Coiscéim bheag amháin

Go deimhin bhí na náisiúin dúchais fós ag troid go dtí deireadh na 19ú haoise

Na spásairí Neil Armstrong agus Buzz Aldrin ar dhromchla na gealaí in 1969.  Grianghraf: AP/Nasa
Na spásairí Neil Armstrong agus Buzz Aldrin ar dhromchla na gealaí in 1969. Grianghraf: AP/Nasa

‘Coiscéim bheag amháin don duine, léim mhór don chine daonna,’ a dúirt Niall Tréanlámhach nuair a leag sé a chos ar dhromchla na gealaí, 20 Iúil 1969. Is ar éigean a dúirt John Alden an rud céanna nuair a leag sé a spág féin ar an talamh gur tugadh Sasana Nua air go gairid ina dhiaidh sin ar an 21 Samhain 1620. De réir an tseanchais b’é an chéad duine é a thuirling den Mayflower ar an lá stairiúil sin a bhfuil an domhan go léir ag fulaingt dá dheasca ó shin. Is ea, coiscéim bheag amháin a bhí ann ach lean iarmhairt scriosmhar í nach bhfuil a deireadh buailte umainn fós.

Mar is amhlaidh gur tháinig an gúta ar an gcos sin go luath ionas gur shéid, gur at, gur leathnaigh is gur chraobhaigh a ladhraicíní amach ina líontáin agus ina n-eangacha fairsinge mar a bheadh ochtapas uileadharcánach sa tslí is nach bhfuil poll ná prochóg slán sábháilte uaithi ó shin. Agus más meafair trína chéile iad sin, bíodh sin mar atá, mar ní ann do mheafar a chuimseodh sa cheart na huafáis a lean an choiscéim bheag sin a raibh cuma chomh neamhurchóideach sin uirthi.

Na bundúchasaigh ar tús, gan amhras, agus in ainneoin na scannán go léir ní raibh sé chomh furasta sin iad a chloí. Go deimhin bhí na náisiúin dúchais fós ag troid go dtí deireadh na 19ú haoise, óir b’fhuar acu conraí a dhéanamh nuair a bhí na conraí a déanadh stróicthe sula raibh dúch na gcleití lenar síníodh iad tirimithe. Má bhí brí le cinedhíothú riamh bhí brí leis maidir leis an nglanadh eitneach ba bhun leis na Stáit Aontaithe, ach nach cinedhíothú amháin a bhí ann, ach cinedhíothuithe, na céadta díobh.

Is fíor gur ceannaíodh fearann ón bhFrainc, ach sceilpeadh an tríú cuid de Mheicsiceó d’fhonn cur leis an leathnú, de thoradh cogaidh, gan amhras. An leathnú ba mhó in aon ráig amháin go dtí go gcuirfear an Ghraonlainn leis in am is i dtráth nuair a thiocfaidh an uain.

Níorbh aon iontas é nach raibh fadhb ar bith ag Theodore Roosevelt ná ag Woodrow Wilson go mbeadh impireacht ag na Stáit Aontaithe, agus lean díospóireacht ann ina thaobh seo, ach go raibh siad beagán ródhéanach sa ghabháil. Ina ionad sin, chromadar ar oileáin bheaga agus láithreáin mhíleata a ghlacadh chucu féin, i dtosach i Muir Chairib agus ina dhiaidh sin san Aigéan Ciúin san 19ú haois. Ní thugann na Stáit Aontaithe coilíneachtaí ar na háiteanna atá acu faoi smacht, ach ‘críocha’. Ina measc siúd tá Guam, Pórtó Ríce, Oileáin Mheiriceánacha na Maighdean, Na hOileáin Mháirianacha Thuaidh agus mórán eile, Saipan suimiúil go leor, ar a bhfuaid. Ní fios cé mhéid lonnú cogaidh nó láithreán míleata atá acu i mbaill éagsúla, luaitear áireamh éigin idir ocht gcéad agus míle. Saighdiúirí lánarmtha agus airm ollscriostacha agus diúracáin fhadraoin iontu go fairsing.

Baill bhreaca bheaga spotaitheacha iad seo ar chraiceann na cruinne, marcanna bolgaí Poncánaí ar féidir leo a ngalrú a scaoileadh is a scaipeadh le séideadh na gaoithe is lú. Ón mbliain 1945 i leith bhí fórsaí SAM gníomhach ar an talamh nó ón aer (agus b’fhéidir faoin muir) breis mhaith agus dhá chéad uair i dtrí scór go leith de thíortha éagsúla. A bhformhór mór gan chuireadh, gan iarraidh, gan fháilte.

Cad fáth nach n-aithnítear gurb iad an Maistín Mór iad, namhaid mhór na síochána, agus gur mar sin a bhí le fada?

Dá mbeifeá i do chónaí ar phláinéad éigin gan ainm amuigh ansin agus dá bhfeicfeá spáslong Mheiriceánach thréanlámhach ag teacht i do dháil le coiscéim bheag a leagadh ort, cad a dhéanfá?

Freagra gan aon mhodh coinníollach, le do thoil.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar