Tá súil ag gníomhaithe Gaeilge go seolfaidh Uachtarán nua na hÉireann, Catherine Connolly, teachtaireacht láidir faoi luach agus tábhacht na teanga sa tsochaí le linn a téarma oifige in Áras an Uachtaráin.
Insealbhófar Catherine Connolly mar Uachtarán na hÉireann inniu, an 11 Samhain 2025, agus beidh sí ar an deichiú hUachtarán ar an tír ó ceapadh Dubhghlas de hÍde in 1938.
Tharraing an cinneadh a fógraíodh roinnt seachtainí ó shin teanga oibre a dhéanamh den Ghaeilge in Áras an Uachtaráin go leor tráchtaireachta sna meáin, agus ba léir gur ghoill sé ar roinnt daoine, iriseoirí agus tráchtairí sna meáin Bhéarla ina measc.
Dar ndóigh chuir Micheál D. Ó hUigínn na múrtha fáilte roimh an Ghaeilge agus é san Áras agus tá dóchas ag pobal na Gaeilge go gcuirfear borradh eile faoin teanga agus Connolly ina hUachtarán.
RM Block
Dar le Ciarán Mac Giolla Bhéin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, go seolfaidh sé teachtaireacht “ríthábhachtach” go bhfuil Connolly chun an stádas atá ag an nGaeilge sa bhunreacht mar phríomhtheanga oifigiúil na tíre a aithint go praiticiúil.
“Go minic feiceann muid polaiteoirí a dhéanann go leor cainte ar an ngrá atá acu don Ghaeilge ach nach nglacann céimeanna praiticiúla chun seo a léiriú. A mhalairt atá le feiceáil anseo ón Uachtarán nuathofa agus léiríonn sé gur teanga oibríochta, fheidhmiúil í an Ghaeilge,” a dúirt sé.
Ach an imreofar tionchar ar bith ar athbheochan na Gaeilge? Creideann an gníomhaí teanga agus taighdeoir PhD Róisín Nic Liam gur céim i dtreo cearta teanga agus an dátheangachais atá ann.
“Céim eile ar an mbóthar fada i dtreo cearta teanga agus Éire dhátheangach is ea é gan dabht,” a dúirt sí le Scéal.
“Léiríonn an cinneadh céanna go bhfuil rotha an athGhaelaithe ag casadh de réir a chéile, agus tuar dóchais é an méid sin dúinn ar fad.”
Agus í faoi agallamh ar Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ag Oireachtas na TSamhna i mBéal Feirste, dúirt Catherine Connolly gur sheol an bhéim a cuireadh ar an nGaeilge le linn an fheachtais “teachtaireacht láidir” don Rialtas agus don tír. Dúirt sí go bhfuil sé i gceist aici an Ghaeilge a thabhairt isteach “ón imeall” agus go mbeidh an teanga “ar bharr an dréimire” agus í i mbun earcaíochta d’fhoireann oibre Áras an Uachtaráin.
Dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge go dtacaíonn an beartas atá ag Connolly leis an sprioc go mbeidh 20 faoin gcéad d’earcaigh nua na Státseirbhíse anseo in ann a gcuid oibre a dhéanamh trí Ghaeilge. “Tá sí ag léiriú ceannaireachta don sprioc seo ó oifig chéad saoránach na tíre,” a dúirt sé.
“Is spreagadh meanman é do pháistí agus do thuismitheoirí atá ag tógáil a bpáistí trí Ghaeilge agus is teachtaireacht spreagúil í chomh maith do gach duine eile atá líofa, ag foghlaim, nó a bhfuil spéis sa teanga acu.”
Ag tús na 70idí chuir an tAire Gaeltachta George Colley tús le tionscnamh ollmhór taighde ar sheasamh na Gaeilge sa tsochaí. Ní dhearnadh roimhe nó ina dhiaidh tionscnamh eile a bhí chomh mór leis ná chomh huileghabhálach nó chomh húdarásach. Bhí níos mó saineolaithe teanga idirnáisiúnta bainteach leis an Coiste um Thaighde ar Dhearcadh an Phobail i dTaobh na Gaeilge ná mar a bhí riamh roimhe nó ó shin.
In 1975, chuir an coiste síos ar na bacanna in aghaidh labhairt na Gaeilge sa tsochaí, go háirithe na gnásanna comhdhaonnacha teanga, is é sin na rialacha neamhscrite sóisialta a shocraíonn cé acu Béarla nó Gaeilge is féidir a labhairt ag brath ar an gcomhthéacs. Tugadh neamhaird ar an anailís sin ó shin i leith agus tá na gnásanna comhdhaonnacha teanga fós i réim.
Ach d’fhéadfadh an Uachtaránacht nua aghaidh a thabhairt ar na gnásanna sin a athrú agus creideann Mac Giolla Bhéin go bhféadfadh Uachtaránacht ina bhfuil an teanga go mór chun tosaigh a bheith ina céim shuntasach in athghabháil na Gaeilge.
“Beidh Catherine Connolly ag athghabháil na teanga san obair a dhéanfaidh sí laistigh agus lasmuigh den Áras,” a dúirt sé.
Rud é sin, a dúirt sé, a léireoidh “go bhfuil an teanga mar dhlúthchuid de na tréithe atá aici mar Uachtarán.” Síleann sé go mbeidh tionchar aige sin “ar an bpobal trí chéile agus ar úsáid na Gaeilge.”
“Beidh sí ag tógáil ar an athghabháil atá ar siúl ag na Gaelscoileanna, ag na meáin Ghaeilge, ag na mic léinn sna cumainn Ghaelacha agus ag go leor daoine eile atá i mbun athghabháil na teanga.”
Creideann sé go mbeidh tionchar ag an gcur chuige sin go hidirnáisiúnta freisin.
“Ar an ardán idirnáisiúnta, léireoidh an cinneadh seo go bhfuil ár dteanga agus ár bhféiniúlacht náisiúnta féin againn agus gur cúis bhróid é sin dúinn.”
Dúirt Nic Liam go bhfuil an pobal ag éileamh go nglacfar treo úr i dtaobh na Gaeilge.
“Tá an stádas [nua don teanga] ag teacht go mór leis an bhfís fhorásach dhearfach a leag Connolly amach ina feachtas Uachtaránachta, ní hamháin i dtaobh na Gaeilge ach i dtaobh Poblacht nua a chruthú freisin, mar a mbeidh meas ar gach éinne,” a dúirt sí.
“Is dóigh liom go léiríonn an tacaíocht stairiúil a fuair sí sa toghchán sin go bhfuil an-tóir i measc mhuintir na hÉireann ar an bPoblacht úr úd.”

















