An All Black Éireannach

Fiche bliain ó shin ar an 9 Samhain 2005, nochtadh leacht cuimhneacháin, i gcuimhne ar Dave Gallaher, ag club rugbaí Leitir Ceanainn, Dún na nGall. Ach, cérbh é?

Fiche bliain ó shin ar an 9 Samhain 2005, nochtadh leacht cuimhneacháin, i gcuimhne ar Dave Gallaher, ag club rugbaí Leitir Ceanainn, Dún na nGall. Ina measc bhí Jerry Collins (thuas). Grianghraf: Eric Luke
Fiche bliain ó shin ar an 9 Samhain 2005, nochtadh leacht cuimhneacháin, i gcuimhne ar Dave Gallaher, ag club rugbaí Leitir Ceanainn, Dún na nGall. Ina measc bhí Jerry Collins (thuas). Grianghraf: Eric Luke

D’imir foireann rugbaí na hÉireann a gcéad chluiche i sraith idirnáisiúnta an fhómhair i gcathair Chicago ag tús na míosa. Cé gur imir siad in aghaidh na Nua-Shéalainne den chéad uair in 1905, ba é an cluiche i Soldier Field in 2016 an chéad uair riamh ar bhuaigh foireann na tíre seo ar na All Blacks. Is í an Nua-Shéalainn a bhuaigh an dá chluiche dheireanacha a imríodh eatarthu i mBaile Átha Cliath. Bhí an bua acu anuraidh agus i gcluiche ceathrú ceannais Chorn Rugbaí an Domhain in 2023. Ach tá nasc ar leith i gcúrsaí rugbaí idir an dá thír.

Dave Gallaher.
Dave Gallaher.

Fiche bliain ó shin ar an 9 Samhain 2005, nochtadh leacht cuimhneacháin, i gcuimhne ar Dave Gallaher, ag club rugbaí Leitir Ceanainn, Dún na nGall. Thug seisear imreoirí rugbaí ón Nua-Shéalainn, Jerry Collins ina measc, cuairt ar an gclub rugbaí an lá sin chun meas a léiriú ar Dave Gallaher. Ach cérbh é Gallaher agus cén fáth a dtugann lucht leanúna rugbaí ó gach cearn den domhan cuairt ar an láthair sin anois?

Rugadh Dave Gallaher ar an 30 Deireadh Fómhair 1873 i Ráth Mealtain, baile beag i gContae Dhún na nGall. Nuair a bhí sé cúig bliana d’aois, chuaigh a theaghlach ar imirce go dtí an Nua-Shéalainn le saol nua a thosú. Thóg an turas báid sin trí mhí. Chuir siad fúthu i mBaile Katikati ar an Oileán Thuaidh. Is cosúil gur athraíodh sloinne a mhuintire ó ‘Gallagher’ go ‘Gallaher’ thart ar an am sin. I nDún na nGall ba shiopadóir é athair Dave, James, a bhí ina Phreispitéireach, achis obair feirme a rinne sé sa Nua-Shéalainn. Ba mhúinteoir scoile í máthair Dave, Maria. In 1889, bhog an chlann go Auckland agus ba ansin a chuir Dave suim sa rugbaí. D’imir sé 26 cluiche le foireann rugbaí Auckland idir 1896 agus 1909. Sa bhliain 1905, ceapadh Gallaher ina chaptaen ar an gcéad fhoireann Nua-Shéalannach a thug turas mór rugbaí ar fud na hEorpa.

Conrad Smith ar cuairt ar Thír Chonaill in 2005. Grianghraf: Eric Luke
Conrad Smith ar cuairt ar Thír Chonaill in 2005. Grianghraf: Eric Luke

Ba ar an turas sin a chaith foireann na Nua-Shéalainne geansaithe dubha, brístí gearra dubha agus stocaí dubha den chéad uair agus is é sin a spreag an leasainm a thugtar orthu anois, na All Blacks. Ina theannta sin, tháinig cleachtas an haka chun cinn roimh chluichí - damhsa traidisiúnta na Maorach. Is damhsa é a dhéanann foirne rugbaí na Nua-Shéalainne roimh a gcluichí agus aithnítear anois é ar fud an domhain.. Léiríonn an haka neart, aontacht, agus spiorad an phobail. Bíonn gluaiseachtaí láidre, buillí coise, agus béiceanna i gceist leis. Is bealach é chun meas a thaispeáint don namhaid agus chun misneach a spreagadh i measc na foirne féin. Tá fréamhacha doimhne cultúrtha ag an haka agus tá sé anois ina shiombail de bhród náisiúnta na Nua-Shéalainne.

