Teangacha i mbaol: D’fhéadfadh an rialtas toscaire speisialta a cheapadh

An bhfuil spéis ag an rialtas taithí na hÉireann ar athbheochan teangacha a roinnt le stáit eile?

Tá Ubykh ar cheann de na 244 theanga a fuair bás ó 1950 de réir figiúirí ó UNESCO. Sna 1800idí bhí sí á labhairt ag na mílte duine ar bhruach na Mara Duibhe ach chuir na Rúisigh ruaig ar na cainteoirí Ukykh agus scaipeadh iad ar fud Impireacht na nOtamánach. Tháinig meath ar an teanga go dtí go bhfuair a cainteoir dúchais deireanach bás in 1992.

De bharr obair an teangeolaí Georges Dumézil tá eolas níos fearr againn ar an Ubykh anois. Chuala seisean ráflaí fúithi agus chaith blianta fada ar thóir eolais. Faoi dheireadh, tháinig sé ar Tevfik Esen a d’fhoghlaim an teanga óna sheantuismitheoirí agus a léirigh do Dumézil go bhfuil níos mó ná 80 consan agus gan ach trí ghuta ag an Ubykh. Is teanga í mar sin a mhúineann gnéithe uathúla dúinn faoi éagsúlacht teangacha an domhain.

Is é seo ceann de na scéalta faoi bhás teangacha a ríomhann an t-iriseoir Sophia Smith Galer ina leabhar How to Kill a Language a fhoilseofar i mí Iúil na bliana seo. Ach, cé go bhfuil na fíricí faoi theangacha ina n-ábhar mór buartha, is é fotheideal a leabhair a tharraing m’aird: ‘Power, Resistance, and the Race to Save Our Words’.

Ó Ishi go Hopi Boy le John Walsh agus Lillis Ó Laoire. (Coiscéim 2010)
Ó Ishi go Hopi Boy le John Walsh agus Lillis Ó Laoire. (Coiscéim 2010)

In alt a scríobh Smith Galer sa nuachtán Sasanach The Guardian le déanaí leag sí béim ar cé chomh práinneach is atá sé gníomhú ar son na dteangacha atá i mbaol. Measann UNESCO go bhfuil 40% de na 6,700 teanga atá á labhairt i láthair na huaire i mbaol a ndíothaithe. Agus, mar a scríobhann sí, cloisimid i bhfad níos lú faoin ngéarchéim seo i gcomparáid le meath na bithéagsúlachta nó cosaint iarsmaí na staire. Tá gá le gníomhú.

Ghlac UNESCO leis an ndúshlán nuair a d’ainmnigh sé 2022-2032 Deich mBliana Idirnáisiúnta na dTeangacha Dúchasacha agus anuraidh d’fhoilsigh an eagraíocht Plean Gníomhaíochta Domhanda a bhfuil deich dtéama ann. Tá siad anois ag iarraidh go gcabhróidh eagraíochtaí na Náisiún Aontaithe, rialtais an domhain, comhlachais na sochaí sibhialta, lucht léinn agus an earnáil phríobháideach an plean a chur i gcrích.

Cuireann UNESCO béim faoi leith ar an ngá atá ann níos mó eolais a bhailiú faoi staid teangacha ar fud an domhain. Sna fíricí a fhoilsíonn siad, tugann siad foláireamh nach fios go beacht staid na ceiste mar go bhfuil eolas in easnamh ar theangacha áirithe. Ach measann siad go bhfuil 976 theanga á labhairt ag níos lú ná 10,000 duine agus go bhfuil siad sna catagóirí de theangacha i mbaol criticiúil nó géar.

CEARTA: Agóid náisiúnta ar son cearta teanga anuraidh. Grianghraf: Dara Mac Dónaill
CEARTA: Agóid náisiúnta ar son cearta teanga anuraidh. Grianghraf: Dara Mac Dónaill

Tá sé truamhéalach a fháil amach go gceapann UNESCO go bhfuil 18 dteanga ann nach bhfuil á labhairt ach ag duine amháin, 27 á labhairt ag beirt agus 147 ag níos lú ná deichniúr. Agus ó 2010 i leith táthar tar éis a thuilleadh teangacha a aithint atá sa dá chatagóir is baolaí.

Tugann leabhar John Walsh agus Lillis Uí Laoire Ó Ishi go Hopi Boy léargas dúinn i nGaeilge ar chuid de na teangacha dúchasacha, idir mhór agus mhion, in iardheisceart na Stát Aontaithe agus na hiarrachtaí atá ar siúl iad a chaomhnú agus a athneartú. Cuireann sé ar an eolas sinn faoi éagsúlacht agus faoi shaibhreas teangacha ar annamh a chloisimid fúthu.

Tá sé truamhéalach a fháil amach go gceapann UNESCO go bhfuil 18 dteanga ann nach bhfuil á labhairt ach ag duine amháin, 27 á labhairt ag beirt agus 147 ag níos lú ná deichniúr.

Agus níos mó eolais faoi theangacha i mbaol ag teacht chun solais, tá UNESCO ag iarraidh anois polasaithe a chur chun cinn atá bunaithe ar fhianaise, agus acmhainní a fhorbairt i gcomhair le heagraíochtaí poiblí agus príobháideacha chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim seo.

