Tá séasúr an-suntasach tar éis a bheith ag Cardiff City FC i mbliana. Tá an t-ardú céime don bhliain seo chugainn cinntithe ag an gclub, a bhuí lena mbua 5-1 in aghaidh Northampton ag deireadh mhí Aibreáin. Beidh siad ag imirt sa dara sraith pheile i Sasana an séasúr seo chugainn agus iad faoi stiúir fear Chorcaí, Brian Barry-Murphy. Bhí cáil air mar imreoir cliste agus mar cheannaire ar an bpáirc. Tá na tréithe céanna sin le feiceáil anois ina stíl bainistíochta.
Tá atmaisféar dearfach le brath sa chlub anois, gné nach raibh chomh láidir céanna le blianta beaga anuas. Chríochnaigh Cardiff ag bun na sraithe in 2024 ach ó thosaigh Brian lena ról ag Cardiff i Mí an Mheithimh 2025, tá an lucht leanúna thar a bheith sásta leis an dul chun cinn atá déanta. Conradh trí bliana a tugadh dó agus tá cuma na maitheasa ar an gclub agus é ina bhainisteoir ar an bhfoireann. Ceann de na gnéithe is mó a sheas amach ná an chomhsheasmhacht a bhí ag Cardiff i rith an tséasúir. Fiú nuair a tháinig tréimhsí deacra, d’fhan an fhoireann dílis don chur chuige céanna. Léiríonn sé seo an tionchar láidir atá ag Barry-Murphy ar mheon agus ar dhearcadh na n-imreoirí. Chuir sé béim láidir ar stíl imeartha atá bunaithe ar sheilbh na liathróide, ar ghluaiseacht chliste agus ar obair foirne. Níor thóg sé i bhfad air an fhealsúnacht seo a chur i bhfeidhm, agus thosaigh torthaí dearfacha ag teacht go luath ag tús an tséasúir. D’éirigh le Barry-Murphy muinín nua a chothú sa chlub, agus rinneadh forbairt ar roinnt imreoirí óga faoina stiúir.
Rugadh Brian Barry-Murphy ar an 27 Iúil 1978 i gCorcaigh, agus ag fás aníos, bhí sé soiléir go raibh cumas agus paisean ar leith aige don chluiche. D’imir sé mar imreoir lár páirce den chuid is mó, agus ba léir go raibh tuiscint mhaith aige ar an gcluiche, rud a chuir ar a chumas ról ceannaireachta a ghlacadh ar an bpáirc agus lasmuigh di. Thosaigh Barry-Murphy a ghairm bheatha ghairmiúil le Cork City ach níorbh fhada go raibh clubanna eile sa tóir air. Bhog sé go Sasana sna 1990idí, áit ar imir sé do Preston North End, agus ba ansin a chruthaigh sé a chumas mar imreoir ildánach agus cliste. Tar éis tréimhse rathúil le Preston, bhog sé ar aghaidh chuig Sheffield Wednesday agus Bury ina dhiaidh sin. Chuile áit a ndeachaigh sé, d’fhág sé a lorg mar imreoir a bhí díograiseach. Aithníodh a thuiscint ar an gcluiche agus an chumas a bhí aige leis na himreoirí a ghríosadh agus é ar an bpáirc leo.
déanann sé a chuid oibre go dícheallach agus go macánta. Caithfidh go raibh tionchar ag a athair air agus an spórt san fhuil aige. Ar ndóigh, tá a athair, Jimmy Barry-Murphy, ar dhuine de na pearsana spóirt is mó le rá i gCorcaigh, de bhar a chuid gaiscí san iomaíocht agus sa pheil Ghaelach.
Tar éis dó éirí as an imirt ghairmiúil, chuir sé spéis i saol na bainistíochta. Bhí sé ina bhainisteoir ar Rochdale AFC i Sasana, áit ar chuir sé béim ar stíl imeartha atá bunaithe ar sheilbh liathróide, gluaiseacht chliste, agus forbairt imreoirí óga. Bhí a chur chuige difriúil ó go leor bainisteoirí eile ag an leibhéal sin, agus cé nach raibh rath mór air i gcónaí ó thaobh torthaí de, léiríodh meas ar a fhealsúnacht. Tá sé seo le feiceáil ina chuid oibre le foirne óga, áit a mbíonn sé ag iarraidh imreoirí a fhorbairt atá compordach ar an liathróid agus atá in ann cinntí tapa agus cliste a dhéanamh.
