An File Siúlach Gairmiúil

Caitheann an t-údar súil ar shaol agus ar shaothar an fhile cháiliúil agus ar na ceisteanna móra a bhaineann leis go fóill

Seanchas na Sceiche: "Bhí an tsíon go dian ag teacht as gach cearda, anoir is aniar is anuas le fána, ní fhéadfainn a shamhail a thabhairt duit i láithreach, ach roithleán lán a bheadh ag criathrú ráibe".  Grianghraf: Éanna Ó Caollaí
Seanchas na Sceiche: "Bhí an tsíon go dian ag teacht as gach cearda, anoir is aniar is anuas le fána, ní fhéadfainn a shamhail a thabhairt duit i láithreach, ach roithleán lán a bheadh ag criathrú ráibe". Grianghraf: Éanna Ó Caollaí

Dúirt Frank O’Connor, agus é ag caint ó na fiacla amach ní foláir, ‘Statistical evidence...shows that Anthony Raftery is the greatest poet in the world’ óir thar aon duine eile aithrisíodh a chuid filíochta leis nuair a luadh a ainm. Is féidir a rá chomh maith gurb iad a chuid amhrán, leis, is mó a deirtear thairis fhile ar bith eile ag comórtais amhránaíochta an Oireachtais. Mar bhuille faille, áfach, deir O’Connor ‘The gentle maunderings of Anthony Raftery are as close as genuine poetry has ever approached to doggerel.’

Uaireanta thuigfeá dó. San amhrán cumhachtach bristechroíoch ‘Eanach Dhúin’, nó ‘Anach Cuain’ mar ab fhearr aithne air go dtí le déanaí, tá línte ann a thabharfadh deora le do shúile, agus is cinnte gur dhein ina thráth féin. Ach tá línte eile ann a bhfuil titim chun laige iontu, a ghabhann isteach sa pholl slogaide, nó a ndéantar leacht díobh. Orthu sin tá deireadh na hinsinte féin: ‘Is é críoch an amhráin, gur báthadh mórán/ D’fhág ábhar dóláis ag Eanach Dhúin.’ An méid sin tar éis deich gcinn de véarsaí ciachmhara a scaoileadh chugainn! Leanann an cheist láithreach, mar a leanann le gach aon phíosa den litríocht bhéil, an féidir linn a bheith cinnte gurbh é Raiftearaí é féin a chum na línte sin, nó go deimhin, go leor eile den amhrán céanna mar luaitear file áitiúil le codanna áirithe de chomh maith.

Chum sé amhráin mholta do dhaoine a thug bheith istigh agus iostas na hoíche agus greim le n-ith agus bolgam le n-ól dó agus thrácht sé ar imeachtaí a linne mar urlabhraí pobail

Má tá aon cheist agat maidir leis an bhfile siúlach scéaltach ceolmhar seo, tá an freagra nó an cíoradh le fáil sa leabhar cuimsitheach Mise Raiftearaí: An Fíodóir Focal le Tadhg Mac Dhonnagáin (Futa Fata). Is é atá ann ná beathaisnéis an fhile agus scagadh mionchúiseach ar a chuid filíochta i bhfianaise na beatha sin a léirítear le heolas fairsing áitiúil, le taighde cóir, leis na foinsí gátaracha, ach thar aon rud eile le samhlaíocht an údair féin. Óir is athchruthú ar bheatha agus ar thréimhse saoil an fhile atá againn anseo ionas gur dóigh linn go bhfuilimid ag siúl na mbóithre uaigneacha sin ina theannta, go bhfuilimid sna tithe agus sna síbíní, agus go bhfuilimid mar pháirt den chabaireacht a tógadh timpeall air lena linn.

Mise Raiftearaí: An Fíodóir Focal le Tadhg Mac Dhonnagáin (Futa Fata)
Mise Raiftearaí: An Fíodóir Focal le Tadhg Mac Dhonnagáin (Futa Fata)

Tugann Mac Dhonnagáin aghaidh ar na ceisteanna go léir a cuireadh go minic mar gheall ar Raiftearaí agus nár ghá go mbeadh aon fhuascailt amháin orthu. Cén fáth ar fhág sé Cill Liadáin nó Cill Aodáin agus an teach mór ina raibh aithne air chun aghaidh a thabhairt ar Achréidh na Gaillimhe? Arbh é in aon chor a chum an dán cáiliúil ‘Mise Raifteirí an file/Lán dóchais agus grá’? An raibh aon mhaith ann mar fhidléir ceoil? An raibh léann clasaiceach de shaghas ar bith air nó an amhlaidh go raibh sé inniúil ar ainmneacha na ndéithe agus na bpearsana ón Róimh agus ón nGréig a chaitheamh isteach ina chuid filíochta mar a chaithfí na scealláin isteach sa steaimpí? Conas a tharla nár scríobh sé puinn mar gheall ar éirí amach 1798 a thit amach ina cheantar féin nuair a bhí sé naoi mbliana dhéag d’aois? Ar leis a bheirt leanaí féin lena bhean Siobhán, nó ar dhuine eile an t-athair mar a maíodh? Cérbh iad Máire Ní Eidhin agus Neansaí Walshe, beirt de na spéirmhná ar chum sé dánta molta ar a n-áilleacht is ar a dtréithe.

