An fear fada

Casadh Dev orm faoi dhó.

Éamon de Valera. Grianghraph: Hulton Archive
Éamon de Valera. Grianghraph: Hulton Archive

Tá an fear fada, Éamon de Valera, leathchéad bliain san úir. Mo thrua, mo thubaist, mo threighid, mo bhrón, mo chumha, nó a mhalairt timpeall. Táthar fós ag iarraidh breith air, nó ag iarraidh breith suas leis.

B’é an sliúdrálaí féin Lloyd George a dúirt nach raibh de shamhail aige air ach a bheith ag iarraidh airgead bheo a phiocadh suas le gabhlóg. Airgead beo is ea a oidhreacht ó shin agus ní holc in aon chor é a mheas mar mheá tomhais maidir le luachanna stáit an lae inniu.

Cérbh é ina chroí istigh, ina dhrólainn nocht, nuair a bhí sé ina aonar sa leaba istoíche? Cad í an draíocht a d’imir sé ar phobal na tíre ar feadh, mar a cheaptar anois, na céadta bliain? Cén sórt duine a bhí ann dá gcasfaí leat é i dtigh an tabhairne, nó ag siúl na mbánta, nó in aice leat ar thuras eitleáin go dtí Béising? Ní móide gurbh é ba thúisce a bhainfeadh gáire ramsach as an gcomhluadar, dar leis an saol, ach ina dhiaidh sin, cén polaiteoir gur pota gáire é nó í an lá is neamhghruama dóibh?

Mar sin, is ina dhiaidh sin, agus ar a shála sin, caithfead m’fhaoistin féin a dhéanamh. Casadh Dev orm faoi dhó. Níos fearr ná sin, bhí comhrá agus caint agam leis dhá uair ar dhá uair níos mó é ná formhór na dtráchtairí a bhíonn ag bladar leo ina thaobh. Tá aon rud cinnte thar amhras anonn, áfach, agus is é sin nárbh aon Dev an Dev a léiríodh sa scannán Michael Collins de réir scoth aisteoireachta Alan Rickman.

Mar sin, chugainn an eiriceacht.

Nuair a bhíos im mhac léinn múinteoireachta i gColáiste Phádraig, Droim Conrach sa bhliain 1966, ráinig go raibh forgnimh nua á n-oscailt agus go raibh maithe agus mionuaisle na tíre ag teacht chun iad a bhaisteadh. Thit an crann ar roinnt mic léinn, mé féin ina measc, casadh leo, mar a bhí an Taoiseach Jack Lynch, an tAire Oideachais Donagh O’Malley, an tArdeaspag McQuaid agus Dev é féin.

D’inis McQuaid jóc dúinn, ach tharla go raibh an sprioclíne sa Ghréigis, agus nach raibh Gréigis againne mar a bhí ag buachaillí na Carraige Duibhe, níor dheineamar gáire go dtí gur gháir sé féin. Píosa adhmaid ba ea an Loingseach nach raibh róshásta nuair a thugas péac faoin bhfoireann ghránna Glen Rovers a mbíodh sé ag imirt leo. Bhí Ó Máille lomlán den leaidíocht ba dhual dó, ach b’oscailt súl ar fad é Dev. Bhí gáire ann, agus greann, agus loinnir ina shúile agus é sásta focail a scoilteadh is a imirt le scata bligeard chomh deisbhéalach is a shíleadar iad féin a bheith.

Ba shuimiúla fós an dara hagallamh. Bhí scata againn ag dul chun teagaisc san Afraic agus scríobhamar chuige á rá go rabhamar ag triall ar na misin agus ba mhór againn dá gcasfadh sé linn. Ní dúramar go raibh eagla orainn nach mbeadh sé ann nuair a d’fhillfimis, ach bhí an drochintinn sin ag duine nó dís.

Deonadh an t-agallamh, agus bhailíomar linn go dtí an tÁras. Is fíor go raibh duine dár gcomplacht a raibh méara líofa aige agus thóg sé luaithreadán de chuid an tí ar iasacht ina phóca thíos, ach ar éigean go gcuirfear an dlí air anois.

Mar a bhí cheana, bhí arís. Dev ag caint leis go binn ar a shaol féin agus fiú ag léiriú suime sna leábharaicí a bhí os a chomhair. Bhí greann, gleoiréis, léaspairtíocht agus féinmhagadh sa chomhrá a mhair leathuair an chloig.

Rian ar bith ní raibh den duine dúr dúnta stalctha pusghruama a léirítear go minic sa saol poiblí.

Agus níorbh aon taibhrithe iad sin.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar