Ceiliúradh mór ag gailearaí beag

Beidh Dánlann Joan Clancy 25 bliana ar an bhfód an samhradh seo

Is dlúthchuid de ghréasán ealaíne na háite é Dánlann Joan Clancy. Grianghraf: RoseAnn Foley
Is dlúthchuid de ghréasán ealaíne na háite é Dánlann Joan Clancy. Grianghraf: RoseAnn Foley

Beidh gailearaí áitiúil a osclaíodh i nGaeltacht na Rinne ag tús na mílaoise ag ceiliúradh an cheathrú céad i mbun gnó an samhradh seo. Is dlúthchuid de ghréasán ealaíne na háite é Dánlann Joan Clancy, é fite fuaite le himeachtaí cultúrtha an cheantair.

Glactar leis go bhfuil na healaíona nua-aimseartha curtha ar an mapa ag an áit seo atá suite i gcroílár na Gaeltachta ar chósta theas na tíre agus go bhfuil tábhacht agus áilleacht na n-oibreacha cultúrtha a chruthaítear sa cheantar méadaithe ag spotsolas na dánlainne seo.

Is anseo a eagraítear taispeántais rialta d’obair ealaíontóirí – bíodh stádas áitiúil, náisiúnta nó idirnáisiúnta acu. Is anseo a léirítear gnéithe éagsúla d’oidhreacht nuachruthaitheach na háite.

Is í Joan Clancy a bhunaigh agus a stiúrann an gailearaí, atá suite ar bharr na faille ar imeall chuan Dhún Garbháin. Amach ó fhuinneoga an ghailearaí tá uisce na bá ag síneadh amach – spás agus solas speisialta na háite lánoiriúnach do thaispeáint pictiúr.

Gan amhras cuireann dreapadh an staighre bíse a leantar chun an gailearaí a bhaint amach go mór le draíocht agus mealltacht na háite – gan trácht ar Joan Clancy í féin, bean a chaith seal ina cónaí in Hollywood California nuair a mhair a fear céile, Tom Clancy, duine de na Clancy Brothers ó Charraig na Siúire, agus é ag obair mar aisteoir ann.

“Tagann daoine anseo nach raibh sa Ghaeltacht riamh agus bíonn ionadh orthu,” a deir úinéir an ghailearaí. “Braitheann siad go bhfuil ríocht éigin atá caillte aimsithe acu. Téann áilleacht agus draíocht na háite i bhfeidhm go mór orthu ... agus téann suíomh an ghailearaí é féin i bhfeidhm orthu i ndáiríre.”

Tá sé soiléir ó na pictiúir a chrochtar anseo go rialta go bhfuil tírdhreach na leithinse agus cósta iarthar Phort Láirge i gcoitinne imithe i bhfeidhm go mór ar na healaíontóirí a bhíonn ar taispeáint ann.

Go minic feictear toradh na hinspioráide ar na fallaí – bíodh sé i bhfoirm theibí nó réalaíoch – áiteanna mar Bhaile Mhic Airt, Ceann Heilbhic, Carraig an Oileáin, Cé Bhaile na nGall, Na Gaibhne (gur carraigeacha iad seo i mbéal an chuain a bhíonn nochta ag lag trá) agus Gaibhlín an tSolais atá ar chósta oscailte pharóiste na Rinne nó Baile Uí Bhaoill – iad ar fad curtha ar chanbhás ag go leor péintéirí, agus le léamh in ainmneacha na bpictiúr.

In 2008 chuir Clancy béim ar an mbaint a bhí ag Oscar Wilde leis an gceantar nuair a d’oscail sí seó dar theideal Wilde About Art.

Cé gur gailearaí beag príobháideach í Dánlann Joan Clancy, is mór an tionchar atá ag an ngailearaí ar an gcáil atá bainte amach ag an gceantar mar thobar cruthaitheach d’ealaíontóirí óga.

