Ní i gcónaí gur féidir athrú a phleanáil, is minice a thagann athruithe go tobann agus ní mór a bheith réidh nuair a tharlaíonn siad.
Mura dtiocfaidh aon iontas mór aniar aduaidh ar Pháirtí an Lucht Oibre in Westminster, is é Andy Burnham an chéad duine eile a bheidh ina Phríomh-Aire ar an Ríocht Aontaithe, am éigin le linn an tsamhraidh is dócha.
Mar gheall air seo, is é is dóichí go mbeidh olltoghcháin sa Bhreatain níos luaithe ná mar a ceapadh. Cé nach gá do Burnham olltoghchán a ghairm nuair a thosóidh sé sa ról, ba mhinic a rinne Páirtí an Lucht Oibre agus go leor eile cáineadh láidir ar an Pháirtí Coimeádach mar gheall ar aistrithe cumhachta ó dhuine go duine gan mandáid athnuaite ón phobal sna blianta roimh an olltoghchán deireanach.
Cé go dtiocfadh leis seo a bheith ina dea-scéala do Nigel Farage agus do Reform, tá fadhbanna ag teacht aníos go leanúnach dóibh siúd le déanaí. Baineann na deacrachtaí seo le ceisteanna maidir le £5 mhilliún a tugadh do Farage go pearsanta ó fhear gnó, agus tá ceisteanna ann i gcónaí mar gheall ar pholasaithe agus iarrthóirí an pháirtí. Mar sin de, níl an tsúilíocht chomh láidir agus a bhí go dtiocfadh leo cumhacht a bhaint amach ag an chéad olltoghchán eile, in ainneoin na bpobalbhreitheanna a foilsíodh le tamall anuas.
RM Block
Sin ráite, tá seans fós ann. Anois, beidh an seachtú Príomh-Aire ag an Ríocht Aontaithe laistigh de dheich mbliana, an tréimhse chéanna ó bhí reifreann mar gheall ar an Bhreatimeacht agus an colscaradh casta ciotach a tháinig ina diaidh.

Is é an t-aon chinnteacht atá in Westminster faoi láthair ná go bhfuil tuilleadh athruithe le teacht, agus gur fíorbheag an tionchar a bheidh ag muintir na sé chontae ar cad é mar a thitfidh na hathruithe sin amach.
Is sa chomhthéacs seo a d’eagraigh an SDLP comhdháil i mBéal Feirste ar thodhchaí na n-oileán seo an tseachtain seo caite. Labhair ionadaithe ann ó chuid mhór de na páirtithe polaitíochta ar an oileán seo, chomh maith le hiar-Chéad-Aire na Breataine Bige Mark Drakeford, agus, ó Albain, MSP agus an tAire Eorpach agus Gnóthaí Eachtracha Stephen Gethins.
Léiriú ríshoiléir a bhí sa chomhdháil go bhfuil an comhrá i dtaca le neamhspleáchas agus tuilleadh cumhachtaí ag leathnú agus ag doimhniú i mbéal an phobail, agus go bhfuil cuid den spreagadh taobh thiar den phlé seo ag teacht ón éiginnteacht in Westminster.
Ar an lámh eile, d’fhéadfadh athrú iomlán a bheith ar an scéal dá mbeadh Nigel Farage i gcumhacht agus an náisiúnachas Sasanach i lár an aonaigh.
Labhraíonn Burnham faoin tábhacht a bhaineann lena cheantar féin, Manchain, cuid mhór agus tá an-dúil aige i ndílárú na cumhachta. Ag an chomhdháil, tháinig an struchtúr leochaileach atá i gCnoc an Anfa aníos go minic, chomh maith leis na féidearthachtaí go mbeadh Burnham in ann cur leis na cumhachtaí agus leis an ról a bheadh ag institiúidí dealbhóide i dTuaisceart na hÉireann, sa Bhreatain Beag agus in Albain le chéile.
Ar an lámh eile, d’fhéadfadh athrú iomlán a bheith ar an scéal dá mbeadh Nigel Farage i gcumhacht agus an náisiúnachas Sasanach i lár an aonaigh. Ní fios cén tionchar a d’imreodh sin ar Chnoc an Anfa, ach is féidir a rá go mbeadh an Tuaisceart ag bun liosta tosaíochtaí ar bith a bheadh aige.
Maidir le ról Rialtas na hÉireann sa phlé seo, dúirt an tAire Dlí Jim O’Callaghan gur chóir don chéad rialtas eile pleanáil a dhéanamh i dtreo athaontú an oileáin agus tabhairt faoin réamhobair chun na socruithe cuí a oibriú amach. Léirigh sé tacaíocht chomh maith don obair reatha atá ag tarlú mar chuid den tionscadal Oileán Comhroinnte agus, mar dhuine atá ainmnithe mar chomharba féideartha ar Mhícheál Martin mar cheannasaí Fhianna Fáil, seans go mbeidh cur chuige níos réamhghníomhaí ag an pháirtí ar an cheist amach anseo. Idir seo agus an fhógart a rinne Fine Gael le déanaí go bhfoilseofar treoirphlean ar athaontú na hÉireann i mí na Samhna, is féidir a bheith ag dúil le go leor guthanna ag teacht le chéile le labhairt faoi na ceisteanna seo agus le bealach chun tosaigh a oibriú amach.
Ach fiú istigh sa chomhrá, tá éiginnteacht ann agus lón machnaimh dóibh siúd a bhí páirteach ar an lá. Ag labhairt dó ag an ócáid, mhínigh an t-iar-Sheanadóir Ian Marshall nach leor na fadhbanna agus na deacrachtaí a bhaineann leis an socrú reatha bunreachtúil a aithint. Dar leis, dá mbeadh náisiúnaithe dáiríre faoi aontachtóirí a mhealladh isteach chuig an chomhrá mar gheall ar an todhchaí, gur chóir plé a dhéanamh le meon oscailte faoi na féidearthachtaí eile chomh maith agus gur cheart béim a leagan ar na buntáistí a bhaineann le gach rogha.
Labhair dílseoir óg, Joel Keys, ag an chomhdháil faoin dearcadh a bhí aige féin. Dúirt sé nach fíor go bhfuil an díospóireacht faoi thodhchaí na n-oileán seo roinnte idir daoine ar mhaith leo athrú a fheiceáil agus daoine nár mhaith, ach go bhfuil cuid mhór daoine ag iarraidh athruithe a fheiceáil. Is é an difear ollmhór ná an cineál athrú atá ó dhaoine.
Níl aon amhras ach gur iarracht iad na comhráite agus an phleanáil tionchar de shaghas éigin a imirt ar an bhealach a dtitfidh cúrsaí amach sna blianta atá romhainn. Ní fios go fóill cad é an chéad athrú eile a thiocfaidh aniar aduaidh ar aos polaitiúil na n-oileán seo, ach ní haon dochar é plean a chur le chéile.
Foclóir
mandáid athnuaite = renewed mandate
pobalbhreitheanna = opinion polls
dílárú = decentralisation
leochaileach = fragile/vulnerable
dealbhóide = devolved
réamhghníomhaí = proactive
treoirphlean = roadmap/guiding plan
mealladh = to entice/attract

















