An chéad rud le rá faoin óráid a thug uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelenskiy os comhair dhá theach an Oireachtais an tseachtain seo caite ná go raibh a obair bhaile déanta aige maidir leis an nGaeilge.
Bhí a fhoghraíocht cruinn go huile agus go hiomlán agus é ag tosú a phíosa cainte. Ní raibh aon rud cearr leis an mbealach a ndúirt sé ‘Ceann Comhairle’ agus ‘Cathaoirleach’. Bhí duine éigin ina fhoireann a d’ullmhaigh go maith.
Is iomaí ceannaire domhanda a thug óráid sa Dáil tríd na blianta: John F Kennedy; Ronald Reagan; Nelson Mandela; Tony Blair; Bill Clinton; François Mitterrand; Helmut Kohl; agus Joe Biden, cuir i gcás.
Ach, mura bhfuil dul amú orm, níor tháinig éinne acu sin a luaigh mé os comhair na Dála, agus an tSeanaid, don dara huair.
RM Block
Ní fear mór é Zelenskiy - tá sé tanaí agus dreach spíonta air faoi láthair.
Sin atá tar éis tarlú le Zelenskiy. Thug sé píosa cainte i mí Aibreáin 2022, díreach mí tar éis don Rúis ionradh míleata a dhéanamh ar a thír.
Ach is trí nasc físe a rinneadh é mar go raibh sé sáinnithe i gCív, príomhchathair na hÚcráine, le linn na troda fíochmhaire a bhí ag tarlú ag an am.
Trí bliana go leith ina dhiaidh sin thug sé óráid úr don Oireachtas. Ach anois bhí sé anseo go fisiciúil mar chuid de thuras oifigiúil ar an tír seo.
Bhí duine amháin eile a d’fhill ar an Dáil an athuair. Ach tharla sé sin thart ar an am a bunaíodh an Stát. Bhí Tim Healy ceaptha mar ghobharnóir. Agus ag comhlíonadh dhualgais an róil sin, tháinig seisean os comhair na Dála agus an tSeanaid faoi dhó.
Tá sé deacair a shamhlú go bhfuil an cogadh idir an Rúis agus an Úcráin ag dul ar aghaidh go fóill gan aon chomhartha láidir go bhfeicfear réiteach, nó sos cogaidh buan.
Agus cé go bhfuil cainteanna ag dul ar aghaidh faoi láthair, níl mórán muiníne agam féin go bhfeicfidh muid aon rud dearfach ag teacht amach astu.
Ní fear mór é Zelenskiy - tá sé tanaí agus dreach spíonta air faoi láthair. Bhí sé gléasta ó bhaithis go bonn in éadaí dubha. Bhreathnaigh sé an-díocasach go deo.
Labhair sé ar feadh 13 nóiméad. Ina sheansaol b’fhear grinn agus aisteoir é ach, leis an nguth slóchtach agus leis an dáiríreacht, bhí an ócáid tromchúiseach go maith.
Ach céard eile a mbeifeá ag súil leis ó cheannaire tíre atá sáite i gcogadh marfach gan faoiseamh? Chun a cheart a thabhairt dó, tá an fód seasta aige chuile lá ó mhí Márta 2022 chun a thír agus a phobal a chosaint ar na Rúisigh agus ar Vladimir Putin.
Ní dheachaigh sé ar chúl scéithe leis an méid a bhí le rá aige. “Chuile lá tá ár muintir san Úcráin ag fáil báis. Tá rogha againn coinneáil leis an gcaint de shíor, nó obair chrua a dhéanamh chun an cogadh seo a thabhairt chun críche.”
Rinne sé tagairt ar leith, gan iad a ainmniú, don dualgas agus don fhreagracht a bhí ar an Rúis agus ar na Stáit Aontaithe.
“Is féidir le tír láidir amháin cogadh a thosú agus is féidir le tír láidir eile stop a chur leis an gcogadh.”
An éistfidh ceachtar acu, Trump nó Putin, leis? Diabhal seans.
Tharla an turas go hÉirinn ag am cinniúnach. Bhí sé i bPáras na Fraince an lá roimhe sin ag bualadh leis an uachtarán Emmanuel Macron. Agus le linn a thurais, bhí toscaire na Stát Aontaithe Steve Witkoff ag bualadh le Putin i Moscó, in éineacht le Jared Kushner, an fear gnó atá pósta le hiníon Trump.
Ní taidhleoir é Witkoff. Is fear gnó é atá cairdiúil le Trump agus deirtear faoi go bhfuil sé saonta maidir le cúrsaí taidhleoireachta i gcomparáid le taithí agus gliceas leithéid Sergei Lavrov, aire gnóthaí eachtracha na Rúise.
Bhí Witkoff freagrach as an bplean síochána a foilsíodh trí seachtaine ó shin. Bhí 28 bpointe sa cháipéis agus gach uile cheann acu fabhrach don Rúis. Ní haon ionadh é mar gur fágadh an Úcráin ar lár. Ní raibh aon pháirt ag an tír sin, beag ná mór, sna cainteanna.
Tá gach cuma ar an scéal nach bhfuil aon suim ag Trump i ndearcadh na hÚcráine ná in Zelenskiy. Is cosúil go bhfuil sé i ngreim nach beag ag Putin.
Má dhéantar scagadh ar an bplean is sórt mianliosta Rúiseach é. Gheobhadh an Rúis an chuid is mó de na tailte in oirthear na hÚcráine, fiú tailte nach raibh acu riamh agus nach bhfuil i seilbh na Rúise faoi láthair. Chomh maith leis sin bheadh cosc ar aon tír in oirthear na hEorpa a bheith ina ball de NATO amach anseo.
Is léir go bhfuil Witkoff tógtha go mór le Putin chomh maith. In agallamh a thug sé le déanaí dúirt sé go raibh Putin fíorchliste agus gur duine ionraic macánta a bhí ann.
Go bhfóire Dia orainn!
Cá bhfágann sé seo an Eoraip? Agus cá bhfágann sé Éire? Tá impleachtaí ag gach ar tharla ó 2022 dúinn anseo. Tá ceisteanna bunúsacha á gcur maidir le stádas seanbhunaithe na tíre seo fanacht glan amach as comhghuaillíochta míleata. Ach ní hionann an neodracht a bhí againn le linn ré De Valera agus neodracht an lae inniu.
Tá díospóireacht nua tar éis tosú maidir le háit na tíre seo san Eoraip agus sa domhan trí chéile. Tá bagairtí nua ag teacht ón Rúis agus ó chontúirtí eile nach í. Tá ról lárnach ag an teicneolaíocht maidir le modhanna cogaíochta a athrú ó bhonn. Tá sé níos deacra an argóint a dhéanamh na laethanta seo go bhfuil muid scoite amach, difriúil.
Tá mé ag ceapadh go raibh roinnt de phobal na tíre seo ag éirí tuirseach den chath, agus, b’fhéidir, nach raibh leibhéal na comhbhá chomh hard is a bhí sé trí bliana ó shin.
Bhí Zelenskiy fíorbhuíoch as an bhfáilte atá curtha ag muintir na tíre seo roimh na dídeanaithe a d’éalaigh ón Úcráin ó 2022 i leith agus fíorbhuíoch chomh maith as an tacaíocht airgeadais agus mhorálta a fuair a rialtas ó Éirinn.
Chabhraigh an turas seo go mór leis an ngaol láidir idir an dá thír a neartú arís.
Foclóir: nasc físe = video link; ceannaire domhanda = world leader; ag comhlíonadh = fulfilling; scagadh = critically examine; seanbhunaithe = long-standing; neartú = strenghten



