RM Block
Ina dhiaidh sin, ghlac sé le ról tábhachtach le Manchester City, ag obair leis an bhfoireann forbartha. Bhí sé freagrach as imreoirí óga a ullmhú don chéad fhoireann, ag obair laistigh de chóras a chuireann béim ar cháilíocht theicniúil agus ar thuiscint chliste ar an gcluiche. Bhí tionchar aige freisin mar dhuine a chuireann béim ar oideachas agus ar fhorbairt phearsanta. Ní bhreathnaíonn sé ar pheil mar chluiche agus sin amháin, ach mar uirlis chun daoine óga a mhúnlú agus a ullmhú don saol. Sa chiall seo, tá sé cosúil le múinteoir chomh maith le bainisteoir, agus tá meas mór ag imreoirí air dá bharr.
Ní fhéadfá Barry-Murphy a phlé gan trácht ar a phearsantacht chiúin, chumhachtach. Ní hé an cineál duine é a bhíonn ag maíomh as féin ach déanann sé a chuid oibre go dícheallach agus go macánta. Caithfidh go raibh tionchar ag a athair air agus an spórt san fhuil aige. Ar ndóigh, tá a athair, Jimmy Barry-Murphy, ar dhuine de na pearsana spóirt is mó le rá i gCorcaigh, de bharr a chuid gaiscí san iomaíocht agus sa pheil Ghaelach. Ba dhuine díograiseach é Jimmy, a chuir béim ar obair chrua agus ar scileanna bunúsacha. D’fhás Brian aníos i dtimpeallacht ina raibh an spórt lárnach. Dúirt sé gur mhúin a athair dó go gcaithfeadh sé díriú ar fheabhsú leanúnach agus gur cheart iarracht mhór a dhéanamh lena chuid spriocanna a bhaint amach.
Chomh maith leis sin, bhí meas mór ag Jimmy ar an bpobal agus ar an gclub áitiúil, rud a chuaigh i bhfeidhm ar a mhac ina dhiaidh sin lena thréimhse le Cork City. Léiríonn an nasc seo idir athair agus mac oidhreacht láidir spóirt agus luachanna a mhaireann ó ghlúin go glúin. Cé gur roghnaigh Brian gairm sa sacar seachas sna cluichí Gaelacha, is léir go bhfuil bunús a ratha fréamhaithe sna ceachtanna a fuair sé sa bhaile.
Ceann de na gnéithe is suimiúla de Barry-Murphy ná a fhealsúnacht pheile. Creideann sé i gcur chuige atá bunaithe ar thuiscint an chluiche, seachas ar láidreacht nó ar luas amháin. Cuireann sé béim ar ghluaiseacht gan an liathróid, ar úsáid spáis, agus ar chumarsáid idir imreoirí. Ina chuid oibre le himreoirí óga, breathnaíonn sé ar an gcluiche sacair ó thaobh oideachas de. Tá sé ag iarraidh daoine seachas imreoirí a fhorbairt. Tá sé seo le feiceáil ina chur chuige macánta agus tuisceanach mar bhainisteoir. Tá moladh mór tuillte ag Barry-Murphy. Óna thús i gCorcaigh go rólanna éagsúla i Sasana, léiríonn a scéal an tábhacht a bhaineann le luachanna láidre agus le fís shoiléir. Is eiseamláir iontach é Brian Barry-Murphy de dhuine bhfuil ag éirí thar cionn leis trí obair chrua agus paisean. Tuigeann sé an tábhacht a bhaineann le díograis agus le fís. Tá Cardiff FC ag dul ó neart go neart faoina chúram agus go leor muiníne sna himreoirí agus iad ag filleadh ar an dara sraithe pheile i mbliana.
Foclóir:
séasúr = season
an suntusach = remarkable
atmaisféar dearfach = positive atmosphere
san fhuil aige = in his blood
scileanna bunúsacha
moladh = praise
tuillte = deserved

















