Tráth seo na bliana, ní hamháin go bhfilleann na fáinleoga, ach tosaíonn grúpaí áitiúla ag pleanáil chun dul amach ag bailiú bruscair - iad spreagtha ag meascán de mhothúcháin – an nasc daonna a mhothaítear ag borradh iontu eatarthu agus cuisle spioradálta na cruinne, gríosaithe ag dualgas agus freagracht shibhialta, meallta ag grá d’áilleacht an dúlra mórthimpeall orthu, ach iad ar fad aontaithe ag bród paróisteach.
Tháinig grúpa ollmhór ón gceantar iargúlta ag bun Shléibhte an Chumaraigh i gContae Phort Láirge le chéile ar Luan Cásca i mbliana chun glanadh suas a dhéanamh. Bhí pictiúr den ghrúpa seo ar chéad leathanach an nuachtáin áitiúil, an Dungarvan Observer, an tseachtain seo caite, iad ina seasamh le chéile lasmuigh d’ollmhargadh i Léim Uí Bhriain i gCo. Phort Láirge réidh le tosú ar an mbruscar a bhailiú, é mar aidhm acu slacht a chur ar an áit. Thosnaíodar ar an bhfeachtas seo, iad ag teacht le chéile don obair bhliantúil, siar in 1996, 30 bliain ó shin. Ó shin i leith tá siad ag bailiú le chéile gan teip gach bliain ar Luan Cásca - mar a mhaítear anseo sa nuachtán, is cuma cén saghas aimsire atá i réim, an lá eagraithe ag grúpa deonach, an Comeragh Community Development Group, gur saorálaithe ar fad iad, ag teacht ó pharóistí na bhFeadh agus Chill Rosanta.

Tá sé mar an gcéanna níos faide siar sa chontae i nGaeltacht na nDéise, ceantar arís ina mbailítear daoine le chéile gach bliain chun an rud ceannann céanna a dhéanamh - bruscar a bhailiú. Arís anuraidh, bhí sé le maíomh ag an ngrúpa seo gur tháinig siad le chéile “in ainneoin na haimsire gruama a bhí tuartha”, agus “gur éirigh thar barr leis an nglanadh seo”. Ag deireadh an lae bhí thart ar 1.2 de thona bruscair bailithe acu, é go léir curtha i málaí móra réidh le bailiú ag an gcomhairle chontae.
Tá siad ag bailiú ag cruinnithe faoi láthair, ag eagrú agus ag leagadh amach aidhmeanna agus é mar aidhm acu arís i mbliana ionsaí tiomsaitheach a dhéanamh ar na tránna ar fad atá sa Rinn - an Coinigéar, Poll a’ Phúca, Baile na nGall agus Cóbh Heilbhic, agus Cé Heilbhic chomh maith. Bunaíodh Coiste Maisithe na Rinne sa bhliain 2002 chun iarracht a dhéanamh an timpeallacht a choimeád glan an t-am go léir.
RM Block
“Uaireanta bíonn rudaí nach mbíonn róghlan ann agus caithfimid a bheith ana-chúramach. Gan dabht caithfidh tú lámhainní a bheith ort mar bíonn rudaí gránna ann uaireanta,” a mhínigh Mary Tobin do ceamaraí Molscéal (TG4) siar sa bhliain 2022 nuair a labhair sí faoi ghlanadh mór na dtránna ina ceantar féin ar leithinis na Rinne. Bhí an lá ina pheata ar lá an taifeadta, thart ar mheánlae, agus an Tóibíneach tagtha chun sciurd a dhéanamh ar gach trá chun a sheiceáil go raibh an trealamh ceart ag gach aoinne. Tá an bhean seo imithe ar shlí na fírinne anois, ach bhí sí mar eiseamláir saorálaíochais, agus an-díograiseach ar fad i leith an ghlanta mhóir seo.
