Rita’s Vintage ag spalpadh na Gaeilge i Londain

Thall is Abhus: Rita’s Vintage; leatháin agus subha úra; cosain do chraiceann agus Spotsolas ar Ealaíontóir Éireannach – Aoife McNamara.

Tá aird á tarraingt ar Rita’s Vintage na laethanta seo mar gheall ar a réimse t-léinte úra ‘Cailíní’.
Tá aird á tarraingt ar Rita’s Vintage na laethanta seo mar gheall ar a réimse t-léinte úra ‘Cailíní’.

Más Gael thú atá ag cur fút i Londain Shasana, gach seans go bhfuil an-chur amach agat ar Rita’s Vintage cheana féin. Aimsitheoir agus ceannaitheoir éadaí as Baile Átha Cliath is ea Caoimhe Ní Bhroin a ritheann margaí agus tob-shiopaí fud fad na cathrach go rialta. Cuireann sí scoth na n-éadaí seanré ar fáil agus tugann sí pobal deas Éireannach le chéile thar sáile fosta.

Tá aird á tarraingt ar Rita’s Vintage na laethanta seo mar gheall ar a réimse t-léinte úra ‘Cailíní’. Léinte ar leith iad seo mar go bhfaigheann Caoimhe ar athlámh iad, agus cuireann sí brí nua agus fuinneamh Gaelach iontu tríd an fhocal ‘Cailíní’ a phriontáil orthu. Ní hamháin go bhfuil saol nua ag na t-léinte seo agus iad sábháilte ón láithreán líonta talún, tá giota beag Gaeilge á roinnt ag Caoimhe ar shráideanna Londan chomh maith.

Tá Rita’s Vintage ar Instagram @ritas_vintage.

Leatháin agus subha úra folláine déanta sa Ghaeltacht
Leatháin agus subha úra folláine déanta sa Ghaeltacht

Leatháin agus subha úra folláine déanta sa Ghaeltacht

Nuair a casadh mná Chúil Aodha Máirín Uí Lionáird agus Eithne Uí Shiadhail ar a chéile sna 1980idí agus suim mhór ag an bheirt acu sa chócaireacht agus i gcúrsaí bia, is cinnte nár shíl siad go n-éireodh leo an branda subh is fearr in Éirinn a chur ar bun. Is é sin díreach an rud a tharla sna blianta beaga ina dhiaidh sin, agus an branda Gaeltachta Folláin go fóill ag dul ó neart go neart sa bhliain 2026.

Is iad teaghlach Uí Lionáird atá i mbun an chomhlachta sa lá atá inniu ann agus réimse leathan subh agus leathán ar fáil acu. Cuireann siad na comhábhair is úire agus is nádúrtha chun tosaigh sa bhranda i gcónaí, agus baineann siad triail as meascáin agus blasanna nua go rialta chun réimse táirgí s’acu a choinneáil ag barr an mhargaidh.

Tá anlann trátaí Folláin iomlán galánta le giota beag cáise ar rollóg chrústúil nó ar cheapaire tóstáilte ag am lóin. Is iomaí cineál suibhe agus marmaláide atá acu fosta – sú craobh, mangó, cuirín dubh, sú talún agus Prosecco go fiú! – agus is féidir iad a úsáid i mbabhla bracháin, ar phancóga, nó mar chuid d’oideas císte. Is breá liom féin im agus subh mhilis a ithe le croissant agus cupán deas tae. Chomh blasta lenar ith tú riamh!

Is féidir táirgí Folláin a cheannach in ollmhargaí agus siopaí timpeall na tíre, nó ar www.follain.ie.

Ná cuir craiceann do chinn i mbaol
Ná cuir craiceann do chinn i mbaol

Ná cuir craiceann do chinn i mbaol i rith an tsamhraidh

Is cuma más ag sú na gréine thar lear a bheas tú an samhradh seo nó ag spaisteoireacht in Éirinn, tá sé fíorthábhachtach do chraiceann a chosaint ar dhó gréine. Is minic a dhéantar dearmad ar bhall áirithe den chorp, áfach, agus is é sin craiceann an chinn.

Tá an craiceann seo iontach leochaileach mar go bhfuil an oiread sin falacailí ribe thíos faoi. Má dhéantar damáiste don chraiceann seo, is féidir leis an damáiste sin cur isteach ar do chuid gruaige agus í a bhriseadh le himeacht ama. Chomh maith leis sin, bíonn sé iontach pianmhar agus cuireann sé do chraiceann ag imeacht ina screamhóga fosta – tá mé cinnte nach bhfuil duine ar bith ag iarraidh déileáil le sail chnis agus iad ar saoire!

Fiú nuair nach mbíonn an ghrian ag soilsiú anseo in Éirinn, bíonn na leibhéil UV níos airde i rith an tsamhraidh ná mar a shílfeá go minic. Is é an solas UV sin atá contúirteach agus a chuireann go mór leis an bhaol meileanóma agus ailse craicinn. Mar sin, cuir caipín deas ort féin nó déan cinnte do chloigeann iomlán a chlúdach le huachtar gréine láidir.

Spotsolas ar Ealaíontóir Éireannach – Aoife McNamara

Ó thaobh thionscal faisin na hÉireann de, níl sárú Aoife McNamara le fáil. Chuir sí tús lena branda féin sa bhliain 2019, ag dearadh a héadaí féin agus ag obair le tionchairí mór le rá – Vogue Williams, Roz Purcell, Laura Whitmore gan ach cúpla duine acu a lua – leis an lipéad a fhás go nádúrtha.

Anois, seacht mbliana ar aghaidh, tá gluaiseacht Aoife McNamara ag dul ó neart go neart mar an chéad bhranda faisin deimhnithe ‘B Corp’ sa tír seo, lena léirítear tiomantas Aoife don inbhuanaitheacht agus don trédhearcacht. Oibríonn sí le foireann bheag i dteachín ceann tuí in Áth Dara, Contae Luimnigh, áit ar féidir le daoine bualadh isteach agus an chuid is fearr dá cuid saothair a thriail nó a cheannach.

Is breá liom na dathanna geala a úsáideann Aoife agus na cruthanna struchtúrtha a bhíonn ar a cuid dearaí. Tá na cóirséid (sa phictiúr, €280) go hálainn ar fad agus tá mé cinnte go mbeidh go leor acu le feiceáil ag imeachtaí móra an samhradh seo.

Gabh chuig www.aoifemcnamara.com leis an réimse iomlán a fheiceáil.