Tá an Roinn Oideachais ag teacht salach ar a bpolasaithe féin maidir leis na díolúintí ó mhúineadh na Gaeilge a bhronann siad ar dhaltaí sa chóras oideachais a deir saineolaí oideachais.
Ag labhairt dó le Scéal, dúirt an tOllamh Emeritus Pádraig Ó Duibhir ó Institiúid an Oideachais in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath nach raibh gá le formhór na ndíolúintí don Ghaeilge a bhronntar ar dhaltaí le riachtanais foghlama speisialta agus go bhfuil ag teip ar an Roinn ina polasaithe ionchuimsitheacha tacaíocht chuí a chur ar fáil dóibh.
“Dar liomsa, tá na díolúintí ag teacht salach ar mheon agus ar fhealsúnacht na Roinne Oideachais agus gur beag páiste a dteastaíonn díolúine uathu,” a dúirt sé.
“An tuairim a bheadh agam féin ná go bhfuil sé faoin gcóras an teagasc a chur in oiriúint do riachtanais na bpáistí. Ní chabhraíonn díolúine ón nGaeilge le páistí ó thaobh an disléicse de, ní dhéanann sé rud ar bith chun tacú leis an riachtanas ar leith atá ag an bpáiste.”
RM Block
“An rud is tábhachtaí ná go bhfoghlaimeoidh siad cibé rud atá le déanamh agus go gcabhraítear leo tabhairt faoi na dúshláin atá sa saol agus sa chóras oideachais. I ndáiríre níl faic ar siúl faoi láthair ach an brú a bhaint den chóras maidir le deileáil le páistí a bhfuil riachtanais acu.”
Bhí an tOllamh Ó Duibhir ag déanamh tagairt do chruinniú de chuid Coiste Gaeilge an Oireachtais Dé Máirt seo caite.
Dúirt oifigigh de chuid na Roinne Oideachais ann go bhfuil sé de chumas ag daltaí bunscoile a fhaigheann díolúine ón nGaeilge teangacha a fhoghlaim.
Agus é ag freagairt ceisteanna ó bhaill an choiste, dúirt Príomhoifigeach na Roinne, Mark Bohan, “Ní hionann díolúine agus ráiteas nach féidir le duine éigin teanga a fhoghlaim. Tá díolúine bunaithe ar an gcumas atá ann an curaclam a dhéanamh mar atá sé leagtha amach.”
Dúirt an t-Uasal Bohan go raibh laghdú tagtha freisin ar líon na ndíolúintí sa chóras bunoideachais ó bhí 2018 ann agus go bhfuil sé mar pholasaí ag an Roinn Oideachais gach iarracht a dhéanamh gan díolúine a thabhairt do dhalta go dtí go sroicheann siad rang a 5 nó rang a 6.
Don scoilbhliain 2024/25, fuair 12,131, nó 2.2%, de dhaltaí bunscoile sa stát díolúine ó fhoghlaim na Gaeilge.
Tuigtear go bhfuair 11,756 de na daltaí seo díolúine de bharr riachtanais speisialta foghlama agus gur tháinig an 375 dalta eile as tíortha iasachta.
Tá an ráta seo i bhfad níos airde, áfach, sa chóras meánoideachais. Don scoilbhliain 2024/25, fuair 60,946 (14.3%) dalta meánscoile díolúine ón nGaeilge – an ráta ab airde a bhí ann riamh.
Tharraing an córas díolúine don Ghaeilge géarcháineadh ó pháirtithe an rialtais agus na freasúra araon sa Choiste Gaeilge.
Dúirt urlabhraí oideachais speisialta Shinn Féin, Shónagh Ní Raghallaigh TD, “Níl aon fhianaise ann ag rá gurb ionann riachtanais bhreise agus gan a bheith in ann teanga a fhoghlaim. Níl aon fianaise ann nach féidir le duine ó thír eile an tríú teanga a fhoghlaim – de ghnáth bíonn siad dátheangach nuair a thagann siad anseo”
“An féidir libh anois a admháil nach bhfuil an córas díolúine seo ag obair? Chuir mé an cheist cheana, ní raibh sibh in ann é admháil”
“Nuair a bhí mise ag múineadh, bhí páistí agam le dioscalúile agus níor cuireadh ceist orm riamh díolúine a thabhairt dóibh sa mhata.”
“Tá sé soiléir domsa go bhfuil easpa measa don teanga anseo agus claontacht i gcoinne ár dteanga náisiúnta.”
Tharraing cur chuige na Roinne Oideachais cáineadh ó Fhianna Fáil chomh maith.
Dúirt an Seanadóir Shane Curley ó Fhianna Fáil, “Nach bhfuil fadhb bhunúsach ansin? Nár cheart go mbeadh an curaclam ag cabhrú leis an múinteoir an teanga a mhúineadh agus ag cabhrú leis an dalta an teanga a fhoghlaim, seachas a bheith mar bhloc dóibh a bheith in ann dul i ngleic leis an teanga.”
Anuas ar an méid sin, dúirt Príomhchigire Cúnta na Roinne, an Dr Treasa Kirk, go bhfuil easpa scileanna inniúlachta agus muiníne i measc múinteoirí mar cheann de na dúshláin is mó atá ann do mhúineadh na Gaeilge sa chóras bunoideachais.
Dúirt sí, “An dúshlán is mó atá ann, baineann sé le scileanna inniúlachta na múinteoirí agus na bpríomhoidí agus [easpa tuisceana] a bheith acu ar an gcuraclam teanga,”
“Tá béim ar an bhfoghlaim ghníomhach agus go mbaineann na páistí sult as an nGaeilge agus tá sé sin ríthábhachtach mar is eol dúinn ach ní féidir é sin a dhéanamh gan an inniúlacht teanga, gan na scileanna teanga agus gan an tuiscint sin ar an gcuraclam.”















