Tháinig athrú suntasach ar an vóta i nGaeltacht Chonamara san fhothoghchán a reáchtáladh Dé hAoine seo caite.
Toghadh an t-iar-aire stáit Gaeltachta Seán Kyne ó Fhine Gael mar Theachta Dála i nGaillimh Thiar ar an 11ú comhaireamh tráthnóna Dé Domhnaigh nuair a d’éirigh leis Noel Thomas ó Independent Ireland a shárú.
Briseadh a bhí ann leis an nós seanbhunaithe nach dtoghtar iarrthóir de chuid páirtí rialtais i bhfothoghchán, agus údar buartha do phríomhpháirtí an fhreasúra, Sinn Féin, nár éirigh leo dul chun cinn a dhéanamh i gceachtar den dá fhothoghchán a reáchtáladh i nGaillimh Thiar agus i mBaile Átha Cliath Láir Dé Aoine seo caite.
I limistéar toghchánaíochta áitiúil Chonamara Theas – áit a bhfuil an chuid is mó den Ghaeltacht lonnaithe – bhí athruithe suntasacha le feiceáil idir an fothoghchán agus olltoghchán 2024, de réir na bhfigiúirí.
RM Block
D’éirigh le Independent Ireland, Fine Gael, Na Daonlathaithe Sóisialta, agus Páirtí an Lucht Oibre a sciar den vóta a mhéadú i gConamara Theas ach tháinig laghduithe suntasacha ar chéatadáin Fhianna Fáil agus Shinn Féin.
Tá an chuma ar an scéal freisin gur éirigh leis an dá pháirtí ar an eite chlé a lán tairbhe a bhaint as an 12.7% den vóta a fuair an tUachtarán Catherine Connolly i gConamara Theas in 2024, agus as toradh tubaisteach Shinn Féin.
Ba léir go raibh vóta bunaithe ar thíreolaíocht an-tábhachtach do Independent Ireland agus Fine Gael sa limistéar toghchánaíochta mar is as ceantar Chonamara iad Thomas agus Kyne araon.
Fuair Thomas, a bhí ina bhall d’Fhianna Fáil go dtí dhá bhliain ó shin, 31% de na vótaí chéad rogha i gConamara Theas - ardú suntasach ón 20% a fuair sé san áit chéanna nuair a sheas sé ar son Independent Ireland in 2024.
San fheachtas, bhí sé mar straitéis aige a vóta a mhéadú i gCathair na Gaillimhe, rud a rinne sé, cé nár éirigh leis an suíochán a fháil ar deireadh.
Ach fós féin taispeánann na figiúirí seo go raibh Thomas thart ar 10 faoin gcéad níos láidre i gConamara Theas ná sa dáilcheantar ina iomláine, treocht a bhí le feiceáil in 2024 freisin.
D’éirigh le Fine Gael 27% den vóta i gConamara Theas a fháil i gcomparáid leis an 18.6% a fuair siad ann san olltoghchán.
De réir cosúlachtaí, bhí Kyne in ann cuid mhór den vóta a fuair Fianna Fáil in 2024 a thógáil anseo agus is léir go raibh a thaithí agus an aithne a bhí ag daoine sa cheantar air ina bhuntáiste mór dó.
Tá an chuma ar an scéal freisin gur éirigh leis an dá pháirtí ar an eite chlé a lán tairbhe a bhaint as an 12.7% den vóta a fuair an tUachtarán Catherine Connolly i gConamara Theas in 2024, agus as toradh tubaisteach Shinn Féin.
Tháinig Míde Nic Fhionnlaoich ó na Daonlathaithe Sóisialta sa tríú háit sa limistéar toghchánaíochta le 11% den vóta. Arís, b’ardú suntasach é seo don pháirtí a fuair 2.6% ann dhá bhliain roimhe.
Sa cheathrú háit i gConamara Theas, bhí Helen Ogbu ó Pháirtí an Lucht Oibre a fuair 7%. Bhí vóta an pháirtí chomh híseal anseo in 2024 nár tuairiscíodh é mar chuid d’fhigiúirí an teailí.
Sa chúigiú háit sa limistéar toghchánaíochta, bhí an t-iarrthóir neamhspleách Thomas Welby, a raibh tacaíocht an Aire Stáit Noel Grealish aige.
Fuair Welby 5% den vóta i gConamara Theas, i gcomparáid leis an 2.6% a fuair Grealish in 2024. Is léir gur tíreolaíocht ab chúis leis seo mar tá Welby lonnaithe in Uachtar Ard i gConamara Thuaidh.
Beidh díomá ar Shinn Féin agus ar Fhianna Fáil leis na torthaí a fuair siad i gConamara Theas agus ar fud Ghaillimh Thiar ina hiomlán.
Ní bhfuair Sinn Féin ach thart ar 5% den vóta i gConamara Theas san fhothoghchán i gcomparáid leis an 14% a fuair Teachta reatha an pháirtí, Mairéad Farrell, in 2024.
Bhí deacrachtaí uafásacha ag an bpáirtí sa cheantar seo agus dhiúltaigh baill áirithe sa chumann áitiúil tacú le hiarrthóir an pháirtí, Mark Lohan, de bharr nach bhfuil Gaeilge aige.
Ní bhfuair Fianna Fáil ach thart ar 4% den vóta sa limistéar toghchánaíochta i gcomparáid leis an 19.6% a fuair an páirtí dhá bhliain ó shin.
Ba é seo an chéad uair a sheas an t-iarrthóir óg Cillian Keane, arb as Órán Mór in oirthear an dáilcheantair é, don Dáil agus is léir go raibh a easpa taithí agus cúrsaí tíreolaíochta mar chonstaic dó i gConamara.
Ar an iomlán, tháinig laghdú ar an sciar den vóta a fuair páirtithe an rialtais i gConamara Theas, ó 38.2% in olltoghchán 2024 go 31.2% i mbliana.
Ach má chomhairtear vótaí Grealish agus Welby mar vóta don rialtas, tháinig laghdú beagán níos lú ar an vóta seo, ó 40.8% in 2024 go 36.2% i mbliana.
Idir thorthaí Bhaile Átha Cliath Láir agus Ghaillimh Thiar, beidh údar machnaimh d’Fhianna Fáil agus do Shinn Féin ar an gcur chuige a bhí acu.

















