Is mó sin eachtra chinniúnach a chuir cor i stair an duine agus an domhain. An chéad neach a tháinig ar chleas chun tine a lasadh, mar shampla, nó an chéad bhoc a smaoinigh ar conas scríobh a dhéanamh den chaint faoi theas na gréine sa Mheaspatáim. Caithfear an 6ú Lúnasa 1945 a chur leis na heachtraí cinniúnacha sin nuair a leag aerfhórsa na Stát Aontaithe a ‘bhuachaill ramhar’ ón Enola Gay anuas ar an 255,000 anam a bhí ag múscailt agus an coileach ag fógairt an lae i gcathair úd Hiroshima.
Níorbh aon iontas é go ndúirt Eoghan Ó Tuairisc gurbh é sin an lá nuair a léirigh an cine mídhaonna go bhféadfadh sé cur as dó féin agus don bheatha siar amach. Scríobh sé dhá dhán fhada ina thaobh, ‘Aifreann na Marbh’ agus ‘The Weekend of Dermot and Grace’ ag iarraidh cruth éigin ealaíonta a chur ar eachtra nach mór do-inste.
Is mó sin scannán agus úrscéal atá breactha ó shin mar gheall ar iarmhairt cogaidh núicléach, agus tharlódh go mbeadh ‘The Road’ le Cormac McCarthy, nó ‘Cat’s Cradle’ le Kurt Vonnegut léite ag fodhuine amuigh ansin. Is é oighear diachrach an scéil go bhfuil gach leabhar dá shórt ródhóchasach ar fad, mar is amhlaidh go dtagtar slán.
D’imigh cuimhne cheithre scór bliain an uafáis sin tharainn ciúin go leor Dé Céadaoin seo caite. Cúpla alt neamhdhíobhálach anseo is ansiúd, coinnle lasta thall is abhus, focail mheala agus briathra buartha. Ach ba dhóigh leat go bhfuil guthanna údarásacha amuigh ansin atá ag fáiltiú roimh an sleamhnú mall chun an áir, an ghluaiseacht de réir a chéile, an mealladh mín chun sinn a chur faoi réir dá bhfuil i ndán dúinn.
Nuair a bhris an chéad chogadh mór barbartha amach dúirt an scríbhneoir mór Gearmánach Thomas Mann: ‘Domhan seo na síochána, an domhan seo atá tite as a chéile le búirtheach thoirní – nach raibh ár ndóthain ar fad againn de? Nach raibh sé bréan lena chuid compoird? Nár ábharaigh sé agus nár chuir sé boladh morgtha amach le lofacht na sibhialtachta?’
Braithim go bhfuil aos mar sin ann anois, aos atá ag tabhairt Gaza dúinn go laethúil agus gur cuma leo.
Is ar inn ar éigean gur thángamar slán ón apacailipsis cúpla uair ó fheoil-loscadh Hiroshima agus Nagasaki i leith. Cúig chriú a raibh airm núicléacha réidh ullamh i gcónaí a bhí ag na Stáit Aontaithe le linn chogadh na Cóiré, agus bagraíodh a n-úsáid mura ndéanfaí síocháin.
Dúirt an daonnaí mór úd Jimmy Carter go mbeadh sé toilteanach leas na himpireachta aige féin a chosaint ‘le gach áis atá againn’ sa bhliain 1980, é ag trácht ar ola Mhurascaill na Peirse go ró-áirithe. Tuigtear cad tá i gceist leis an bhfrása, ‘le gach áis atá againn.’
Foclaíocht den saghas céanna a d’úsáid Iosrael in aghaidh Iaráic Shaddam Hussein in 1990, agus sa bhliain 2006 bhí nath as an bpoll céanna ó bhéal Jacques Chirac i gcoinne stáit ar bith a d’ionsódh an Fhrainc trí sceimhlitheoirí. Dhiúltaigh cipe cogaidh rialtas na Breataine airm núicléacha a úsáid i gcogadh na Fáclainne, ach bhí 30 buama núicléach doimhneachta acu ag seoladh timpeall an Atlantaigh ó dheas ag an am céanna. Agus ó sea gan amhras géarchéim Chúba, agus níl aon seachtain dá dtagann nach nath leis an Rúis púca an arrachtaigh a mhúscailt.
Is é is uafásaí faoi seo nach raibh i mbuama Hiroshima ach tachrán linbh, abhac leipreacháin, draoidín bídeach suas in anuas lena bhfuil ar fáil inniu. Níos measa fós, smaoinítear ar an dornán fíorbheag daoine, agus a gcineál, a bhfuil a méara ar na cnaipí acu seachas an ocht mbilliún eile againn.
Ina dhiaidh sin, ná smaoinigh.