Tá breis agus lán lóin sa mhéid sin ar fad, agus tugann an t-údar aghaidh orthu gan scáth. Tugann sé a cheart do na taighdeoirí agus bailitheoirí a chuaigh roimhe, go háirithe Dubhghlas de hÍde, Ciarán Ó Coigligh agus Lady Gregory, ach tá mioneolas bailithe aige sa chuardach agus ní leasc leis a chleachtadh dílis féin agus é ag teacht in inmhe a chur sa mheá ach aon oiread, rud a dhéanann oilithreacht phearsanta den saothar iomlán.

Dhein Raiftearaí ceangal dlúth idir an creideamh agus an pobal, ‘chuir sé an fhéiniúlacht Éireannach náisiúnach agus an fhéiniúlacht Chaitliceach chun cinn mar aon rud amháin’. Ní cúis iontais é sin nuair a bhí an rud céanna ar bun ag Daniel O’Connell ach de cheal na Gaeilge. Bhain sé taitneamh mór, ba dhóigh leat, as a bheith ag spídiúlacht ar Chailvin agus ar Liútar, agus go ró-áirithe ar Eilis I: ‘Cuirim leis Elizabeth phéisteach/Nár phós fear is nár stad ó éinneach.’ Ar éigean go mbeidh gean ar a chuid filíochta in aon scoil idirchreidmheach faoi láthair.

Tadhg Mac Dhonnagáin. Grianghraf: Dean Kelly
Tadhg Mac Dhonnagáin. Grianghraf: Dean Kelly

Cé go raibh sé dall as a óige (‘seanscramaire caoch’ mar a thug Marcas Ó Callanáin air) ‘níl ach aon tagairt amháin ar fáil ina shaothar faoin daille’. Mar sin féin ‘Is í an daille a rinne file lánaimsearthach de.’ Is mar fhile agus mar cheoltóir a mhair sé bíodh is go raibh sé cráite bocht. Chum sé amhráin mholta do dhaoine a thug bheith istigh agus iostas na hoíche agus greim le n-ith agus bolgam le n-ól dó agus thrácht sé ar imeachtaí a linne mar urlabhraí pobail: ‘D’fhág sé sin go raibh an file siúil ag feidhmiú mar iriseoir chomh maith le cumadóir.’

B’é Jurgen Habermas, an fealsamh Gearmánach a fuair bás tuairim is coicíos ó shin a chraobhscaoil an tuairim mar gheall ar an ‘sféar poiblí’ a d’fhás le nuachtáin, le litearthacht, le dioscúrsa sráide an bhaile mhóir á thabhairt le fios nach raibh allagar sóisialta i measc na ndaoine roimhe sin ach iad i dtaobh le hallagar anuas ó na húdaráis agus ó na huaisle. Bréagnaíonn saothar Raiftearaí an méid sin go diongbháilte i dtaobh na hÉireann de, óir ba chuid den phlé sóisialta a chuid filíochta ó thús go deireadh, na haighnis fhileata a raibh sé páirteach iontu san áireamh. Mar a deir Vincent Morley ina shárleabhar ar sheachadadh na staire, Ó Chéitinn go Raifteirí: Mar a Cumadh Stair na hÉireann,Má bhí an stair á scríobh ag an aos léinn i dtéacsanna fada próis sa chéad leath den 17ú haois, bhí sí de ghlanmheabhair ag lucht déirce dhá chéad bliain ina dhiaidh sin.’ Is ag trácht ar dhán fada Raiftearaí ‘Seanchas na Sceiche’ atá sé, dán breis agus 400 líne a chum fear a bhí dall agus gan léamh ná scríobh agus a coinníodh ar bhéala agus i gcloigne daoine mar chuntas dílis dóibh féin ar scéal na tíre agus a muintire.

Is é a chuir Tadhg Mac Dhonnagáin roimhe ná go gcuirfimis aithne ‘ar an bpáiste a d’fhás suas ina fhile siúil’ go dtí go bhfuair sé bás ‘i scioból Dhairbí Uí Chluanáin lámh le Creachmhaoil ag druidim le Nollaig na bliana 1835’. Dhein sé an méid sin go máistriúil, léannta, bríomhar, soléite; agus go deimhin, eiseamláir is ea an leabhar ar an gcineál ar chóir a bheith á scríobh ar Aogán Ó Rathaille, Eoghan Rua, Art Mac Cumhaigh, Shéamas Dall agus eile mar chuid de riachtanais léann na hÉireann.

Foclóir:

comórtais amhránaíochta = singing competitions

bristechroíoch = broken hearted

ciachmhar = gloomy

cráite = tormented

allagar = argument/dispute

scioból = barn

de ghlanmheabhair = off by heart

léannta = learned

soléite = readable

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar