Tá an páirtí Reform chun tosaigh ar na príomhpháirtithe eile i bpobalbhreitheanna sa Ríocht Aontaithe le breis agus cúig mhí anuas. Dá leanfaí leis an treocht sin idir seo agus an chéad olltoghchán eile, bheadh seans láidir ann go mbeadh ceannaire an pháirtí, Nigel Farage, an fear a spreag reifreann an Bhreatimeachta, mar an chéad Príomh-Aire ar an Bhreatain.
Sna toghcháin áitiúla i Sasana i mí Bealtaine na bliana seo, d’éirigh le Reform 41% de na suíocháin a bhí ar fáil a bhaint, agus tá siad anois i gcumhacht ar 10 n-údarás áitiúla. Toradh dochreidte do pháirtí nach bhfuil ach cúig MP aige i dTeach na dTeachtaí agus atá fós ag obair ar struchtúir áitiúla a chur ar bun agus fréamhacha a leagan síos sna pobail.
In ainneoin an mhóraimh láidir atá ag Páirtí an Lucht Oibre thall i Westminster i láthair na huaire, tá dúshláin ollmhóra roimh rialtas Keir Starmer agus tá tírdhreach polaitiúil an-difriúil ann anois le hais bliain go leith ó shin. Níl sé riachtanach go mbeadh olltoghchán eile sa Ríocht Aontaithe go dtí 2029, ach is iomaí eachtra a d’fhéadfadh tarlú idir seo agus sin leis an dáta a bhogadh chun tosaigh, rud a bheadh ar leas Reform i bhfianaise na bpatrún reatha.
Ach cad atá taobh thiar don bhorradh atá faoi Reform?
RM Block
Seans gur tacaíocht agóide atá i gceist agus daoine míshásta leis na príomhpháirtithe le roinnt blianta anuas. Léirigh pobalbhreith de chuid Ipsos go mothaíonn 68% d’fhreagróirí go rachaidh cúrsaí eacnamaíochta in olcas sa bhliain amach romhainn, suas ó 43% ó am an olltoghcháin anuraidh. I bpobalbhreith eile ó Opinium i mí Lúnasa, léiríodh go mothaíonn 71% de freagróirí iomlána go bhfuil an ráta inimirce ró-ard, agus tá an leibhéal sin ag 97% i gcás lucht tacaíochta Reform.
Meallann Farage agus Reform daoine le plámás agus léirisc, agus le freagraí simplí ar cheisteanna deacra, mar a bhí le feiceáil againn sna Stáit Aontaithe agus an cur chuige Donald Trump le blianta beaga anuas.
Tá go leor de na deacrachtaí céanna, agus deacrachtaí eile nach iad, sna sé chontae. Ardaítear ceist, mar sin: cad a chiallaíonn na hathruithe polaitíochta seo i Sasana agus an mbeidh tionchar ag fás Reform ar chúrsaí ó thuaidh?
San olltoghchán anuraidh, rinneadh iarracht lag comhpháirtíocht a bhunú idir Reform agus an TUV (mar gheall nach raibh aon iarrthóirí de chuid Reform le seasamh sna toghcheantair ó thuaidh). Thit an caidreamh sin as a chéile go gairid ina dhiaidh sin, áfach, nuair a thug Nigel Farage tacaíocht phearsanta d’Ian Paisley Junior ón DUP thar cheannaire an TUV Jim Allister.
Le déanaí, rinneadh cáineadh ar Farage nuair a dúirt sé go ndéanfadh sé idirbheartaíocht úr ar Chomhaontú Aoine an Chéasta chun go mbeadh deis ag an Ríocht Aontaithe tarraingt amach ón Chairt Eorpach um Chearta an Duine (rud nach féidir a dhéanamh faoi láthair mar go bhfuil an Chairt agus an Comhaontú fite fuaite ina chéile).
Agus an meascán seo den neamhaird, aineolas agus dímheas léirithe ag ceannaire Reform ar pholaitíocht an tuaiscirt, tá sé deacair a shamhlú go gcaithfeadh siad mórán ama ar na sé chontae. Cé go bhfuil thart fá 1,000 ball ag Reform sa tuaisceart agus tuairiscítear go bhfuil an páirtí ag machnamh ar chraobhacha a bhunú ann, is beag buntáiste a bheadh ann don pháirtí fuinneamh a chaitheamh anseo ó thaobh suíocháin Westminster de. Tá an pháirc imeartha measartha lán le páirtithe aontachtacha mar atá, agus cé gur páirtí é atá ar son an Aontais, is náisiúnaithe Sasanacha iad Reform ag deireadh an lae. Léiríonn seasamh an pháirtí ar Chomhaontú Aoine an Chéasta agus ar an Bhreatimeacht go gcaithfear leis an tuaisceart mar dheacracht atá ag cur isteach ar a gcuid mianta, seachas mar áit atá ina croíchuid den Ríocht ar maith leo a bheith ag caint fúithi.
Sin ráite, ní gá do Reform seasamh i dtoghchán ó thuaidh le dul i bhfeidhm ar an stad reatha ann.
Bheadh Reform in ann brú a chur ar pholaiteoirí aontachtacha an tuaiscirt a dtreo smaointeoireachta féin a leanúint agus bogadh ar dheis, níos faide ar dheis, ná mar atá siad faoi láthair. Tá an DUP agus TUV in iomaíocht cheana féin maidir le cé acu is fearr atá in ann leas a bhaint as an reitric aontachtach agus as na mothúcháin a spreagtar dá réir.
An foréigean ciníoch a bhí le feiceáil ar an Bhaile Meánach i mí an Mheithimh, chomh maith leis an iliomad agóidí, eachtraí agus léirsithe atá tarlaithe ó shin, léiríonn siad sin go bhfuil tionchar nach beag ag na hathruithe polaitíochta i Sasana ar chúrsaí ó thuaidh, agus tá polaiteoirí ag iarraidh buntáiste a bhaint as sin. Tá cur chuige Reform bunaithe ar fhearg agus eagla a chruthú ón éadóchas agus imní atá ar dhaoine faoina ndálaí saoil, sin agus ar shimpliú a dhéanamh ar chruacheisteanna nach bhfuil aon fhreagraí cearta acu orthu.
Maidir leis an tuaisceart, tá neart deacrachtaí agus dúshlán roimh na polaiteoirí áitiúla mar atá sé, agus chuirfí leo sin dá mbeadh Reform, lena chur chuige deighilteach, i gceannas amach anseo.
Foclóir: dochreidte = unbelievable; pobalbhreith = opinion poll; léirisc= truism; iarracht lag = weak attempt; foréigean ciníoch = racist violence.