Gníomh fiúntach a d’fhéadfadh an rialtas seo againne a dhéanamh ná toscaire speisialta i leith teangacha atá i mbaol a cheapadh. Ó am go chéile, ceapann an rialtas toscairí speisialta ar ábhair phráinneacha ar feadh tréimhse theoranta. Ó 2000, ceapadh 20 toscaire den saghas sin, an chuid is mó acu ag gníomhú ar son suíochán a bhaint amach d’Éirinn ar Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe.

In 2021 rinneadh iarracht an t-iar-aire Katherine Zappone a cheapadh mar thoscaire speisialta ar shaoirse tuairimíochta, ar cheisteanna a bhaineann le cearta daonna agus cearta LADT go háirithe. Theip ar an iarracht sin ach, mar thoradh air, tá próiseas níos soiléire curtha i bhfeidhm chun toscairí speisialta a cheapadh, próiseas a úsáideadh le déanaí chun an t-iar-aire Phil Hogan a ainmniú le bheith ina iarrthóir de chuid na hÉireann ar phost Stiúrthóir Ginearálta na hEagraíochta Bia agus Talmhaíochta (an FAO).

D’fhéadfadh toscaire Éireannach ar son teangacha i mbaol taithí an stáit agus an phobail (agus, ar ndóigh, ní hionann iad) ar chaomhnú agus athbheochan ár dteanga dúchais a chur ar fáil mar chuid d’obair na NA ar an gceist seo. Tá Éire eisceachtúil mar go bhfuil iarracht déanta ag an stát le 100 bliain anuas an Ghaeilge a athréimniú mar theanga labhartha an phobail. Bhíomar go mór chun tosaigh ar thír ar bith eile sa réimse seo.

Mana ar son na Gaeilge i gConamara. Grianghraf: Bryan O’Brien
Mana ar son na Gaeilge i gConamara. Grianghraf: Bryan O’Brien

Bheadh sé an-luachmhar mar sin na ceachtanna atá foghlamtha againn a chur ar fáil ar scála idirnáisiúnta agus oibriú le stáit eile chun polasaithe agus próisis a fhorbairt a d’fhéadfadh cabhrú chun teangacha atá go mór i mbaol a shábháil. Ar ndóigh, d’fhéadfaimis foghlaim freisin ó thíortha eile atá chun cinn orainn ina gcuid polasaithe teanga.

Ach, an bhfuil suim ag ár bpolaiteoirí agus ag lucht déanta polasaithe díriú ar neart agus ar laigí na hAthbheochana, agus iad a roinnt le saineolaithe agus gníomhaithe teanga ar fud an domhain? An bhfuil spéis dá laghad acu foghlaim conas tabhairt faoi athbheochan na Gaeilge ar bhealach níos fearr agus níos éifeachtaí, ag foghlaim ón gcur chuige atá i bhfeidhm i dtíortha eile?

Caoimhe Ní Bhradáin (ar chlé)  as Tír Eoghain agus Aifric Nic Niallais as Gaoth Dobhair ag agóid taobh amuigh de Theach Laighean i mbliana. Grianghraf: Bryan O’Brien
Caoimhe Ní Bhradáin (ar chlé) as Tír Eoghain agus Aifric Nic Niallais as Gaoth Dobhair ag agóid taobh amuigh de Theach Laighean i mbliana. Grianghraf: Bryan O’Brien

Tógann na ceisteanna seo thar n-ais sinn go dtí an phráinn a léiríonn Smith Galer agus atá go mór de dhíth ar lucht ceannais na tíre seo. Cinnte, mar a deir sí, tá gá le cumhacht agus le ceannaireacht sa rás chun ár bhfocail a shábháil. Agus, tá gá le muinín asainn féin chun tabhairt faoi.

B’fhéidir gurb í sin an cheist is mó faoi thoscaire Éireannach a cheapadh i leith teangacha i mbaol. An bhfuil muinín ag lucht an stáit as ár n-iarrachtaí athbheochana le 100 bliain agus ar mhaith leo aird tíortha eile a tharraingt orthu?

Leac cuimhneacháin i gCorn na Breataine. Grianghraf: Peadar Kirby
Leac cuimhneacháin i gCorn na Breataine. Grianghraf: Peadar Kirby

Agus mé ar saoire i gCorn na Breataine in 2021, tháinig mé ar leac chuimhneacháin ar theach i Cadgwith, sráidbhaile cois cósta. Is é a bhí scríofa air i mBéarla amháin: ‘Here lived Dolly Pentreath one of the last speakers of the Cornish language as her native tongue. Died Dec. 1777’. Ach, mar thoradh ar iarrachtaí athbheochana le linn an 20ú haois, aithníonn UNESCO an Choirnis anois mar theanga bheo agus tá thart ar 600 duine a deir gurb í a bpríomhtheanga í.

Is léiriú í an Choirnis gur féidir teanga a shábháil ón uaigh ach is gá fuadar faoi cheist na dteangacha i mbaol ar fud an domhain. An ndéanfaidh an stát seo againne a chion?

Foclóir:

géarchéim = crisis

díothú = extinction/elimination

caomhnú = preservation/conservation

athbheochan = revival/renaissance

foláireamh = warning

práinneach = urgent

toscaire = envoy/delegate

truamhéalach = sad/pitiful

ceannródaíoch = pioneering/trailblazing

éagsúlacht = diversity/variety