Léargas deachtóra

Tá cead cainte ag cách, agus bíonn an fhírinne searbh ar uairibh

Sa lár: Ceannaire Bhuircíne Fasó, Ibrahim Traoré. Grianghraf: AFP via Getty Images ~
Sa lár: Ceannaire Bhuircíne Fasó, Ibrahim Traoré. Grianghraf: AFP via Getty Images ~

De ghnáth ní bheifeá ag súil le gaois nó ar a laghad le léargas nach bhfeictear de ghnáth ó dhuine ar nós Ibrahim Traoré. Ní bheifeá ag súil leis mar is deachtóir míleata é, agus de ghnáth ní hiad is eolaí ar an saol mór lasmuigh dá bhfearann féin. Ina theannta sin, is é ceannaire Bhuircíne Fasó é, ceann de na tíortha is boichte ar domhan. Tá ochtó faoin gcéad den phobal i dtaobh le feirmeoireacht leorchothaitheach agus tiomáint bheostoic, agus is lú go maith faoi bhun trí mhíle dollar sa bhliain an meánteacht isteach. Meastar droch-chothú géar a bheith ar chuid mhór de pháistí na tíre agus níl aon chuma air go bhfuil sin ag feabhsú.

Is mó de chúis bhuartha go ndealraíonn gur cuma le formhór na bpobal seo a bhfuil vóta acu cad a dhéanann a gcuid ceannairí thar lear agus thall thairis.

Ba dhóigh leat, mar sin, go mbeadh breis mhaith agus a dhóthain le déanamh ag an uachtarán seachas a bheith ag tabhairt óráidí fealsúnta polaitiúla uaidh mar cheacht dúinn idir an dá linn. Nuair a bhí mise sa phríomhchathair a bhfuil an t-ainm iontach Ouagadougou uirthi blianta ó shin, tá cuimhne agam go raibh bultúir ocracha ina seasamh lasmuigh de phálás an Uachtaráin go foighneach, agus ní mar gharda. Dealraíonn nach raibh mórán de na foirgnimh ghalánta atá le feiscint ar an idirlíon anois ann ach an oiread, ach sráideanna gan chríoch de thithe crua-adóibe faoi dhíonta stáin. Mar sin féin, tá cead cainte ag cách, agus ba mhinic gaois ó bhéal gamail, seachas ó Dhónall an Trumpa.

Tháinig Traoré i gcumhacht leis an ngnáth coup d’etat mar is dual, cé gur nós é sin nach bhfuil teoranta do dheachtóirí míleata amháin. Uaireanta déanann polaiteoir iarracht ar coup d’etat a eagrú i dtír dhaonlathach, go háirithe i mí Eanáir. Ach chun a cheart a thabhairt d’uachtarán Bhuircíne Fasó ní raibh aon siar is aniar aige mar gheall air. Chomhairligh sé do mhuintir a thíre dearmad glan a dhéanamh ar an daonlathas, ar thoghcháin agus gach amaidí a bhaineann leo.

‘Caithfear an fhírinne a insint’ ar seisean go lom agus go neamhbhalbh, ‘ní dúinne an daonlathas.’ Córas bréige é, córas gan dealramh, córas lofa.

‘Daonlathas, maraímid páistí, daonlathas, leagaimid buamaí anuas ar dhaoine, cuirimid mná chun báis, scriosaimid cathracha, leagaimid ospidéil...An daonlathas é sin?’

Le fírinne, bhí sé bog go leor lena cháineadh. D’fhéadfadh sé cur leis sin go dtionscnaíonn tíortha daonlathacha cogaí, go ngabhann siad forlámhas ar chríocha eile, go ndéanann siad fuadach ar uachtaráin, go mbriseann an dlí idirnáisiúnta, go gcleachtann pianchéasadh ar phríosúnaigh, go mbagraíonn scrios iomlán ar sheanshibhialtachtaí de dhroim oíche, go gcuireann isteach ar thoghcháin in áiteanna eile, go ndíbríonn na milliúin as a bhfearann dúchais, go gcumann faisnéis bhréige, go mbuamálann báid bheaga ar muir, go gcuireann freasúra polaitiúil chun báis, go gcothaíonn gorta, go loiteann an aeráid, go dtugann tacaíocht do sceimhlitheoirí, go gcoimeádann greim ar an gcóras airgeadais idirnáisiúnta ar a son féin agus go nglacann páirt i gcinedhíothú go fonnmhar gan chigilt choinsiasa ar bith.

Maítear gurb é an daonlathas an córas rialtais is fearr, agus cé déarfadh a mhalairt i gcás a phobail féin? Ach níl aon fhianaise gurb é sin an córas is fearr do thíortha eile a bhfuil leathshúil cham ag na hiarimpireachtaí daonlathacha agus na cinn nua orthu.

Is mó de chúis bhuartha go ndealraíonn gur cuma le formhór na bpobal seo a bhfuil vóta acu cad a dhéanann a gcuid ceannairí thar lear agus thall thairis. Níos measa ná sin, nuair is cás leo é agus go siúlann ina milliúin ar na sráideanna ina gcoinne go ndéantar neamhaird díobh.

Is deacair a shlogadh go mbeadh daoine patuar mar gheall ar chinedhíothú agus ar chogaí barbartha, mar shampla, ach leanann scrios an domhain agus creachadh cathracha ar aghaidh le tacaíocht daoine deasa daonlathacha.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar