Tá an scéal amuigh go bhfuil turasóirí, inimircigh agus lucht dídean a lorg ag déanamh ionsaithe ar na fianna i bPáirc an Fhionnuisce. Iad á n-ionsaí ar son spóirt, nó uaireanta ag iarraidh a mbeanna a bhaint mar chuimhneacháin nó mar áis thochas droma, agus níos measa, na heilití a chrú toisc praghas an bhainne a bheith chomh hard.
Páirtí Náisiúnta an Trídhathaigh a scaip an scéal sin an lá cheana, agus mar sin, ní foláir nó tá sé fíor. B’fhéidir nach bhfuil ann, áfach, ach cleas eile a d’fhoghlaim siad ó pháirtithe frithdhaonna na heite deise thar lear, ar nós aimhleas gránna a bhaint as an mbratach náisiúnta mar chomhartha céad míle focáfála. Is lán-ait an íoróin a leanann seo, dream a thugann le fios go bhfuil grá acu don tír agus dár muintir agus gur ‘náisiúnaigh’ Éireannacha iad, ach a thógann a dtoisí agus a dtreoir ó na ciníochaigh is lofa i Sasana, an aicme sin a chuir fógraí ‘no blacks, no dogs, no Irish’ in airde le linn tréimhse nach bhfuil chomh fada sin ó shin.
Sa chás seo, áfach, caitheadh gur goideadh ó Sanae Takaichi, príomhaire nua na Seapáine an smaoineamh, óir ba dheacair dóibh aon smaoineamh dá gcuid féin a bheith acu. Cuireadh gaoth láidir faoina seolta an tseachtain cheana nuair a mhaígh sí go raibh turasóirí ag ciceáil agus ag gabháil dochair do na fianna dúchais. Samhlaítear na fianna i bPáirc Nara mar chomhartha tábhachtach náisiúnta agus mar sin, b’ionann ionsaí a dhéanamh orthu agus masla a thabhairt don tír.
Tuigeann amadán leathfhocal agus dá réir ba leor é a rá agus bhí an líomhain amuigh ansin i measc na mbréag eile. Nuair a lorgaíodh fianaise uaithi ba leor féachaint ina croí féin isteach agus bhí a fhios aici. Sa saol fadó bhíodh riachtanas áirithe fianaise a dhíth ach d’imigh sin agus tháinig seo. Fiafraíodh de na fianna an raibh turasóirí á gciceáil agus mhionnaigh siad go fiata nach raibh.
RM Block
Is amhlaidh gur príomhaire anois í agus na fadhbanna céanna ag an tSeapáin mar thír róshaibhir agus atá againn sa chuid ramhar seo den domhan. Tá boilsciú áirithe ar an mbia is bunúsaí agus tá an tríú cuid den daonra os cionn trí scór agus cúig mbliana d’aois. Seachas Monacó, ar milliúnaithe isteach ar luamhanna órchlúdaithe a phobal bunaithe, is í an tSeapáin an áit ar domhan a bhfuil an daonra is sine acu. Ní amháin sin ach tá líon an phobail ag dul síos 2,000 duine in aghaidh an lae, 900,000 gach bliain. In ainneoin suchi, sukiyaki, yakatori agus tofu tufáilte tá siad ag dul as, agus ní diaidh ar ndiaidh. Níl aon phobal eile ag críonadh chomh gasta leo. Tá ganntanas altraithe sna hospidéil agus easpa lucht oibre chun tithe a thógáil.
Cár airíomar é sin cheana?
Réiteach na milliún súil ba ea daoine a thabhairt isteach ón iasacht. Tar éis an tsaoil, má tá do dhúiche dhúchais ag dul síos sa pholl slogaide ceal daoine, cad eile a dhéanfá? Ach ní hé an cine geal Eorpach an t-aon dream a bhfuil an fuath acu do dhaoine nach bhfuil an dath céanna craicinn orthu. Tá ginte i gcúinne de chultúr na Seapánach, leis, go bhfuil maitheas speisialta iontu ó dhia nó ón impire nach bhfuil ag ciníocha eile.
Tharraing SanaeTakaichi an cárta ciníoch amach as a cimeonó agus b’é a chuir ina suí go te í. Cárta simplí don aigne shaonta é. Má tá rud éigin bunioscionn leis an tír, leis an aicme ar de tú, leis an rialtas, cuirtear an milleán ar dhaoine isteach.
Ní hiad is freagrach, mar a gheobhaidh Nigel Farage amach nuair a thiocfaidh sé i gceannas a ríochta.

















