Caithfidh mé gur tháinig sé aniar aduaidh orm nuair a sceitheadh an nuacht go raibh Jim Gavin san iomaíocht chun ainmniúchán a fháil ó Fhianna Fáil do thoghchán na hUachtaránachta. Ní raibh aon bhaint aige leis an bpolaitíocht. Níor chuala muid aon tuairim láidir uaidh le linn a thréimhse mar bhainisteoir peile ar Bhaile Átha Cliath faoi aon ábhar, Cumann Lúthchleas Gael san áireamh! Céard a bhí taobh thiar den chinneadh seo taisteal i dtreo contrártha?
Ní haon strainséirí iad an spórt agus an pholaitíocht. Má chaitear súil siar ar stair na polaitíochta in Éirinn, is féidir na scórtha feisire a lua, iad siúd a rinne a gcuid ar pháirceanna imeartha na tíre sular aistríodar i dtreo shaol poiblí na polaitíochta.
An chéad ainm a luaitear i gcónaí ná Seán Ó Loinsigh, a bhí ina ghaiscíoch ar fhoirne Chorcaí a bhuaigh cúig bhonn uile-Éireann san iománaíocht agus ceann eile sa pheil agus a toghadh mar Thaoiseach faoi dhó.
Níl aon deacracht againn ainmneacha eile a chaitheamh amach ach oiread. Bhí Dan Spring (Lucht Oibre, Ciarraí), Jimmy Deenihan (Fine Gael, Ciarraí), Seán Flanagan (Fianna Fáil, Maigh Eo), John Wilson (Fianna Fáil, An Cabhán), Henry Kenny (Fine Gael, Maigh Eo). Bhuadar uilig boinn Uile-Éireann.
RM Block

An chéad ainm a luaitear i gcónaí ná Seán Ó Loinsigh, a bhí ina ghaiscíoch ar fhoirne Chorcaí a bhuaigh cúig bhonn uile-Éireann san iománaíocht agus ceann eile sa pheil agus a toghadh mar Thaoiseach faoi dhó.
Níl aon deacracht againn ainmneacha eile a chaitheamh amach ach oiread. Bhí Dan Spring (Lucht Oibre, Ciarraí), Jimmy Deenihan (Fine Gael, Ciarraí), Seán Flanagan (Fianna Fáil, Maigh Eo); John Wilson (Fianna Fáil, An Cabhán); Henry Kenny (Fine Gael, Maigh Eo). Bhuadar uilig boinn Uile-Éireann.

Fiú sa lá atá inniu ann, sa 34ú Dáil, bhí Alan Dillon (Fine Gael) ó Mhaigh Eo ina laoch ar fhoireann an chontae ar feadh deich mbliana. Le déanaí, tháinig Nina Carberry isteach sa pholaitíocht ó shaol na rásaíochta capall. Níor thug sí aon agallamh mór le linn an fheachtais sin in 2024. Bhí a hainm agus a haitheantas i measc an phobail láidir go leor iontu féin chun an suíochán a bhuachaint.
Bhí Dick Spring (Lucht Oibre) agus Jim Glennon (Fianna Fáil) ina n-imreoirí idirnáisiúnta rugbaí sular chinn siad ar dhul isteach sa pholaitíocht. Ar ndóigh, is mac le Dan Spring é Dick. Bhí níos mó clú air sa deireadh thiar thall mar pholaiteoir - d’imir sé faoi dhó d’fhoireann na hÉireann mar lánchúlaí ach ní raibh cluichí iontacha aige. Lig sé don liathróid sleamhnú as a lámha cúpla uair agus é ag iarradh greim a fháil ar Garryowen.
Cé go bhfuil a lán measa ar Gavin as ucht na ngaiscí go léir atá déanta aige… níl mórán aithne ag an bpobal air mar dhuine.
Ar ndóigh bhí dhá ghlúin ó chlann amháin eile a d’freastaill ar an dá thrá sin - Clann Uí Domhnalláin as Gaillimh. Bhí Mick Donnellan (Clann na Talmhan) mar chaptaen ar an bhfoireann a bhuaigh Craobh na hÉireann in 1925. Bhí a mhac John Donnellan (Fine Gael) ar an bhfoireann mór le rá de chuid na Gaillimhe a bhuaigh trí bhonn Uile-Éireann idir 1964 agus 1966.
Dála an scéil, bhí John ina chaptaen ar an bhfoireann a bhuaigh in 1964. Bhí a athair i láthair i bPáirc an Chrócaigh don chluiche ach bhuail taom croí an fear bocht agus fuair sé bás gan choinne.
Bhí John agus a dheartháir Pat ag imirt do Ghaillimh an lá sin ach níor cuireadh ar an eolas iad faoin gcasadh tragóideach go dtí go raibh an cluiche thart. Tá an gearrscannán fós le feiceáil a thaispeánann John ag ardú Chorn Mhic Uidhir agus é ríméadach le gliondar. Ar ndóigh, ní raibh tuairim dá laghad aige go raibh a athair féin díreach tar éis bháis.
