Dúnmharú agus dúnmharú eile

Toisc nárbh eol dom cérbh é agus cad a dúirt sé chromas ar é a lorg ar an idirlíon.

Charlie Kirk a dúnmharaíodh in Phoenix, Arizona. Grianghraf: Joe Raedle/Getty Images
Charlie Kirk a dúnmharaíodh in Phoenix, Arizona. Grianghraf: Joe Raedle/Getty Images

Tá sé deacair a chreidiúint nár airíos riamh teacht thar Charlie Kirk go dtí gur dúnmharaíodh é. B’fhéidir gur léiriú é sin chomh mór is a bhfuilim i leataoibh na slí maidir leis na meáin shóisialta agus chomh fada ó shúile na bpobal arb é an scáileán a n-arán laethúil. Ligim orm go bhfuil eolas maith agam ar a bhfuil ar siúl sa domhan mór fad a ritheann, léim na nuachtáin mhóra abhus, déanaim iarracht nithe a leanúint ar Al Jazeera, ar Africanews, ar WION agus ar shuímh eile. Ach táim dall ar an nimh a scaoileann cuid de na láithreáin lofa amach agus a bhfuil an iomad daoine ina bpríosúnaigh ag a gcuid algartam go buan.

Is mó sin dúnmharú nó iarracht ar dhúnmharú a déanadh ar mhaithe Mheiriceá go fiú lenár linn féin.

Toisc nárbh eol dom cérbh é agus cad a dúirt sé chromas ar é a lorg ar an idirlíon. Níorbh fhada sa taighde dom nuair a thánaig mé ar liosta de nithe a dúirt sé. Bím faichilleach ina dtaobh siúd i gcónaí toisc go dtugtar gan chomhthéacs iad nó ní léir cad é an tuin cainte inar scaoileadh ón mbéal iad. Tharlódh gur greann nó íoróin a bheadh ann nó gur saighdeadh duine le teann argóna. Ach i lár na gcuardach dom tháinig gabh-i-leith isteach chugam, ‘B’fhéidir gur mhaith leat an méid seo a léamh ó Bhenjamin Netanyahu’! Ba dhóbair don tae glas teacht reoite im scornach. Ina dhiaidh sin sraith dá réir do mo mholadh dul ceangailte le suímh níos binbí ná a chéile. Is é sin, ba léir dom de bharr mo chuid saontachta, má leanann tú neach amháin go dtiocfaidh neachanna eile dá shamhail isteach i do líon.

B’é an dioscúrsa timpeall air a phrioc mé ina dhiaidh sin, áfach. B’fhéidir nach bhfónann caolchúis sa ghnó seo, óir is beag caolchúis a ligtear isteach nuair is simplíocht bhaoth le trumpa (agus le Trumpa) atá i gceannas.

Mar sin féin, mura bhfuil breall orm (arís) déarfainn nach mbeinn iomrallach dá ndéarfainn gur thug Charlie Kirk le fios, ar an morchóir, trí chéile, arna thógáil sa tslánchruinne, san fhairsingeacht leathan gur cheart amhras áirithe a bheith ann maidir le cumas daoine gorma agus amhras níos mó fós mar gheall ar dhaoine as tír isteach, is é sin le rá, cogar seo linn … inimircigh.

Tá íoróin gharbh ghránna ann gur lámhachadh é agus é ag caint ar an dlí fíorMheiriceánach úd maidir le cead iompar gunna ag neach agus ag naíonán. Ach leantar an fhianaise, sa mhéid is gur fiú fianaise faic i gcás claonta seanbhunaithe.

Is mó sin dúnmharú nó iarracht ar dhúnmharú a déanadh ar mhaithe Mheiriceá go fiú lenár linn féin. Ceart go leor, b’fhéidir nach le do linnse a maraíodh John F. Kennedy ach tá daoine nach bhfuil iomlán creapailte ar cuimhin leo an uair is an uain nuair a tharla. Lee Harvey Oswald! Gabhann a ainm ag sonadh trí na blianta. Fear, bundúchasach de chuid na tíre, gealchraicneach.

Agus an iarracht a déanadh ar Ronald Reagan. John Hinckley Jn, fear, dúchasach de chuid na tíre, rugadh agus tógadh, gealchraicneach. Poblachtánach fiú.

Agus an t-urchar a caitheadh le Trump le linn na toghchánaíochta. Thomas Matthew Crooks, fear, dúchasach de chuid na tíre, rugadh agus tógadh, gealchraicneach. Poblachtánach eile.

Agus an dara hiarracht le linn dó a bheith ag imirt gailf. Ryan Wesley Routh fear, dúchasach de chuid na tíre rugadh agus tógadh, gealchraicneach.

Agus de chúlra Críostaí iad ar fad chomh maith.

Am baiste! Níl aon chuma air go bhfuil na hamhrasáin chraiceanndhaite aneas ná anoir ag iarraidh uachtaráin na Stát a dhúnmharú.

Ach an oiread le hAnders Breivik san Iorua nó Brenton Tarrant sa Nua-Shéalainn dhealródh gur taobh istigh atá an namhaid.

B’fhéidir sa chroí féin.