Tá a lán bacainní le brath le roinnt seachtainí anuas. Ní amháin gur chuir an Iaráin cosc ar longa dul tríd an gCaolas Hormuz, tháinig na Meiriceánaigh ar ais le plean díoltais tar éis do na cainteanna sos cogaidh cliseadh gan réiteach. Tá imshuí iomlán ar an gCaolas ag Cabhlach Mheiriceá.
Agus anseo sa bhaile bhí bacainn leoraithe agus tarracóirí ar siúl fud fad na tíre, a d’eagraigh dream beag a mhaígh gur sheas siad ar son mhuintir uilig na hÉireann.
Fógraíodh sos sa chomhrac ag tús na míosa seo ach is léir go bhfuil an ghéarchéim níos doimhne agus níos leithne ná sin gan aon socrú sciobtha ar an scéal. An tslat tomhais is fearr ná praghas amhola Brent, atá ag ardú os cionn $100 gach dara lá leis an gcasadh is déanaí san aighneas idir na Stáit Aontaithe agus an Iaráin.
Is é an toradh ar an gcinneadh tubaisteach a rinne na Stáit Aontaithe agus Iosrael chun ionsaí damanta a dhéanamh ar Iaráin ná go bhfuil an domhan uilig buailte leis.
RM Block
Léiríonn sé, ar bhealach, an gréasán domhanda atá ann anois - tá gach áit ag brath ar gach áit eile. Má tharlaíonn taisme nó uafás i gcúinne amháin den domhan, bíonn impleachtaí ann do gach tír. Chonaiceamar é sin le linn Covid. Tá muid á fheiceáil arís faoi láthair.
Agus mé ag scríobh an phíosa seo, ritheann sé liom cé chomh corr is a bhí na seacht lá go dtí seo. Thosaigh sé le Donald Trump ag maslú an Phápa. Rinne sé an líomhain aisteach go raibh an Pápa Leo lag ag déileáil le coireanna!
Táimid buailte go dona. Tá praghas an pheitril agus an díosail tar éis ardú go géar anseo, mar atá sé ar fud na hEorpa. Tá costas maireachtála méadaithe freisin agus tá daoine ag fulaingt
Ansin d’fhoilsigh sé pictiúr dó féin ar na meáin sóisialta, é léirithe in íomhá Íosa. Agus ansin tháinig sé amach le pictiúr áiféiseach ina raibh sé léirithe mar dhochtúir. Raiméis agus seafóid.
An bhfuil mearbhall air? An bhfuil a mheabhair ar fad aige a thuilleadh?
Tá éifeacht na mbacainní seo á mbrath go mór in Éirinn. Táimid buailte go dona. Tá praghas an pheitril agus an díosail tar éis ardú go géar anseo, mar atá sé ar fud na hEorpa. Tá costas maireachtála méadaithe freisin agus tá daoine ag fulaingt. Cúpla seachtain ó shin, bhain an rialtas leas as an gciste éigeandála chun €250 milliún a chur isteach sa gheilleagar le praghsanna an bhreosla a ísliú. Faraor, níor chuir sé sin stop le hardú na bpraghsanna arís.
Ansin thosaigh na conraitheoirí talmhaíochta agus na tiománaithe leoraithe i mbun agóide. Bhí go leor comhbhá ag an bpobal leo ag an tús, mar níl aon duine sa tír nach mothaíonn tionchar na gcostas ard fuinnimh. Ach nuair a thosaigh siad ag cur bac ar Chalafort na Gaillimhe, ar Chalafort Fhainge, agus ar an scaglann i mBéal an Átha Bháin i gCorcaigh, d’éirigh an scéal i bhfad níos measa. Go tobann, bhí ganntanas díosail agus peitril sna stáisiúin ar fud na tíre—agus ní an cogadh sa Mheánoirthear ba chúis leis sin, ach an bhacainn.
Le linn an deireadh seachtaine, bhí 600 as 1,500 stáisiún peitril gan bhreosla. Bhí mé ag éisteacht le Raidió na Gaeltachta agus is léir go raibh gach stáisiún i gConamara gan díosal. Bhí an scéal mar an gcéanna i Maigh Eo agus in go leor contaetha san iarthar.
Bhí cuid de na ráitis a rinne ceannairí na n-agóidí thar a bheith mí-oiriúnach — agus iad ag caint ar réabhlóid, ag bagairt gur chóir don Taoiseach imeacht agus ag caitheamh anuas ar na húdaráis. Bhí siad ag maíomh go raibh siad ag labhairt ar son mhuintir na hÉireann. Ní raibh. Níl aon údarás acu labhairt ar son na ndaoine.
Ní dhearna na páirtithe a thacaigh leis an mbacainn — Sinn Féin agus Independent Ireland go háirithe — aon mhaith dóibh féin. Bhí an dá pháirtí sásta tacú le gníomh mídhleathach.
Níor tháinig aon dream amach go maith as an scéal seo.
Chuaigh mionlach de lucht na hagóide thar fóir agus focail fhrithdhaonlathacha le cloisint ó dhuine nó beirt acu. Ní raibh na páirtithe freasúra toilteanach idirdhealú ceart a dhéanamh idir agóid agus bhacainn. Thit an rialtas féin as a chéile ó thaobh cumarsáide de — cuireadh teachtaireachtaí measctha amach faoi úsáid na bhFórsaí Cosanta, agus ansin ghéill an Rialtas le pacáiste, ar fiú €500 milliún é, a dhírigh go cúng ar ghrúpa amháin sa tsochaí.
Ina dhiaidh sin, coinníodh an brú ar an Rialtas. Sa Dáil an tseachtain seo caite, bhí vóta muiníne as an Rialtas. Cé gur bhuaigh sé é go compordach, ní raibh sé gan íobairt.
Tharla sé sin nuair a vótáil Danny Healy-Rae i gcoinne an rialtais, rud a chuir iallach ar a dheartháir, Michael Healy-Rae, éirí as mar Aire Stáit ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara mar bhí a phost ag brath ar thacaíocht na beirte don rialtas i vótaí muiníne as an rialtas agus i vótaí buiséid.
Mar sin, tar éis 14 mhí sa rialtas, bhí Michael Healy-Rae imithe.
Bhain an freasúra buntáiste as mar dhea. Is maith a thuigeann siad nach féidir leo vótaí den chineál sin a bhuachan. Dá dtarlódh sé sin bheadh olltoghchán ar na bacáin. Ina ionad sin, bíonn bua ann nuair a tharraingíonn duine siar a thacaíocht don rialtas. Mar a tharla leis na deartháireacha Healy-Rae.
Cad a tharlóidh anois? Tá sé an-deacair a rá. D’fhéadfadh an scéal idirnáisiúnta feabhsú, nó d’fhéadfadh sé dul in olcas. Ní bhíonn a fhios agat choíche le Trump. Má théann sé in olcas, beidh brú ollmhór ar an rialtas ag am an Bhuiséid pacáiste cúitimh i bhfad níos mó a chur ar fáil. Agus má dhéanann siad amhlaidh, feicfear é mar ghéilleadh do bhrú an fhreasúra.
Deir roinnt tráchtairí go bhfuil gach cuma ar an scéal go bhfuil an Rialtas ag iarraidh airgead a chaitheamh chun é féin a tharraing amach as an trioblóid. Má tá, ní straitéis mhaith é sin d’aon rialtas.
















