Tarraingt agus tragóid na farraige

Bíonn obair mhór ar siúl ag na báid tarrthála i bPort Láirge agus ar fud na tíre ó cheann ceann na bliana

Clapsholas ag titim ar Chuan Heilbhic. Grianghraf: RoseAnn Foley
Clapsholas ag titim ar Chuan Heilbhic. Grianghraf: RoseAnn Foley

Tá an fharraige a shíneann amach ó leithinis na Rinne támáilte caoin inniu, an spéir mar bhlaosc ghorm os ár gcionn.

An tseachtain seo caite sheasamar ar Cheann an Bhathla ag féachaint amach ar chúig míolta móra ag glacadh sosa ón aigéan domhain, a heití ina seasamh mar lámha cúthaile curtha in airde ag scoláirí ranga.

Cúpla bliain ó shin, bhí ar chriú an bháid tarrthála míol mór socach Sowerby a shábháil, é i gcruachás san fharraige amach ó Rinn Ua gCuanach - míol mór gur chóir dó a bheith i bhfad amach, thart ar 300 míle siar ó chósta thiar na hÉireann. Bhí an t-ainmhí greamaithe le rópaí agus é ina luí ar charraigeacha taobh le cuan Bhaile na nGall. Fuair an RNLI i gCeann Heilbhic glaoch ó bhall den phobal agus láithreach ghléas na fir tharrthála iad féin sna cultacha agus d’imigh siad amach sa bhád.

Bhí orthu thart ar cheithre uair an chloig a chaitheamh amuigh ar an bhfarraige, cuid acu san uisce in éineacht leis an gcréatúr seo a bhí gortaithe, lag agus ag cur fola.

Mar phobal i bparóiste atá suite ar imeall na farraige, bímid i gcónaí ag faire ar an uisce, ag tógáint na dtaoidí fé ndeara. Nuair a théann bád amach, is deacair gan a bheith ag paidreoireacht go dtiocfar slán. An chuid is mó den am déanaimid dearmad ar thionchar marfach na farraige. Ach i gcontae Phort Láirge sa taobh seo tíre tá sí mórthimpeall orainn, í i gcónaí ag faire, ag tapú leis an deis a bheith cruálach agus míthrócaireach nuair is mian léi.

Cailleadh fear amach ó Cheann Heilbhic an mhí seo caite. Tragóid a d’fhág marc ar phobal na Gaeltachta agus ar a phobal féin i gCorcaigh, go ndéana Dia trócaire ar a anam. Ní raibh mórán faoin tubaiste sna meáin – seachas ar Raidió na Gaeltachta. I gcoitinne, ar chúis éigin, déantar dearmad sna meáin aon tuairisciú a dhéanamh ar thubaistí farraige.

Cuan Heilbhic. "Mar phobal i bparóiste atá suite ar imeall na farraige, bímid i gcónaí ag faire ar an uisce, ag tógáint na dtaoidí fé ndeara."  Grianghraf: RoseAnn Foley
Cuan Heilbhic. "Mar phobal i bparóiste atá suite ar imeall na farraige, bímid i gcónaí ag faire ar an uisce, ag tógáint na dtaoidí fé ndeara." Grianghraf: RoseAnn Foley

Tharla an tragóid seo ar an 9 Samhain. Domhnach a bhí ann, lá breá grianmhar, capaillíní bána le feiceáil in áit nó dhó i bhfad amach ar an uisce. Ar an taobh istigh den bhá bhí fothain ann agus bhí gach rud go deas séimh. Mar a tharla, bhí lá oscailte ar bun ag stáisiún an RNLI, an criú agus an fhoireann i láthair ag cur fáilte roimh chuairteoirí, idir óg agus aosta. Bhí siad ag gabháil buíochas leis an bpobal i gcoitinne as ucht na carthanachta agus na dea-thola atá léirithe ag daoine rompu. Tuigtear go forleathan go maireann an RNLI ar bhonn deonach. Mar gheal air sin bhí an áit gnóthach – daoine ag ól tae, earraí á ndíol ó na seastáin ar an taobh istigh den stáisiún, turais ar siúl agus a leithéid. Bhí spraoi ag baint leis an ócáid. Timpeall ar mheán lae, chonaic an scríbhneoir seo beirt chadhcóirí ag imeacht amach trí bhéal an chuain. Lá dár saol, an smaoineamh a rith liom, daoine ag baint taitneamh as an lá.

Cúpla uair ina dhiaidh sin, áfach, fuair an stáisiún glaoch mayday agus d’athraigh gach rud. Bhí an criú i láthair, réidh agus gléasta sna cultacha ar mhaithe leis na cuairteoirí. Láithreach cuireadh an bád tarrthála amach. Ar ball beag, chualathas héileacaptar an Gharda Cósta ag dul tharainn. Bhí cadhcóirí i gcruachás amach ó na carraigeacha thart ar Fhaill an Staicín. Bhí an fear imithe ar shlí na fírinne ach bhí an criú in ann é a thógáint ón bhfarraige. Iompraíodh a chorp sa héileacaptar go dtí an t-ospidéal i gCorcaigh in éineacht lena chara, a tháinig slán.

Cuimhnítear fós ar an tragóid arbh í ba chúis le hathoscailt stáisiún an bháid tarrthála ar Cheann Heilbhic breis agus 30 bliain ó shin. Dúnadh an stáisiún in 1969 ach ansin bádh beirt fhear óga. Is cuimhin le Seán Breathnach, ball sinsearach de chriú an stáisiúin, an bhliain inar cailleadh Pat Tóibín agus PJ Rossiter, déagóirí gur col ceathracha agus comharsana béal dorais iad ó Bhaile na nGall sa Rinn.

“Tá sé sin in aigne gach aoinne fós. Tragóid uafásach a bhí ann agus rinneadh iarracht mhór bád tarrthála a thabhairt ar ais go dtí Heilbhic,” a deir sé. Tharla an tragóid sin ar an 8 Deireadh Fómhair 1993. Fuarthas corp Pat ar an tríú lá déag agus corp PJ ar an tríú lá is fiche tar éis na tragóide.

“Anuraidh bhí 20 glaoch againn agus cúig cinn de na glaonna sin cailleadh na daoine,” a deir Seán. “Taispeánann sé sin an riachtanas atá ag gabháil leis an mbád tarrthála anseo. Ach bhí 15 cheann eile as sin, agus thugamar daoine soir abhaile do dtí a gclann agus sin an chúis a bhfuilimid anseo, agus tá muid á dhéanamh go deonach”.

Deir Liam Ó hArtaigh, bainisteoir oibríochtaí seolta Stáisiún RNLI Cheann Heilbhic, go raibh sé “i gcónaí meallta go hiomlán ag an bhfarraige” ach, arsa sé, agus foláireamh na gcianta ag aisfhuaimniú ina chuid focal, “é sin ráite, ní thiocfaidh aoinne slán ón gcontúirt”.