“Humanity’s next great voyage begins….,” a dúirt an glór séimh Meiriceánach ón teilifís.
Fad is a bhí an spásárthach le ceathrar ar bord ag cur tús le hAois Nua an Spáis lena aistear as Meiriceá i dtreo na gealaí, bhí uachtarán na tíre sin ag bagairt go ndéanfaí an oiread sin dochar don Iaráin is go gcuirfí í siar go dtí an Chlochaois.
Dé Céadaoin an 1 Aibreán bhí an domhan mór faoi gheasa ag Artemis II, an misean is deireanaí ag NASA, a raibh sé mar sprioc aige árthach le daoine ar bord a chur ar aistear níos faide sa spás ná aon cheann a rinneadh cheana.
Agus mura raibh an domhan mór faoi gheasa is cinnte go raibh na meáin ar gach taobh den Atlantach an-tógtha leis an misean nua seo.
RM Block
Bhí Sky News agus CNN ina measc siúd a bhí ag craoladh beo ó Lárionad Spáis Kennedy i bhFlorida, áit a raibh an roicéad is cumhachtaí a úsáideadh ariamh réidh leis na spásairí a shaoradh ó ghreim na domhantarraingte.
An mhaidin dar gcionn, caitheadh go leor ama á phlé ar an gclár Today ar Radio 4 an BBC.
Bhain dóchas le clár Apollo, ach cé mhéad duine a mhothaigh dóchasach an chéad lá de mhí Aibreáin i mbliana?
Is dóigh gur faoiseamh a bhí ann do go leor nach raibh an roicéad céanna chun na céadta a chur den tsaol i dtír éicint i gcéin.
Cuireadh Captain Kirk ó Star Trek faoi agallamh fiú, cé nach raibh an méid a dúirt an t-aisteoir William Shatner ag teacht go hiomlán leis an spiorad a bhí láithreoir CNN ag iarraidh a chothú.
Thagair Shatner roinnt uaireanta don méid dochar atá muidne, an chine daonna, ag déanamh dár bpláinéad.
Chuaigh an eitilt 60 míle os cionn an Domhain a rinne Shatner in árthach de chuid Blue Origin le Jeff Bezos in 2021 go mór i bhfeidhm air.
Thuig sé, a dúirt sé tar éis dó filleadh, cé chomh leochaileach is atá ár bpláinéad.
Bhí sé éasca a bheith tógtha siar go deireadh na 1960idí nuair a bhí clár Apollo faoi lán seoil agus an t-iontas, an sceon, an bród is an dóchas a mothaíodh agus na céad spásairí á seoladh ar aistear ceannródaíoch.
An roicéad mór ar an gceap lainseála ar Cape Canaveral, na daoine faoi ghéibhinn sa gcapsúl beag ar a bharr.
Glór suaimhneach an fhir ón rialú misin agus é ag comhaireamh na soicindí go dtí go lasfaí an breosla leis an roicéad a sheoladh tríd an aer.
Radharc faighte ó am go ham den dream a bhí ag treorú chuile rud, iad suite ina líne is ina líne os comhair scáileán.
Agus roinnt mílte ón lárionad spáis, na sluaite bailithe faoin ghrian taobh lena gcarranna móra, súile chuile dhuine dírithe ar an spéir.
“There were children crying and colours flying all around the chosen ones” mar a dúirt Neil Young ina amhrán After the Gold Rush i 1970.
Tugtar léargas iontach ar an misean úd sa scannán faisnéise Apollo 11 a cuireadh amach in 2019.
Airítear an teannas a bhain le chuile chéim den aistear le triúr a chur chomh fada leis an ngealach agus iad a thabhairt abhaile go sábháilte.
Nuair a dhírítear an ceamra ar an slua, feictear dathanna geala na n-éadach agus na gcarranna. Léiriú den American Dream curtha os ár gcomhair ar an scáileán.
Ach bhí an Cogadh Fuar ar bun le blianta agus an cogadh i Vitneam ag a bpointe is fuiltí le linn na tréimhse seo agus Lyndon Johnson agus ansin Richard Nixon ina n-uachtaráin.
Sa mbliain 1968, bhásaigh 16,900 Meiriceánach i Vitneam.
Níor mhair clár Apollo ach trí bliana tar éis do Neil Armstrong tuirlingt ar dhromchla na gealaí i mí Iúil 1969.
Cuireadh críoch leis i mí na Nollag 1972 le Apollo 17 agus Eugene Cernan ar an duine deiridh den daréag a shiúil ar an ngealach.
Faoin tráth seo, bhí suim caillte ag go leor de mhuintir Mheiriceá san aisling a nocht an tUachtarán John K Kennedy deich mbliana roimhe sin.
Bhí an lámh in uachtar faighte ar na Rúisigh sa spásrás.
Ní raibh sé soiléir cén fiúntas a bhain leis na milliúin is na milliúin dollar a chaitheamh ar mhaithe le roinnt clocha a thabhairt na céadta mílte míle ar ais ón áit fhuar sceirdiúil úd.
Fágadh ann na bratacha réaltógacha a d’ardaigh Armstrong, Buzz Aldrin agus an dream a lean iad.
Is cosúil go bhfuil trí cinn acu fós ina seasamh.
Bhain dóchas le clár Apollo, ach cé mhéad duine a mhothaigh dóchasach an chéad lá de mhí Aibreáin i mbliana?
Tuigtear go maireann muid i saol úrnua. Is in iomaíocht leis an tSín atá Meiriceá anois.
Is ar mhaithe le cur lena gcumhacht agus ar mhaithe le hacmhainní atáthar ag filleadh ar an spás.
Táthar ag súil go bhféadfaí an ghealach a úsáid mar phointe lainseála le taisteal chomh fada le Mars.
Ní hé William Shatner an t-aon duine ar ndeachaigh radharc dár bpláinéad i bhfeidhm air.
Oíche Nollag, 1968, thóg William Anders – spásaire ar bord Apollo 8 – grianghraf daite den Domhan ag éirí os cionn dhromchla na gealaí.
B’é an chéad phictiúr dá leithéid a tógadh ariamh.

“Earthrise” a tugtar anois ar an ngrianghraf seo agus chuir sé ar na súile do dhaoine cé chomh álainn is chomh saibhir is atá ár bpláinéad i gcomparáid leis an gcloch mhór lom atá ina shaitilít againn.
Ach beagnach 60 bliain níos deireanaí tuigtear go bhfuil saibhreas ag an ngealach féin.
Tá fáil ann ar dhúile ar nós platanam, litiam agus cinn eile atá riachtanach i réimse na teicneolaíochta.
Agus tá neart héiliam 3 ann, a ceaptar a d’fhéadfaí a úsáid sa gcomhleá núicléach.
Níos tábhachtaí fós, tá uisce i bhfoirm oighir aimsithe ann.
An 2 Aibreán, san oíche, taispeánadh radharc ar Sky News den spéir lasta is scoilte ina dhá leath ag roicéad.
Shílfeá ar feadh soicind gurbh ceann de bhuaicphointí lainseáil Artemis II 24 uair níos túisce a bhí i gceist.
Ach ní hea! Roicéad ar a bhealach chun na hIaráine a bhí ann.
Agus seo á scríobh, rinneas teagmháil le cara i Meiriceá go bhfaighinn a tuairim faoi Artemis II.
‘Séard a dúirt sí: “Tá sé dodhéanta labhairt faoin tír seo gan Trump a lua, ach faoi láthair táim ag breathnú ar an ngealach ag líonadh os comhair mo dhá shúil.”
Thart ar an am céanna, bhí ceathrar ball den chine daonna tar éis cúl na gealaí a bhaint amach den chéad uair.
Níorbh fhada go raibh grianghraf álainn nua dár bpláinéad leochaileach le feiceáil ar na meáin ar fud na cruinne.
Foclóir: spásárthach - spaceship; faoi gheasa - spellbound; ceap lainseála - launchpad; dathanna geala - bright colours;















