Tá cáineadh géar déanta ag an bhFeisire Eorpach Cynthia Ní Mhurchú ar an Roinn Oideachas, á rá go bhfuil “easpa uafásach uaillmhéine” léirithe acu maidir leis an earnáil oideachais lán-Ghaeilge.
Tuairiscíodh an tseachtain seo caite nach bhfuil ach 5.9% de dhaltaí scoile sa stát ag freastal ar scoil lán-Ghaeilge, an céatadán is ísle le 12 bhliain anuas.
I mbliana, tá 14,032 (3.3%) dalta meánscoile ag freastal ar mheánscoil lán-Ghaeilge, idir scoileanna Gaeltachta agus Ghaelscoileanna. Seo laghdú ar an 14,199 a bhí anuraidh, in ainneoin go bhfuil líon na ndaltaí meánscoile ag an bpointe is airde riamh sa stát faoi láthair.
Tháinig méadú beag ar líon na ndaltaí a fhreastalaíonn ar bhunscoileanna lán-Ghaeilge ó 7.8% anuraidh, go 7.9% i mbliana.
RM Block
Tá an fhianaise ann gan dabht go bhfuil éileamh mór ann, ach is léir go bhfuil ag teip ar an Stát freastal ar an éileamh sin.
Ag labhairt di le Scéal faoi na figiúirí, dúirt Ní Mhurchú, atá ina Feisire Eorpach de chuid Fhianna Fáil: “Léiríonn siad easpa uafásach uaillmhéine thar na blianta ag Airí Oideachai s agus oifigigh na Roinne sin. Géarchéim leanúnach í seo.”
“Tá an fhianaise ann gan dabht go bhfuil éileamh mór ann, ach is léir go bhfuil ag teip ar an Stát freastal ar an éileamh sin.
“Agus is cosúil nach mbeidh aon fheabhas ar an scéal tríd an tionscnamh is déanaí de chuid na Roinne Oideachais atá in ainm is a bheith dírithe ‘ar theagasc, foghlaim agus úsáid na Gaeilge i scoileanna a neartú’.”
“Tá faitíos orm gur teip leanúnach an tionscnamh seo. Tá gníomhú ag teastáil thar aon ‘siopa cainte’ chun an ghéarchéim seo a chur ina ceart.
“Caithfidh an Roinn Oideachais, an Roinn Ardoideachais, an Roinn Airgeadais agus an Roinn Gaeltachta obair le chéile chun an fhadhb a réiteach faoi stiúir Roinn an Taoisigh.”

Anuraidh bhunaigh an Roinn Oideachais tascfhórsa le díriú ar “Mhúnlaí Soláthair don Oideachas Lán-Ghaeilge” ina dtabharfaí páirtithe leasmhara agus oifigigh na Roinne le chéile chun polasaithe a dhearadh leis an earnáil a fhás.
Tharraing bunú an tascfhórsa cáineadh ó oifigigh neamhspleácha san earnáil oideachais Gaeilge, Príomhfheidhmeannach Gaeloideachas, Bláthnaid Ní Ghréacháin, agus Cathaoirleach an Fhorais Pátrúnachta, an tOllamh Pádraig Ó Duibhir, ina measc.
Ag caint di faoin tascfhórsa, dúirt an Feisire Eorpach, “Nílim ag caitheamh anuas ar éinne atá ar an tascfhórsa - nó bainteach leis - nuair a deirim nach é tascfhórsa nua atá uainn ar chor ar bith chun féachaint ar an soláthar Gaeloideachais”.
Dúirt Ní Mhurchú freisin nach bhfuil an Roinn ag baint úsáid as an gcóras oiliúna do mhúinteoirí le forbairt a dhéanamh ar an earnáil lán-Ghaeilge, cé go bhfuil sé éigeantach do mhúinteoirí bunscoile caighdeán proifisiúnta a bhaint amach sa teanga.
Dúirt sí, “Is léir cinnte nach bhfuil an Roinn ag tapú leis na deiseanna a thugann an córas oiliúna múinteoirí dúinn ó thaobh cur le líon na nGaelscoileanna sa tír.”
“B’fhéidir go mbeidh athruithe agus feabhas áirithe le cur ar chaighdeán an chúrsa don cháilíocht B2 sa Ghaeilge, ionas go mbeidh sé dírithe ar mhúineadh trí Ghaeilge i nGaelscoil chomh maith le scoil Bhéarla.”
Dúirt an Feisire Eorpach freisin go raibh imní uirthi faoi thuairiscí a fuair sí a thug le fios go raibh ar neart daltaí meánscoile taisteal cúpla uair a chloig in aghaidh an lae le freastal ar Ghaelcholáiste agus go gcuirfidh sí achainí faoi bhráid Choiste na nAchainí i bParlaimint na hEorpa ina leith.
Ina theannta sin, dúirt Ní Mhurchú gur chóir don rialtas foghlaim ón Aontas Eorpach maidir le cur chun cinn na teanga.
Dúirt sí, “Ó 2022 i leith, tá an Ghaeilge ina teanga oifigiúil iomlán den Aontas Eorpach, rud a d’oscail deiseanna iontacha do dhaoine óga ar fud na hÉireann.”
“Tá an Ghaeilge le cloisteáil anois i seomraí cruinnithe, i ndoiciméid dlí, i ndíospóireachtaí polaitiúla agus i ngnáthchumarsáid laethúil na n-institiúidí.
“In Aontas ina bhfuil 24 theanga oifigiúla, seasann an Ghaeilge chomh hard le haon cheann eile.”Rinne Scéal iarracht teagmháil a dhéanamh leis an Aire Oideachais le haghaidh ráiteas ach tugadh le fios nach raibh sí ar fáil.