Feictear go leor saothair nua-aimseartha ann, iad cruthaithe go háirithe ag ealaíontóirí óga atá ag teacht chun cinn. Tá ealaíon nuachruthaithe na n-óg curtha i lár an aonaigh.

In 2008 chuir Clancy béim ar an mbaint a bhí ag Oscar Wilde leis an gceantar nuair a d’oscail sí seó dar theideal Wilde About Art. Mar a léiríodh ag oscailt an tseó, bhí bean ó Dhún Garbháin fostaithe mar bhanaltra leanaí ag máthair Oscar Wilde sa bhliain 1859 nuair a thosaigh an teaghlach ag teacht go dtí an ceantar ar laethanta saoire roinnt míonna gach samhradh. Bhí Oscar thart ar chúig bliana d’aois an bhliain sin.

I measc na mbuaicphointí cultúrtha eile, luaitear taispeántas grúpa a bhí ann in 2019 chun comóradh 35 bliana a dhéanamh ar bhás an fhile John Betjeman go raibh an-bhaint aige agus an-mheas aige ar an gceantar máguaird.

Is eisean a chum an dán Dungarvan in The Rain. Bhí an ceangal áitiúil seo a bhí ag an bhfile leis an gceantar mar spreagadh ag na healaíontóirí a ghlac páirt agus a léiríodh sa taispeántas. Ina measc bhí Andrea Jameson, Blawnin Clancy, Sinead Ní Chionaola, Ivan Daly, Ciara Gormley, Rayleen Clancy, Eilis O’Toole, John Cullinan agus Noeleen Crossan.

Gailearaí Gaeltachta i gcroílár na cruthaitheachta
Gailearaí Gaeltachta i gcroílár na cruthaitheachta

In 2005 chun céad bliain de Choláiste na Rinne a mharcáil agus tionchar buan na hinstitiúide sin ar iar-scoláirí a léiriú, d’eagraigh Joan seó dar teideal Coláiste 100, taispeántas grúpa de bhreis agus dosaen ealaíontóirí comhaimseartha – Bhí Sinéad Ní Chonaola, agus iníonacha Joan gur ealaíontóirí iad beirt Rayleen Clancy agus Blawnin Clancy, ina measc.

An bhliain roimhe sin, d’eagraigh Joan taispeántas chun a háit dúchais féin a cheiliúradh, Dún Garbhán 800. Eagraithe mórthimpeall ar na healaíontóirí is mó a bhaineann leis an mbaile, agus le cabhair ó Bhailiúchán Ealaíne Bardasach Phort Láirge, cuireadh obair le beirt nach maireann – Sarah Purser (1848–1943) agus Power O’Malley (1877–1946) – ar crochadh sa ghailearaí.

Cuireadh obair chomhaimseartha an ealaíontóra mhóir le rá Michael Mulcahy ar taispeáint, agus bhí ealaíontóirí eile páirteach ann chomh maith, mar a bhí Brigid Flannery, Wishy Martin, Bríd Ní Chionnfaolaidh, Mary Yorke, Rosemary Gaynor, Martin Quigley, Catherine Jane Ryan, Rayleen Clancy, Blawnin Clancy, Danny Cunningham, Andrea Jameson, Eilís O’Toole, Olive O’Callaghan agus obair leis an dealbhóir Seamus Kelly.

I láthair na huaire tá seó comórtha á eagrú aici chun an breithlá 25 bliana a cheiliúradh. Beidh go leor de na daoine a bhí páirteach i seónna ann roimhe i láthair arís an samhradh seo i dtaispeántas nua a osclóidh ar an 8 Iúil. Beidh saothar le 25 ealaíontóir chomhaimseartha ar taispeáint ann – an scríbhneoir seo a bhíonn ag gabháil don phéintéireacht babhtaí ina measc.

“Is deis uathúil í seo ceangal a dhéanamh le healaín chomhaimseartha na hÉireann – agus le saibhreas chultúr na Gaeltachta – in aon chuairt amháin,” a deir úinéir na dánlainne. Beifear ag súil le slua.