Tá an Comhordaitheoir ar Thithe Folmha sa Ghaeltacht tar éis a rá go bhfuil sé níos deacra dó dualgais an róil a chomhlíonadh de bharr nach bhfuil foráil ar bith don Ghaeltacht mar chuid de Scéim Deontais an Rialtais do Réadmhaoin Fholamh.
D’fhógair Údarás na Gaeltachta gur ceapadh Colm Mac Eachmharcaigh i ról an Chomhordaitheora mí Eanáir na bliana seo agus dúradh go raibh sé mar aidhm aige “tithe a líonadh, deiseanna a aimsiú, agus uimhreacha a mhéadú sa Ghaeltacht” de réir mar a bhain sé le tithe folmha.
Mar sin féin, sa dá scéim tacaíochta a bhí luaite i bhfógra an Údaráis i dtaca le hathchóiriú tithe folmha - Croí Cónaithe agus an Deontas Athchóirithe Réadmhaoine Folaimh - ní raibh foráil ar bith ann do chúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht.
Agus é ag labhairt le Scéal, dúirt Mac Eachmharcaigh go raibh sé níos deacra dó a phost, atá dírithe ar an nGaeltacht amháin, a dhéanamh in éagmais foráil ná scéim shonrach ar bith a bheith ann.
RM Block
“Tá mo phost níos deacra de bharr nach bhfuil rud breise ann,” a dúirt sé.
“Is trua nach bhfuil deontas breise ar fáil do mhuintir na Gaeltachta ná do chainteoirí Gaeilge faoi láthair.”
I measc na ndualgas agus na spriocanna atá luaite i bplean oibre an Chomhordaitheora, caithfidh sé “eolas a scaipeadh faoi na buntáistí a bhaineann le tithe folmha a úsáid arís”, agus “feachtais le heagraíochtaí forbartha pobail” a eagrú.
Dúirt Mac Eachmharcaigh, agus cur síos á dhéanamh aige féin ar dhualgais an róil: “Grúpaí pobail a spreagadh, an scéal a scaipeadh agus úinéirí tí a spreagadh i ngach ceantar Gaeltachta, agus an t-eolas seo faoi na deontais seo a chur ar fáil dóibh: Sin é don chuid is mó. Bíonn rudaí eile ag tarlú ach don chuid is mó sin é.”
Tá an Scéim Deontais do Réadmhaoin Fholamh tar éis cáineadh a tharraingt ón ngrúpa feachtais tithíochta Bánú, a deir go bhfuil imní orthu go n-ardódh sé an praghas atá ar thithe agus go spreagfadh sé daoine nach as an nGaeltacht iad chun tithe a cheannach ann, ar oileáin Ghaeltachta go háirithe.
Molann an grúpa gur cheart coinníoll teanga a bheith ag baint leis an scéim seo i gcás tithe sa Ghaeltacht.
Faoin scéim, is féidir le húinéirí tí suas le €50,000 a fháil chun athchóiriú a dhéanamh ar theach folamh, agus is féidir suas le €20,000 sa bhreis a fháil más rud é nach bhfuil an teach slán ó thaobh struchtúir de.
Mar sin féin, is féidir le húinéirí tí ar oileáin nach bhfuil ceangailte leis an mórthír le droichead ná le tóchar, suas le €60,000 a fháil, nó €84,000 má tá struchtúr an tí contúirteach.
Mar fhreagra ar an imní a léirigh Bánú, dúirt Colm Mac Eachmharcaigh gur thuig sé nach raibh coinníoll teanga ag baint leis an scéim ach gur thug sé spreagadh d’úinéirí tithe folmha a chur ar an margadh.
“Tá sé tábhachtach go bhfuil níos mó tithe le fáil sna ceantair. Agus dá mbeadh, abair, 300 teach folamh ar ais in úsáid i gCois Fharraige, sin 300 teach nach raibh ann cúpla bliain ó shin,” a dúirt sé.
“Tuigim nach bhfuil aon choinníoll [teanga] leis an deontas nó mar sin. D’fhéadfadh daoine gan Ghaeilge iad a cheannach, iad a athchóiriú agus bogadh isteach.
“Ach don chuid is mó, an chaoi a bhfuil sé ag tarlú ná go bhfuil, b’fhéidir, seanteach ag daoine agus b’fhéidir go bhfuil mac nó iníon an teaghlaigh sin ag déanamh athchóiriú air sin.”
Dúirt Mac Eachmharcaigh freisin nach bhfuil Údarás na Gaeltachta tar éis é a chur ar an eolas faoi shonra ar bith a bhaineann leis an bplean tithíochta atá á dhréachtú acu.
“Tá post faoi leith agam. Tá mé fostaithe ag Comhairle Contae Mhaigh Eo. Bímse ag obair lámh le lámh leis an Údarás amanntaí, ach níl mé ar an eolas faoin bplean,” a mhínigh sé.
Tá an ról seo á mhaoiniú ag an Údarás i gcomhpháirtíocht le Comhairle Contae Mhaigh Eo, agus cé go bhfuil an té atá sa phost seo fostaithe go hoifigiúil ag an gcomhairle contae, is le gach ceantar Gaeltachta a bhaineann an ról.
Reáchtáladh cruinniú eolais níos túisce sa mhí i gConamara faoi na scéimeanna a bhaineann le tithe folmha, agus bhí Mac Eachmharcaigh ina aoichainteoir ann in éindí le Michelle Connellan, atá ina hOifigeach Tithe Folmha de chuid Chomhairle Chontae na Gaillimhe.
Agus í ag labhairt ag an gcruinniú, dheimhnigh Connellan nach raibh fáil ag údarás poiblí ar bith ar mheastachán ná ar staidéar chun an éifeacht a bhí ag an scéim ar an margadh tithíochta a mheas - bíodh sé sin sa Ghaeltacht nó ar fud na tíre.
Cuireadh ceist ar Údarás na Gaeltachta faoin bhfáth nach raibh siad tar éis Mac Eachmharcaigh a chur ar an eolas faoi shonraí an Phlean Tithíochta atá á dhréachtú acu.
Dúirt urlabhraí: “Tá sé tugtha le fios ag Aire na Gaeltachta agus ag Roinn na Gaeltachta go bhfuil ról tánaisteach ag Údarás na Gaeltachta maidir le tithíocht sa Ghaeltacht.”
“Chuige sin…tá taighde déanta agus á dhéanamh ag Údarás na Gaeltachta, tá an tÚdarás ag cur le heolas an phobail faoi na scéimeanna reatha atá i bhfeidhm - agus tá ról lárnach ag an gComhordaitheoir Tithe Folmha san obair sin.
“Tá Údarás na Gaeltachta ag obair leis na húdaráis áitiúla ar an dornán suíomhanna ar thalamh an Údaráis atá oiriúnach le haghaidh tithíochta. Ar cheann acu siúd, tá suíomh i nGaoth Dobhair a bhfuil léirithe spéise faighte ag Údarás na Gaeltachta [ina leith] agus tá obair ar bun leis na páirtithe sin faoi láthair ag féachaint i dtreo cead pleanála [a fháil] taobh le Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair.”
Foclóir:
easnaimh = deficiencies
shortcomings
foráil = provision
praghas = price
comhordaitheoir = coordinator
tóchar = causeway
droichead = bridge










