Buanna móra ag contaetha beaga

D’éirigh le laochra Laighean, an Iarmhí agus Lú, buanna stairiúla a chlárú le linn mhí Bealtaine

Bainisteoir na hIarmhí Mark McHugh ag ceiliúradh le John Heslin. Grianghraf: ©INPHO/James Crombie
Bainisteoir na hIarmhí Mark McHugh ag ceiliúradh le John Heslin. Grianghraf: ©INPHO/James Crombie

Bealtaine bhuacach a bhí i gContae na hIarmhí i mbliana. Bhí bua sé chúilín ag mná na hIarmhí in aghaidh Loch Garman i gCraobh Peile Laighean sa ghrád idirmheánach ar an 16 Bealtaine. Tar éis ceithre huaire is fiche, bhí an dara corn buaite ag an gcontae nuair a bhuaigh peileadóirí na bhfear, atá faoi stiúir Mark McHugh, iar-imreoir le Dún na nGall.

Bua stairiúil a bhí ann i bPáirc an Chrócaigh agus Craobh Laighean buaite acu den chéad uair ó 2004. Ainneoin buanna móra a bheith faighte ag an Iarmhí in aghaidh an Longfoirt, na Mí agus Chill Dara, ba iad fir na príomhchathrach rogha na n-údar. Bhí réimse leathan scórála ag an Iarmhí, le scóranna iontacha ag teacht ó 13 imreoir le linn 90 nóiméad imeartha, am breise san áireamh! Taispeántas foirne a bhí ann le muinín agus draíocht an duine aonair le feiceáil freisin.

Cuimhneofar ar theacht aniar spreagúil John Heslin, a bhí éirithe as an bpeil idirchontae. Fuair sé trí chúilín agus chruthaigh sé gluaiseachtaí maithe agus deiseanna scórála nuair a tháinig sé isteach mar ionadaí. Léirigh an Iarmhí a gcumas arís in aghaidh an Chabháin sa chéad bhabhta de Chraobhchomórtas na hÉireann an tseachtain seo caite. Tabharfaidh siad aghaidh anois ar Ghaillimh i Staid an Phiarsaigh ag an deireadh seachtaine.

Bua stairiúil: Craig Lennon ag ceiliúradh tar éis dó an ceathrú cúl a aimsiú in aghaidh Bhaile Átha Cliath.
Mandatory Credit ©INPHO/Ryan Byrne
Bua stairiúil: Craig Lennon ag ceiliúradh tar éis dó an ceathrú cúl a aimsiú in aghaidh Bhaile Átha Cliath. Mandatory Credit ©INPHO/Ryan Byrne

Ag deireadh na míosa, bhí bua mór ag Lú in aghaidh Átha Cliath. Ceithre seachtaine roimhe sin, ba iad Áth Cliath a bhí caithréimeach nuair a chas an dá fhoireann chéanna ar a chéile i bPort Laoise. B’fhéidir gur shíl roinnt daoine nach mbeadh an lá le Contae Lú agus iad ag tabhairt aghaidh ar a chéile arís ach ní mar a shíltear a bhítear. D’éirigh le Lú a gcéad bhua Craoibhe a fháil in aghaidh Átha Cliath ó bhí 1973 ann.

Chaith siad breis is caoga bliain ag fanacht ar an mbua stairiúil.

Peil na mBan - Síneadh cúig bliana curtha leis an gconradh idir TG4 agus Cumann Peile na mBan

Fógraíodh ag seoladh Chraobhchomórtas TG4 i bPeil na mBan go bhfuil síneadh cúig bliana curtha leis an gconradh idir TG4 agus Cumann Peile na mBan chun na craobhacha idirchontae a chraoladh ar an teilifís.

Cé nach raibh deireadh le teacht leis an gcomhaontú craolta agus urraíochta idir na heagraíochtaí go dtí an bhliain seo chugainn ach tá sé cinntithe go leanfar ar aghaidh leis go dtí 2032. Ba in 2001 a cuireadh tús leis an gcaidreamh stairiúil idir TG4 agus Cumann Peile na mBan agus ceiliúradh 25 bliana á dhéanamh air i mbliana. Tá an stáisiún Gaeilge ina phríomhurraitheoir ar chraobhacha idirchontae Pheil na mBan ó 2002.

Beidh TG4 ag ceiliúradh 30 bliain ar an aer in 2026 agus dúirt Deirdre Ní Choistín, Ard-Stiúrthóir TG4, go raibh sí an-bhródúil go bhfuil Peil na mBan ina cuid ríthábhachtach de sceideal an stáisiúin. Tá méadú ollmhór tagtha ar phróifíl, ar chlúdach agus ar uaillmhian Chraobhchomórtas Uile-Éireann TG4 le 25 bliana anuas.

Is iomaí athrú atá tagtha ar an gcraoladh ó cuireadh tús leis an gcomhpháirtíocht. Sé chluiche sa chomórtas a craoladh in 2001 ach déantar gach cluiche a chraoladh anois. Craoladh beagnach leathchéad cluiche anuraidh ar ardáin TG4. Is é an comhlacht teilifíse Nemeton, atá lonnaithe sna Déise i bPort Láirge, a chraolann na cluichí. Aithnítear an comhlacht mar cheannródaí beo-chraolacháin na gCluichí Gaelacha do TG4 agus tá cáil dhomhanda bainte amach ag Nemeton mar sholáthróir teilifíse agus meán digiteach.

Seoladh Comórtas Peile na Gaeltachta 2026 i bPáirc an Chrócaigh. Grianghraf: Tyler Miller/Sportsfile
Seoladh Comórtas Peile na Gaeltachta 2026 i bPáirc an Chrócaigh. Grianghraf: Tyler Miller/Sportsfile

Comórtas Peile na Gaeltachta 2026 - 5 chorn ag na Conallaigh

Reáchtáladh Comórtas Peile na Gaeltachta i gCill Chartha, Co. Dhún na nGall, ag deireadh mhí Bealtaine.

Bhí muintir na háite, idir óg agus aosta, ar bís faoi agus an comórtas ar ais i gCill Chartha den chéad uair ó 2004. D’imir sé fhoireann is fiche idir an Aoine agus an Luan, i gcomórtais na bhFear agus i gcomórtais na mBan. Bhí neart cluichí agus coimhlintí le feiceáil le linn an deireadh seachtaine go dtí an Luan, an lá a imríodh na cluichí ceannais. Craoladh na cluichí beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus ar TG4.

Bhuaigh Naomh Columba an Chraobh Idirmheánach i bPeil na mBan Dé Domhnaigh. Ba iad mná an Tearmainn agus an fhoireann bhaile, Cill Chartha, a bhuaigh craobhacha na sinsear agus na sóisear ar an Luan. D’fhág buanna Ghaoth Dobhair agus Ghaeil Fhánada i gcraobhacha na bhfear gur foirne as Dún na nGall a bhuaigh gach ceann de na cúig chorn a bhí le baint. Tá craobh shinsir an chomórtais buaite níos minice ag Gaoth Dobhair ná ag aon fhoireann eile agus a naoi gcraobh faighte acu anois, ceann sa bhreis ar ocht gcraobh Naomh Abán, Coracaigh.

Trí bliana déag ó shin a bhuaigh Gaoth Dobhair go deireanach é. Bronnadh laoch na himeartha ar Rónán Mac Niallais in 2004, an uair dheireanach a reáchtáladh an cluiche i gCill Chartha. Tá sé ina bhainisteoir ar fhoireann Ghaoth Dobhair anois agus bhí ríméad air an ceann is fearr a fháil ar CLG Bhulf Tóin as an Mí - curaithe sinsir an chomórtais in 2025.

Comórtas bliantúil Gaeilge is ea Comórtas Peile na Gaeltachta agus ócáid an-speisialta a bhíonn ann i gcónaí, a thugann muintir na Gaeltachta le chéile.

Ba dhraíochtúil an radharc a bhí i gCill Chartha le sléibhte agus cnoic timpeall orainn agus an fharraige buailte leis an bpáirc peile ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin. Meitheal cheart a bhíonn i gceist ag na coistí agus ag na fo-choistí agus ba léir go raibh an t-uafás oibre déanta ag an gcoiste áitiúil. Beidh na mílte ag triall ar Lios Póil, Ciarraí, an samhradh seo chugainn do Chomórtas Peile na Gaeltachta 2027.

Foclóir:

buacach = triumphant/victorious

idirmheánach = intermediate

caithréimeach = triumphant/exultant

teacht aniar = comeback/resilience

coimhlint = contest/competition

ceannródaí = pioneer

ríthábhachtach = vital/essential

uaillmhian = ambition/aspiration