Comórtas Amhrán Nuachumtha Pan Cheilteach fógartha
Beidh na mílte Ceilteach ag filleadh ar Bhaile Cheatharlach an bhliain seo chugainn chun cultúr agus oidhreacht na dtíortha ceilteacha (Éire, Alba, Cymru, Mannin, Kernow agus Breizh) a chur chun cinn agus a cheiliúradh ag Féile Idirnáisiúnta Pan-Cheilteach 2026.
€1,000, corn náisiúnta agus deis le canadh ar son na hÉireann atá le baint sa Chomórtas Amhrán Nuachumtha Pan-Cheilteach. Is comórtas é seo chun amhrán nua a aimsiú le bheith san iomaíocht ar son na hÉireann ag Comórtas Idirnáisiúnta Pan-Cheilteach 2026. Cuirtear fáilte roimh gach stíl amhráin ach ní mór do na hamhráin a bheith i nGaeilge, agus na liricí mar aon leis an cheol a bheith go hiomlán nuachumtha.
Glacfar le hiarratais suas go dtí Dé Luain 8 Nollaig 2025. Déanfar gearrliosta de na hiarratais ansin agus beidh na hamhráin a roghnófar le canadh beo ag an chomórtas i gCeatharlach i mí Eanáir, áit a mbeidh painéal moltóirí ann chun na hamhráin a mheas. Rachaidh an buaiteoir ar aghaidh le bheith san iomaíocht ag an chomórtas idirnáisiúnta a bheidh ar siúl le linn na Féile an Cháisc seo chugainn.
RM Block
Tá an comórtas seo á reachtáil i gcomhar le Comhairle Contae Cheatharlach le tacaíocht ó IMRO, an tOireachtas, Foras na Gaeilge agus Gael Linn. Tá tuilleadh sonraí ar fáil ag panceltic.ie, nó trí theagmháil a dhéanamh le pancelticcarlow@gmail.com.

Ceolta: Hip Hap Gaelach sa Cobblestone
Scoth na n-imeachtaí atá ag titim amach sa phríomhchathair faoi láthair mar chuid d’fhéile IMRAM 2025, agus beidh an teacht le chéile is mó riamh sa hip-hap Gaeilge ar siúl sa Cobblestone i mBaile Átha Cliath an Déardaoin beag seo. Cuirfear meascán mearaí den rapcheol Gaelach ó gach cearn den tír agus níos faide i gcéin os comhair an tslua, chomh maith le spléachadh spleodrach ar staid reatha na rapála Gaeilge.
Níl ionadh ar bith ann go bhfuil saol na rapála Gaeilge ag dul ó neart go neart ó tháinig Kneecap chun cinn i saol an cheoil Ghaelaigh sa bhliain 2017, agus ó shin i leith tá borradh millteanach mór faoi líon na ndaoine óga a bhfuil suim acu sa rapcheol Gaeilge. Seachtar a bhí san iomaíocht sa Chomórtas Rapcheoil do Dhaoine Óga ag Oireachtas na Samhna i mBéal Feirste i mbliana, agus Móglaí Bap agus DJ Próvaí iad féin mar mholtóirí ar an chomórtas. Is cinnte gur chaith sé seo spotsolas ar an seánra nach bhfacthas riamh cheana agus aitheantas tugtha don rapcheol ag an Oireachtas den chéad uair riamh.
Tá sceideal ceoltóirí dochreidte beartaithe don cheolchoirm ‘Ceolta’, idir ‘ardrí na geabaireachta Gaelaí’ Súil Amháin, Amano, Torby, Julie Goo ó shelovescalpol, Oisín Mac agus Ushmush. Ní hamháin sin ach beidh píosaí filíochta ó na hardfhilí Ciara Ní É agus Cúán de Búrca ar an oíche, agus achan seans go mbeidh aoi speisialta nó beirt i láthair fosta.
Tá na ticéid uilig don cheolchoirm seo díolta, ach is féidir súil a choinneáil ar @imramfeile ar Instagram don nuacht is déanaí.

Béiltí breátha croíúla a choinneoidh te teolaí thú
Tá séasúr na drochaimsire linn agus níl sé ag éirí a dhath níos fearr ach an oiread! Bíonn sé iontach tábhachtach an t-am seo bliana díriú ar na nósanna beaga deasa le cuidiú linn nuair a bhíonn an spéir dubh dorcha taobh amuigh agus an fhearthainn ag clagarnach ar na fuinneoga. Faighim féin go dtugann dinnéar te teolaí faoiseamh dom ag deireadh an lae, go háirithe nuair a bhíonn an deis agam a bheith ag cócaireacht le comhluadar deas agus giota ceoil ag seinm sa chúlra. Níos fearr arís má bhíonn gloine bheag fíona ag dul leis!
Is maith liom béiltí breátha cosúil le stobhach, curaí, anraith nó mias mhór pasta a réiteach mar is féidir go leor glasraí a chaitheamh isteach ann agus an córas imdhíonachta a spreagadh chun slaghdáin a choinneáil ó dhoras an tráth seo den bhliain. Chomh maith leis sin, is furasta baisc mhór a dhéanamh agus cúpla sciar a choinneáil le tabhairt chun na hoibre leat i rith na seachtaine.

Spotsolas ar Ealaíontóir Éireannach – Keep Her Lit
Ós ag caint ar thráthnónta seascaire sa bhaile atá muid, níl bealach ar bith níos fearr le hatmaisféar deas cluthar a chruthú i seomra ná le solas coinnle. Chonaic mé coinnle ‘Keep Her Lit’ ar Instagram ar na mallaibh agus is breá liom an stíl ar leith atá acu. Bheadh ceann de na coinnle seo breá funcaí ar bhord íseal nó ar thábla cistine um Nollaig, agus is cinnte go dtarraingeodh sé aird duine ar bith a thagann isteach sa teach!
Tá réimse coinnle ar fáil ag Keep Her Lit ach is é an pionta mór Guinness an ceann is fearr liomsa féin. Tá siad ag glacadh le horduithe na Nollag anois, agus mar sin bí cinnte teagmháil a dhéanamh leo ar Instagram ag @keep.her.lit.candles chun cúpla féirín don stoca a cheannach. Tá costas €20 ar an phionta Guinness agus €15 ar na manglaim.












