Infheistíocht mhór le déanamh ag TG4

Na Ceithre hAirde: deiseanna coimisiúnaithe TG4; Áiseanna do dhéagóirí i nGaillimh agus Costas maireachtála á phlé ag cruinniú phoiblí i Leitir Ceanainn

Tá babhta nua ollsoláthair ábhair, ar fiú suas le €9.7m in aghaidh na bliana é 
don earnáil léiriúcháin neamhspleách, fógartha ag TG4.
Tá babhta nua ollsoláthair ábhair, ar fiú suas le €9.7m in aghaidh na bliana é don earnáil léiriúcháin neamhspleách, fógartha ag TG4.

Tá TG4 i ndiaidh ceann de na deiseanna coimisiúnaithe is suntasaí d’earnáil léiriúcháin na Gaeilge agus na Gaeltachta sna blianta amach romhainn a fhógairt agus suas le seacht gconradh déag le bronnadh acu.

Beidh siad ag déanamh infheistíocht bhliantúil, ar fiú suas le €9.7 milliún in aghaidh na bliana í, san earnáil léiriúcháin neamhspleách chomh maith.

Táthar ag iarraidh ábhar den chéad scoth atá fréamhaithe i bpobal na Gaeilge agus Gaeltachta, agus a tharraingíonn aird lucht féachana níos leithne in Éirinn agus níos faide i gcéin. Beidh béim ar leith ar thograí a léiríonn saol, cultúr, spiorad, greann agus féiniúlacht na nGael ar bhealach barántúil, físiúil agus comhaimseartha. Tá smaointe á lorg ag TG4 “a spreagann comhrá agus a léiríonn Súil Eile̦” an stáisiúin. Beidh ábhar do TG4, Seinnteoir TG4 agus ardáin dhigiteacha eile san áireamh sa bhabhta seo.

Ar mhaithe le teacht le haidhmeanna TG4 an earnáil léiriúcháin a chothú agus a fhás ar fud na Gaeltachta, bronnfar trí chonradh ollsoláthair ar a laghad ar chomhlachtaí Gaeltachta taobh amuigh de Chonamara. Cuirfear fáilte freisin roimh iarratais i gcomhpháirtíocht idir comhlachtaí léiriúcháin chun láidreachtaí, saineolas agus taithí éagsúil a thabhairt le chéile ar mhaithe le hábhar den chéad scoth a chur ar fáil.

Tá iarratais á lorg i réimsí éagsúla ábhair, lena n-áirítear fíorasach, cúrsaí reatha, sraith irise, siamsaíocht fhíorasach, siamsaíocht, ceol, saolchlár, ábhar do dhaoine óga, lena n-áirítear déagóirí agus lucht féachana faoi 35, agus ábhar do Cúla4.

Mar chuid den bhabhta nua, tá TG4 ag cur béim mhór ar inbhuanaitheacht na hearnála léiriúcháin. Beidh iarratais á meas bunaithe ar chaighdeán eagarthóireachta, cur chuige cruthaitheach, fás comhlachtaí, fostaíocht fhadtéarmach chomh maith le cumas léirithe a neartú i bpobail Ghaeltachta agus na Gaeilge agus dea-chleachtais rialachais.

Dúirt Deirdre Ní Choistín, Ard-Stiúrthóir TG4, go bhfuil sé mar sprioc ag an stáisiún “an chruthaitheacht a chumasú” san earnáil agus go ndéanfadh “an infheistíocht chinnte ilbhliantúil athrú ó bhonn ar earnáil léiriúcháin neamhspleách na Gaeltachta agus na Gaeilge.”

Dúirt Stiúrthóir Ábhair TG4, Laura Ní Cheallaigh, go bhfuil TG4 ag lorg smaointe agus guthanna úra agus ábhar den chéad scoth: “Táimid sa tóir ar thograí uaillmhianacha, cruthaitheacha atá fréamhaithe sa teanga agus sa phobal.” Dúirt sí gur “deis thábhachtach” é seo tallann nua a thabhairt chun cinn.

Áiseanna do dhéagóirí de dhíth i gCnoc na Cathrach

Tá comhairleoir as Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag éileamh go gcuirfear áiseanna sóisialta ar fáil do dhéagóirí ina cheantar. Ó toghadh ina chomhairleoir é, tá Alan Curran, atá ina ionadaí ag na Daonlathaithe Sóisialta, ag éileamh níos mó áiseanna agus spásanna caithimh aimsire a chur ar fáil do dhéagóirí i gCnoc na Cathrach agus sna ceantracha máguaird.

“Mar mhúinteoir iar-bhunscoile i gColáiste Éinde i mBóthar na Trá agus mar dhuine a tógadh i gCnoc na Cathrach, feicim go soiléir go bhfuil níos lú deiseanna agus áiseanna ar fáil do dhaoine óga anois ná mar a bhí nuair a bhí mise ag fás aníos,” ar seisean.

“Labhraíonn na déagóirí liom go minic faoin easpa áiseanna atá ar fáil dóibh, go háirithe tráthnóna agus ag an deireadh seachtaine, sin agus áiseanna nach mbaineann le spórt.”

Dúirt sé go mbíonn tuismitheoirí ag iarraidh ar a gcuid páistí níos lú ama a chaitheamh ar a bhfóin, os comhair na teilifíse nó ag imirt cluichí ríomhaire: “Ach nuair a théann daoine óga amach, is minic nach mbíonn mórán le déanamh acu. Mar thoradh air sin, bailíonn siad le chéile i ngrúpaí agus cuirtear an locht orthu as iompar frithshóisialta, cé nach mbíonn siad ag déanamh aon dochar,” a dúirt sé.

Le tamall anuas tá sé ag cur chun cinn an choincheapa ‘Spásanna do Dhéagóirí’, limistéir shábháilte fháiltiúla, laistigh agus lasmuigh, ina bhféadfaidh déagóirí bualadh le chéile, am a chaitheamh lena gcairde agus sóisialú ar bhealach neamhfhoirmiúil: “D’fhéadfaí réimse leathan gníomhaíochtaí, idir ghníomhaíochtaí spóirt agus neamhspóirt, a chur ar fáil sna spásanna seo,” arsa an Comhairleoir Curran.

Dúirt sé go raibh Comhairle Contae Átha Cliath Theas chun tosaigh sa réimse seo agus ocht Spás do Dhéagóirí forbartha acu cheana féin: “Léiríonn an rath atá orthu an tábhacht a bhaineann le hinfheistíocht a dhéanamh in áiseanna atá deartha go sonrach do dhéagóirí.”

“Bhí áthas orm a fheiceáil go n-aithníonn Straitéis na Spásanna Glasa an gá atá leis na háiseanna seo agus go bhfuil gealltanas tugtha iad a chur ar fáil i ngach ceann de thrí thoghcheantar na cathrach. Ba mhaith liom go bhfeicfí dul chun cinn ar an tionscnamh seo chomh luath agus is féidir, go háirithe i gCnoc na Cathrach.”

Dúirt sé gur cheart an liúntas iomlán de €30,000 ón Scéim Feabhsúcháin Áitiúil a chur ar fáil don togra seo: “D’iarr mé freisin ar Rannóg na bPáirceanna an tionscnamh a chur san áireamh mar thosaíocht i gclár oibre 2027, agus tá fáilte curtha acu roimh an iarratas sin. Tá deiseanna breise maoinithe ann freisin agus déanfar iad sin a fhiosrú de réir mar a théann an tionscadal chun cinn.”

Costas maireachtála á phlé ag cruinniú poiblí

D’fhreastail thart ar chéad go leith duine ar chruinniú poiblí i Leitir Ceanainn ar na mallaibh, áit ar pléadh na deacrachtaí airgeadais atá ag daoine i láthair na huaire.

Ag labhairt ag an chruinniú a d’eagraigh Sinn Féin sa Radisson Hotel Dé Céadaoin seo caite, dúirt an Teachta Dála Piarais Ó Dochartaigh go bhfuil daoine ag fulaingt go mór de bharr costas maireachtála agus go bhfuiltear ag maireachtáil ar an ghannchuid.

Dúirt Ó Dochartaigh go raibh daoine a d’fhreastail ar an chruinniú den bharúil nach raibh an Rialtas ag tabhairt éisteacht cheart dóibh.

Pléadh pacáiste €2.5 billiún de chuid a pháirtí ag an gcruinniú, áit ar dúradh go mbeadh Sinn Féin ag díriú ar chúrsaí fuinnimh, tithíochta agus costas cúraim leanaí.

Dúradh nach bhfuil an Rialtas ag déanamh go leor lena chuid acmhainní chun cuidiú le daoine. Rinneadh plé chomh maith ar scéim na mbrící lochtacha.

Dúirt an Comhairleoir Dakota Nic Mheanman go ndéanann Sinn Féin buiséid a chur le chéile gach bliain chun a léiriú cad a bheadh á dhéanamh acu dá bhfaigheadh siad isteach sa Rialtas.

Dúirt sí go raibh na cruinnithe seo á reáchtáil le deis a thabhairt don pháirtí tuairimí daoine agus an phobail a chloisteáil.