“Bhuamar gradam an bhliain seo caite (2021) ón eagraíocht náisiúnta a fheidhmíonn ar mhaithe leis an dtimpeallacht, An Taisce,” a mhaígh sí agus bród uirthi. “Bhí áthas an domhain orainn é sin a bhuachaint – gradam náisiúnta an ‘Clean Coast Community Group of the Year 2021’.”
Tá siad ag bailiú ag cruinnithe faoi láthair, ag eagrú agus ag leagadh amach aidhmeanna agus é mar aidhm acu arís i mbliana ionsaí tiomsaitheach a dhéanamh ar na tránna ar fad atá sa Rinn - an Coinigéar, Poll a’ Phúca, Baile na nGall agus Cóbh Heilbhic, agus Cé Heilbhic
“Tá málaí agam, bainteoirí, lámhainní agus veisteanna. Tá daoine díreach ag teacht anois,” a dúirt sí. “Tá an chuma air i mbliana go bhfuil níos mó (daoine ag bailiú) ná mar is gnách.”
Ar an lá céanna, mhínigh Páid Ó Cuirrín do cheamaraí Mholscéal go raibh daoine ag bailiú bruscair ar dhá thaobh an ché i mBaile na nGall. “Beidh an dá thaobh clúdaithe.” Bhí sé den tuairim go raibh “feabhas tagaithe ar mheon na ndaoine”. Agus é ag cuimhneamh siar ar an séasúr a bhí caite nuair a bhí an aimsir go maith agus “an áit plódaithe” gach lá, níor cheap sé go raibh “mórán bruscair fágtha ina ndiaidh...Tá sé go hiontach”. Dar leis, is é “an rud is tábhachtaí is dócha, ná daoine óga. Caithfidh tú oideachas a chur ar fáil is dócha, maidir le haon rud. Ní raibh mórán ann an t-am sin - mála go leith, déarfainn.”
In éineacht le heagraíochtaí ar nós seirbhísí na Comhairle Contae, Comhlucht Forbartha na nDéise agus Bord Iascaigh Mhara, faigheann an coiste maisithe sa Rinn tacaíocht ó An Taisce, an eagraíocht náisiúnta a chomhordaíonn lá náisiúnta an ghlanta, a chuireann comharthaíocht, veisteanna, málaí agus trealamh eile ar fáil do choistí áitiúla, a chuireann comhairle orthu agus a thugann cabhair dóibh. Bhí Jennifer Cooney, Oifigeach na Scoileanna Glasa leis An Taisce an-tógtha leis na tránna a glanadh sa Rinn anuraidh. Mhol sí na páistí a thug lámh chúnta do na daoine fásta go háirithe.

Mar a tharlaíonn i ngach paróiste, tagann daoine le chéile chun páirt a ghlacadh i rud tábhachtach agus fiúntach. Mar chuid den lá anuraidh i mí Mheán Fómhair 2025, chuir Seán Mac Craith i dTigh an Cheoil tae agus caife saor in aisce ar fáil do na hoibrithe deonacha.
Bunaíodh an grúpa áitiúil sa Rinn i nGaeltacht na nDéise chun an comhshaol nádúrtha ar leithinis na Rinne a chaomhnú agus a fheabhsú – is daoine díograiseacha iad a eagraíonn laethanta mar seo chun glanadh agus maisiú a dhéanamh ar a gceantar. Déanann siad iarracht aird an phobail a chur ar an eolas faoin bhfadhb leanúnach seo, agus a mhíniú dóibh cé chomh tábhachtach is atá an obair seo. Cuireann siad stró orthu féin a chur ina luí ar dhaoine go bhfuilimid go léir freagrach as seo.
Baileofar arís i mbliana ar thránna na Rinne. Piocfar réimse earraí amach as an ngaineamh nó aníos as na gcarraigeacha - buidéil, cannaí, ábhar plaisteach, troscán briste, éadaí, bróga, hataí, clúidíní linbh...níl deireadh leis. Leanfaidh siad leo, na daoine deonacha seo, iad spreagtha ag mórtas agus grá don áit is speisialta dóibh.















