domhain = World Championship

idirnáisiúnta = international

lúthchleasaithe = athletes

rás measctha = mixed race

easpa doimhneachta = lack of depth