Eispéireas campa samhraidh do dhéagóirí na Gaeltachta

Thall is Abhus: cúrsaí samhraidh Gaeltachta; leabhair le léamh cois linne; staonadh ón fheoil agus Spotsolas ar Ealaíontóir Éireannach – SexyTadhg

Bíonn na cúrsaí samhraidh Gaeltachta mar chuid lárnach den aistear teanga ag na mílte déagóirí gach bliain
Bíonn na cúrsaí samhraidh Gaeltachta mar chuid lárnach den aistear teanga ag na mílte déagóirí gach bliain

Bíonn na cúrsaí samhraidh Gaeltachta mar chuid lárnach den aistear teanga ag na mílte déagóirí gach bliain. Ag smaoineamh siar ar na laethanta órga a chaith mé féin sa Ghaeltacht nuair a bhí mé óg, is doiligh cur síos a dhéanamh ar an tionchar a bhí ag an eispéireas sin ní hamháin ar mo chuid Gaeilge ach orm mar dhuine fosta. Thagainn abhaile ag deireadh gach samhraidh le slua mór cairde nua agus le neamhspleáchas agus muinín ar leith nach raibh agam sula dtugainn faoin chúrsa.

Deis ar dóigh atá sa chúrsa ‘Aistear na nGael’ do dhaoine óga fud fad na hÉireann seachtain a chaitheamh i gcuideachta a chéile i mbun imeachtaí spóirt agus cultúir. Murab ionann agus gnáthchúrsa samhraidh, áfach, tá an cúrsa seo dírithe ar dhéagóirí Gaeltachta a bhfuil an Ghaeilge mar chéad teanga acu cheana féin – rud a chiallaíonn nach mbíonn ranganna foirmiúla teanga mar chuid den chúrsa ar chor ar bith.

Fanann na scoláirí le mná tí agus glacann siad páirt in imeachtaí éagsúla cosúil le turas báid, campáil, ióga agus peil i rith na seachtaine. Tugtar deis dóibh aithne agus eolas a chur ar a chéile agus ar chanúintí a chéile, deis nach mbíonn ag daoine óga Gaeltachta go rómhinic, ar mhaithe le “féiniúlacht Ghaeltachta agus mórtas teanga, áite agus pobail a chothú”.

Beidh cúrsa na bliana seo ar siúl i gColáiste na nOileán i gcroílár Ghaeltacht Chonamara idir 9-16 Lúnasa 2026. Seol ríomhphost chuig ruadhancnn@gmail.com le spéis a léiriú.

Má tá tú sa tóir ar leabhar den scoth le léamh cois linne nó cois tine an samhradh seo, is breá an rogha atá ar fáil
Má tá tú sa tóir ar leabhar den scoth le léamh cois linne nó cois tine an samhradh seo, is breá an rogha atá ar fáil

Sa tóir ar leabharthaí le léamh cois linne?

Nach deas an pléisiúr é a bheith sínte amach faoin ghrian agus leabhar maith i do lámh agat (agus gloine fíona sa lámh eile, achan seans)!

Má tá tú sa tóir ar leabhar den scoth le léamh cois linne nó cois tine an samhradh seo, is breá an rogha atá ar fáil ón Siopa Leabhar de chuid Chonradh na Gaeilge. Tá fíorshiopa acu ar Shráid Camden i mBaile Átha Cliath, áit ar féidir bualadh isteach ann idir 10-5 ó Luan go Satharn, agus siopa den chéad scoth ar líne acu fosta.

Úrscéalta, gearrscéalta, leabhair d’fhoghlaimeoirí, irisí – níl mórán nach bhfuil ar fáil ag an Siopa Leabhar i ndáiríre. Tá scagaire ar an suíomh gréasáin le cuidiú leat teacht ar an leabhar is fearr duit féin, agus is féidir é a úsáid leis na leabharthaí a scagadh de réir seánra nó de réir canúintí chomh maith.

Buail isteach chuig an Siopa Leabhar ag 66 Sráid Camden Íochtarach, Baile Átha Cliath 2, D02 X201, nó thig leat dul ag brabhsáil ar líne ar siopaleabhar.com.

Fanann go leor daoine glan ar an fheoil ar feadh na bliana
Fanann go leor daoine glan ar an fheoil ar feadh na bliana

Is deas níos lú feola a ithe i rith an tsamhraidh

Ós ag caint ar shubh agus ar sheatnaí deas úr ó Folláin a bhí mé an tseachtain seo caite, feictear dom gur am den scoth atá sa samhradh tabhairt faoi aiste bia nua agus níos lú feola a ithe.

Is breá linn ar fad am a chaitheamh taobh amuigh an t-am seo bliana agus bainim féin sult millteanach as béiltí a ithe amuigh faoin ghrian nuair a bhíonn deis. Faighim go mbím ag ithe neart torthaí agus glasraí agus go leor bia cosúil le sailéad pasta, iógart, gránóla, uibheacha scallta agus guacamóilé, agus nach mbím ag díriú ar an fheoil an oiread sin mar phríomhphíosa an bhéile.

Fanann go leor daoine glan ar an fheoil ar feadh na bliana mar gheall ar cheisteanna eitice, ach fiú mura mbeifeá in ann staonadh ón fheoil go deo, is deas an rud é díriú ar aiste bia phlandabhunaithe anois agus an aimsir ag dul i bhfeabhas. Bealach den scoth atá ann níos mó snáithín, mianraí agus frithocsaídeoirí a thabhairt isteach san aiste bia agus leas a bhaint as torthaí agus glasraí úra atá i dtráth fosta.

Beidh SexyTadhg ag dul ar camchuairt in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe ag deireadh na bliana seo. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ag @sexytadhg ar na meáin shóisialta.
Beidh SexyTadhg ag dul ar camchuairt in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe ag deireadh na bliana seo. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ag @sexytadhg ar na meáin shóisialta.

Spotsolas ar Ealaíontóir Éireannach – SexyTadhg

Bhí deis agam SexyTadhg a fheiceáil beo den chéad uair ag Féile na Gealaí i mbliana agus, cé go raibh cur amach agam ar a gcuid ceoil roimhe seo, níor thuig mé an bua agus an draíocht a bhí ag an duine céanna gur tháinig siad amach ar an stáitse an oíche sin.

Duine iontach tarraingteach atá i SexyTadhg agus tá pearsantacht agus teacht i láthair ar leith iontu a dhéanann diva mór na nGael astu gan dabht. Ba í máistreacht s’acu ar an phianó agus ar an fhidil a choinnigh faoi gheasa mé, áfach, agus an dóigh ar bhog siad gan stró ó uirlis amháin go huirlis eile le linn an tseit. Ba bheag nár baineadh an féar uilig den pháirc nuair a chan siad a singil úrnua ‘Townie Girl’, agus chuir siad an lucht féachana faoi dhraíocht le leagan galánta a capella de ‘Róisín Dubh’. An-éagsúlacht a bhí sa seó agus bhain mé sult as achan bhomaite de.

Beidh SexyTadhg ag dul ar camchuairt in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe ag deireadh na bliana seo. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ag @sexytadhg ar na meáin shóisialta.