Dá mbrisfeá do chos uair éigin agus tú i do chónaí in aon tír nó fearann de chuid na hEorpa, abraimis, le linn na coda is mó den 19ú haois is é is dóichí gur fút féin nó faoi chnámhlia éigin le piocóid agus unga neantóg a bheadh lena leigheas. Scaoilimis tharainn an chuid eile den domhan, óir is ann a bhí an doircheacht agus an t-aineolas, nó sin a mhaítear.
Leis an linn chéanna, mura mbeifeá i do shagart, bhráthair naofa, bhean rialta nó de theaghlach airgid agus speilpe, is é is ródhócha go mbeifeá gan léamh ná scríobh nó gan teacht ar aon ionad léinn le do chuid neamhlitearthachta a scaipeadh.
Agus dá mbeifeá i do oibrí feirme nó sclábhaí monarchan nó scibhí tí mhóir nó chailín aimsire nó bhuachaill glanta simnéithe ag obair ar feadh ocht n-uaire chloig déag in aghaidh an lae is féidir a bheith sealbhaithe suite de nach mbeadh ceardchumann ann chun do chosanta ná dlí tíre chun do chearta a sheasamh.
Agus dá gceannófá muc i mála, nó dá mbuailfeadh neach an tsiopa bob ort, nó dá ndíolfaí burlap seachas síoda leat, is tú a bheadh thíos leis, óir níorbh ann do dhlí ná do riail a screadfadh éagóir.
RM Block
Sín amach do lámh, agus níorbh fhada ó shin an saol sin.
Táthar ag rá gur bua don sóisialachas é toghadh Zohran Mamdani in Nua-Eabhrac na Stát Aontaithe. Craitear an focal ‘sóisialachas’ sa chás sin go minic mar cheirt chun tairbh na heagla a mhúscailt. Mura mbeadh an sóisialachas bheadh páistí fós in airde i simnéithe na n-uasal ag slogadh súiche mar bhricfeasta agus cailíní beaga ag scuabadh leacracha an tí mhóir lena n-ingne da mbeadh an t-ádh leo mar mhalairt ar chríoch ar bith eile.
B’fhéidir nach sóisialachas ar fad faoi dear an feabhas míorúilteach atá tagtha ar bheatha an duine sa taobh seo den domhan – agus tá baill ann ina bhfuil an sclábhaíocht anois chomh hainnis is a bhí abhus san Eoraip tráth dá raibh – ach is é a bhí i lár an aonaigh. Is ea, bhí Críostaíocht ann, agus oird chráifeacha, agus daoine le croí maith mór, agus b’fhéidir fodhuine den aicme uasal a chonaic gurbh fhearrde é féin ach aos umhal níos oilte a bheith aige.
Ach níl aon amhras ná gur tháinig an tiomáint ar son coinníollacha i gcomhair beatha níos fearr ó dhaoine a shíl go raibh éagóir á déanamh orthu, agus gur chuir na daoine a bhí ina suí go te ina n-aghaidh go mór le gach inneall dá raibh acu. B’éigean na barúin agus an diúic agus na hiarlaí agus na biochúntaí agus na tsáir agus na ridirí agus na prionsaí agus na sabhdáin a chur de dhroim seoil sula gcloisfí an guth aníos, agus is iad na haicmí céanna atá ag cur in aghaidh ardú chaighdeán beatha anois ach amháin go bhfuil ainm éigin eile orthu.
Leiriú follasach soiléir oscailte amh thar amhras anonn ba ea feachtas toghchánaíochta Nua Eabhrac inar tháinig aicme an airgid amach lena mbilliúin dollar agus a mbréaga agus a gcuid giollaí sna meáin chun Mamdani a chloí. Is cuma nó fabhalscéal a bhí ann, fabhalscéal ar insint é ar gach aon toghchán gurb ann dó in áit ar bith. An té atá thuas déanfaidh sé gach dícheall ar a ionad a choimeád slán ina chaisleán nó ina bhábhún agus an té atá thíos a choinneáil lasmuigh nó as radharc sa draoib is sa bhrocamas. Uaireanta feiceann an dream a bhfuil an chos ar a muin an méid sin, cé gur rómhinic a shlogann siad deoch na n-uasal.
B’fhéidir, go díreach b’fhéidir, gur fhaonoscail Mamdani cuirtín beag ar fhíorchluiche na polaitíochta.

















