Ag scrolláil linn

Cad air go mbíonn na daoine seo ag féachaint?

"Cad í an ghaois atá i bhfolach laistiar den ghloine a bhfuil an chuid eile againn dall air?" Grianghraf: iStock/Getty
"Cad í an ghaois atá i bhfolach laistiar den ghloine a bhfuil an chuid eile againn dall air?" Grianghraf: iStock/Getty

Tharla go raibh mé i bpáirc siamsaíochta le déanaí agus gariníon liom á luascadh ar luascán agam, mar cad eile a dhéanfaí léi? In aice liom bhí máthair óg agus cailín léi siúd ar an luascán béal rópa. Lámh amháin aici ar a hiníon, an lámh eile ar a teileafóin. Í ag scrolláil léi ar a dícheall le líofacht ordóige ar scil ann féin í. Súil níor leag sí ar an gcailín ach í i mbun diamhracht an scáileáin, beag beann ar aon rud eile ina timpeall.

Ag dul trasna an trasrian síogach níos déanaí ghabh beirt tharam soir agus siar ag glinniúint ar scáileáin. Ar an gcasán ina dhiaidh sin ba dhóbair do dhuine bualadh lom lem chliabh agus é ag siúl na slí, teileafón in airde lena straois.

Cad air go mbíonn na daoine seo ag féachaint? Tuigim más gá scéala a chur, nó téacs a fhreagairt, nó glao a dhéanamh, ach cad a bhíonn á scrolláil ó mhaidin go hoíche, ar shráid is ar thrá, ar eitleáin, ar thraenacha, ar rothair, i mbialanna, sa phub, ag caint le daoine eile, ag baint an fhéir, ag feitheamh le bus, ag réiteach cupán tae, ar leaba obráide…? Cad í an ghaois atá i bhfolach laistiar den ghloine a bhfuil an chuid eile againn dall air?

Tuigim más gá scéala a chur, nó téacs a fhreagairt, nó glao a dhéanamh, ach cad a bhíonn á scrolláil ó mhaidin go hoíche...

Mar stuacán réamhstairiúil nach gcleachtann Exe, Bluesky, Mastadon ná Truth Social níl de thaithí agamsa ach a dtagann aníos ar mo scáileán ríomhaire agus ríomhphoist gan chuireadh gan iarraidh gan fáilte. Gan dul níos sia, is fairsing an scudal agus an dramhaíl é.

Laistigh de chúpla lá fuaireas amach gur gairid uainn an turas eitleáin is faide fós, fad 29 n-uaire go léir, go raibh a tríú leanbh ag Rihanna agus ag ASAP Rocky agus go bhfuil a lucht leanúna ag dul as a meabhair le háthas, go bhfuil aighneas éigin ar bun idir Brooklyn Beckham agus David agus Victoria a nglacaim leis gurb iad a thuismitheoirí iad, gur lig Meghan McCain (iníon John McCain, an buamálaí Meiriceánach ar shábháil arm Vítneam é ar a bheith sractha as a chéile ag na daoine a raibh sé ag ligean buamaí anuas orthu) racht in aghaidh Violet Affleck mar gheall ar rud éigin nár lean mé siar, go raibh sioscadh éigin ar na meáin mar gheall ar mhála láimhe Mharia Steen a raibh dath gorm agus cuma an airgid air, gur scaoil Jacinta Nampijinpa Price óráid theasaí uaithi mar gheall ar luachanna ‘coimeádacha’ san Astráil a rabhthas ag caint faoi ar feadh cúpla nóiméad, go dtig le bainne an Yak galair nach eol dúinn a leigheas ach é a ól faoi sholas na gealaí, gur chaith Mark Chattenburg bróg peile le Jose Mourinho uair éigin ach ní cuimhin liom ar buaileadh a chloigeann, go bhfuil iasc in uiscí na hAmasóine a bhfuil dath geansaí peile Cheatharlaigh air, go bhfuil stílí faisin Éireannach éigin laistiar de leagan amach na WAGanna ag Corn Ryder i mbliana, go bhfuil réalta roc cáiliúil mar dheartháir ag Richard Osman nár airíomar pioc faoi, go bhfuil an grúpa COS ag seoladh cúráin nua fíor-chic ar an tsráid ard go luath, nach bhfuil aon sínteán mar do shínteán féin agus gur Caitliceach is ea an Pápa (seo).

An méid sin ar fad gan taighde ar bith. Tháinig chun lic an scáileáin chugam gan phian, gan phurgóid.

Is í an fhadhb i gcónaí, áfach, ná cad is brí leis an eolas fíorluachmhar seo ar fad a bhíonn ag gabháil tharainn go mear mar scamaill faoi shéideán bruithne? Cad a thabharfaidh comhthéacs dó agus a dhéanfaidh aoireacht air isteach i gcró éigin tuisceana nach sifíní sa ghaoth amháin iad?

Déanfad an freagra a scrolláil, gan amhras.