Agus mar a tharla sé, sin é an bealach a ndeachaigh John Donnellan isteach i saol na polaitíochta. Reáchtáladh fothoghchán an mhí dár gcionn agus bhuaigh sé go héasca é. Bhí a athair bainteach le Clann na Talmhan ach bhí an tóin ag titim as an mion-pháirtí sin ag an am. Rinneadh margadh agus sheas sé do Fhine Gael. Tar éis dó a bheith tofa, choinnigh sé air ag imirt peile le foireann dhosháraithe na Gaillimhe ar feadh roinnt blianta ina dhiaidh sin agus bhuaigh dhá bhonn Uile-Éireann le linn an ama sin.
Ní hamháin go mbíonn baint ag iar-imreoirí leis an bpolaitíocht, ach ag iarbhainisteoirí agus ag iar-oifigigh spóirt chomh maith. D’éirigh le Seán Kelly (iarUachtarán CLG), John O’Mahony (iarbhainisteoir de chuid na Gaillimhe), agus Tony Dempsey (iarbhainisteoir ar iománaithe Loch Garman) i saol na polaitíochta.
Thuigfeá cén fáth a mbeadh iar-imreoir mealltach mar iarrthóir do pháirtí. Bíonn aithne fhorleathan ar a n-ainmneacha agus cabhraíonn sé sin go mór. Níl an dualgas ar an bpáirtí obair na gcapall a dhéanamh chun cinntiú go mbeidh ainm agus íomhá an iarrthóra aitheanta i súile an phobail.
De ghnáth, agus taithí acu ar an leibhéal spóirt is airde, is daoine iad a bhfuil dul chun cinn déanta acu agus teacht aniar iontu, daoine a leagann síos spriocanna móra dóibh féin. Tá féinsmacht acu. Tá siad ar a gcompord ag déileáil le daoine. Ní luíonn siad siar ar na maidí. Is buntáiste mór é sin i saol an pholaiteora.
Tá fiú leabhar scríofa faoi na polaiteoirí go léir a tháinig ó dhomhan an spóirt - Conor McMorrow, tuairisceoir le RTÉ an t–údar. Bhain sé úsáid as cleas cliste. Tá 15 chaibidil sa leabhar, é leagtha amach mar a bheadh foireann peile nó iománaíochta ann!
Ar an dóigh sin, níor chóir go mbeadh mórán d’ionadh orainn go bhfuil Jim Gavin anois ag taisteal ar bhóthar a siúladh go minic cheana.
Ach an bhfuil an cás seo difriúil? De ghnáth, bíonn an bealach isteach beagáinín níos stuama agus níos éasca. Is iad na toghcháin Eorpacha a sheasann mar na pointí iontrála is coitianta agus is sodhéanta.
Is toghcháin den dara grád iad, in éindí leis na toghcháin áitiúla. Níl daoine ag caitheamh vótaí chun rialtas a chur isteach nó a chaitheamh amach. Ní bhíonn an tábhacht chéanna ag baint leo.
Ach tá toghchán na hUachtaránachta éagsúil. Cé go bhfuil a lán measa ar Gavin as ucht na ngaiscí go léir atá déanta aige - sna Fórsaí Cosanta, mar phíolóta, mar rialtóir eitlíochta, mar bhainisteoir peile, mar an duine a bhí taobh thiar den chaochló sa pheil Ghealach - níl mórán aithne ag an bpobal air mar dhuine.
Tá cáil air mar fhear atá an-chúramach ar fad, an-aireach, agus é ag caint leis na meáin. Is duine ciúin é agus deireann roinnt daoine go bhfuil sé leamh agus é ag caint go poiblí.
I dtoghchán uachtaránachta, ní oibreoidh an tseift sin beag ná mór, ós rud é go mbeidh gach rud dírithe ar phearsantacht an iarrthóra, idir shuáilcí agus duáilcí. Beidh brú ar Gavin teacht amach le tuairimí, cur síos a dhéanamh ar a shaol, aon chonspóid a bhain leis a mhíniú (ní léir go bhfuil aon cheann ann faoi láthair) agus an ábaltacht a léiriú don phobal go seasfaidh sé ar son gach saoránach sa Stát.
Cabhróidh a cháil leis ach tá dúshlán i bhfad níos deacra i ndán dó anois.
Foclóir: tar aniar aduaidh ar = to surprise/take me unawares; feisire = (parliamentary) representative; capall = horse; dhá ghlúin = two generations; fothoghchán = byelection; cáil = fame.
!["Tá cáil [ar Jim Gavin] mar fhear atá an-chúramach ar fad, an-aireach, agus é ag caint leis na meáin."](https://www.irishtimes.com/resizer/v2/JFXWK5UNYBG6PFTUWCQBWSXJUQ.jpg?auth=d275a5ae181e62fcc4a905a6dc968d9bb80033d662b63f4fe32d3bd5767f4865&smart=true&width=1024&height=683)

















