Isteach tríd an doras an lá cheana tháinig an ghnáthdhramhaíl. Pizzeria nua tamall uainn a raibh rogha de phiazzana an tsaoil á tairiscint níos saoire ná aon dream eile; fógra go raibh gátar le fuinneoga glónradhúbailte anois teacht an gheimhridh agus na laethanta dul i bhfuaire; tairiscint go bhféadfaí tarramhacadam nó leacracha a chur sa chabhsa gluaisteáin; dream ag moladh grianphainéil toisc go raibh an ola ag dul i ndaoire mar go raibh an Trumpa fós ag ionsaí na hIaráine (bhuel, níor dúradh an chuid deiridh sin); an siopa sceallóg áitiúil ag insint go raibh bia Indiach anois á dhíol acu toisc oiread sin imirceach a bheith timpeall; agus bialann Indiach ag rá go raibh sceallóga anois acu oíche Shathairn toisc ocras a bheith ar an bpobal ag fágaint na bpubanna.
I measc an mhiodamais seo go léir bhí paimfléad beag ón rialtas seo againne. De ghnáth nuair a thagann bileog ó pholaiteoir in aice láimhe is d’fhonn a rá gur éirigh leis nó léi bóthar a dhúnadh nó soilse tráchta a fháil nó gur labhair sa Dáil ar do shon. Ach ní polaiteoir aonair uaigneach a bhí anseo ach paimfléad lándéanta clómhóir ildathach ó Rialtas na hÉireann. Is chuige a bhí ná go bhfuil éigeandáil romhainn agus iad ag gairm amach i litreacha nach bhféadfaí gan a fheiscint go gcaithfimis a bheith ULLAMH.
Mar a tharla, cheapas go raibh éigeandáil cheana againn, éigeandáil tithíochta agus athrú aeráide, ach nuair a scrúdaíos an paimfléad lua ná tagairt ní bhfuaireas d’aon cheann acu. Ina ionad sin, dúradh linn go gcaithfí a bheith réidh le haghaidh éigeandála ar bith a d’fhéadfadh teacht uair ar bith i lár an lae, i gcoim na hoíche, nó tú i do thoirchim suain féin.
Níor ainmníodh na héigeandálaí, ach tugadh le fios go bhféadfadh “stoirmeacha, tuillte, cibir-ionsaithe agus cur isteach ar shlabhraí soláthair criticiúla” a bheith i gceist.
RM Block
Is fíor go bhfuil stoirmeacha ag gabháil steallaidh orainn go rialta anois agus ainmneacha breátha Éireannacha ar chuid acu chun sinn a chur ar ár suaimhneas – Ailill, Breasal, Cairbre, Dúnlang, Eachmharcach, Fionnghuala, Gormghiolla, Haigha, Ionnrachtach, Jeápurs, Keápars, Leabharcham, Mochaomhóg, Neadar, Ólchobhar, Parthalán, Quárhác, Ríoghbhardán, Slíbhín, Tailefhlaith, Uallgharg, Vinny, Wally, Xaxier, Yobbo, Zozimus, in ord aibítre.
Ina choinne sin, ní súnámaí aon cheann díobh, agus bím féin go faichilleach ag déanamh bolg le gréin ar thrá san iarthar, leathshúil i gcónaí ar oscailt ar eagla go bhfeicfinn tonn tuile ag éirí le fearg amuigh ar íor na spéire agus iad ag téarnamh mar chnoc uisce im dháil. Go deimhin, b’fhada ó bhí súnámaí againn, má bhí riamh. Cuid den eagla nach foláir a ghiniúint?
B’fhéidir, áfach, go raibh sé i gceist gur anuas seachas aniar a thiocfadh an spéirling. Ach an oiread le bheith ag faire na trá, níl oíche dá dtagann ná go mbím ag grinneadh na spéire. Tá a fhios againn go bhfuil ar a laghad aon trilliún réalta eireabaill ag scairdeadh soir siar suas síos fiarthrasna in aon chúinne amháin den chruinne nach bhfuil rófhada uainn, agus go dtiteann siad go léir áit éigin. Níl aon chúis nach dtitfeadh ceann uaigneach amháin den trilliún orainne inár n-oileáinín glas féinig, ná go deimhin isteach ar mo ghairdín cúil. Tagann seo idir mé agus codladh na hoíche go fiú nuair a bhím im dhúiseacht.
Ait go leor, ní luaitear an chontúirt eile is mó ar fad. Cogadh núicléach. Iad gann ar chomhairle d’aon tsaghas maidir leis an mbagairt seo. Faraor, sa chás sin, ní bheadh le déanamh ach cromadh síos, do chloigeann a chur idir do dhá chois, lúbadh siar agus slán a fhágáil ag do phrumpa. Sin uile.
Ná bac le haon chomhairle eile ar do sheicliosta.