Turas an-suntasach ab ea an chéad turas sin in 1905. Thaistil foireann na Nua-Shéalainne chomh fada le Meiriceá Thuaidh chomh maith leis an Eoraip den chéad uair riamh. B’fhoireann ar leith iad a thug aghaidh ar Shasana, ar an mBreatain Bheag, ar Albain, ar an bhFrainc agus ar go leor clubanna freisin. Chuir foireann Gallaher iontas ar lucht féachana na hEorpa lena luas agus lena neart nuair a bhuail siad ar Shasana (15-0), Albain (12-7), agus an Fhrainc (38-8). Bhain an turas sin cáil dhomhanda amach do na All Blacks mar fhoireann eisceachtúil. Bhuaigh siad 34 as 35 cluiche — toradh gan sárú ag an am. An t-aon chluiche a chaill siad ná an cluiche i gcoinne na Breataine Bige (0-3). D’imir an Nua-Shéalainn in aghaidh na hÉireann ar an 25 Samhain 1905. Imríodh an cluiche ag Bóthar Lansdún. Bhí an bua ag foireann na Nua-Shéalainne 15-0. Bhí thart ar 12,000 duine sa lucht féachana ag an gcluiche. Bhain gortú coise do Dave Gallaher sa chluiche in aghaidh na hAlban agus mar sin, níor imir sé in aghaidh na hÉireann.

Sa bhliain 1905, ceapadh Gallaher ina chaptaen ar an gcéad fhoireann Nua-Shéalannach a thug turas mór rugbaí ar fud na hEorpa.

Tá nasc eile idir an Nua-Shéalainn agus Éire agus imreoirí rugbaí sa lá atá inniu ann. Tá clú agus cáil ar na deartháireacha Barrett - Beauden, Jordie agus Scott - a imríonn leis na All Blacks. Chaith siad roinnt blianta in Éirinn agus iad ag fás aníos. In 1999, bheartaigh Kevin Barrett, a bhí ina fheirmeoir déiríochta, deis a thapú chun malartú feirme a dhéanamh. Shíolraigh muintir Kevin ó Éireannaigh a thug aghaidh ar an Nua-Shéalainn na blianta roimhe sin. Bhog Kevin, a bhean chéile Robyn agus a gclann go Bealach na Críche, sráidbhaile beag tuaithe ar an teorainn idir an Mhí agus an Cabhán. Tréimhse dhá bhliain a bhí i gceist leis an scéim ag an tús. Seisear clainne a bhí ag Kevin agus Robyn Barrett nuair a bhog siad go Contae na Mí. D’fhreastail an ceathrar ba shine ar bhunscoil Naomh Fiach. D’imir Beauden agus Kane ar fhoireann na scoile faoi 10 agus leis an gclub áitiúil, Naomh Bríd. Ach sa bhliain 2002, d’fhill an teaghlach ar an Nua-Shéalainn. Ar ndóigh, chaith Jordie Barrett geansaí Laighean don dara leath den séasúr anuraidh.

Glacann imreoirí agus deartháireacha na Nua-Shéalainne, Scott (clé) agus Beauden Barrett, féinín lena n-athair Kevin, (taobh thiar lena ordóg ardaithe) tar éis chluiche Ceathrú Ceannais Chorn Rugbaí an Domhain 2019 idir an Nua-Shéalainn agus Éirinn in Tóiceo, sa tSeapáin. Grianghraf: Stu Forster/Getty Images
Glacann imreoirí agus deartháireacha na Nua-Shéalainne, Scott (clé) agus Beauden Barrett, féinín lena n-athair Kevin, (taobh thiar lena ordóg ardaithe) tar éis chluiche Ceathrú Ceannais Chorn Rugbaí an Domhain 2019 idir an Nua-Shéalainn agus Éirinn in Tóiceo, sa tSeapáin. Grianghraf: Stu Forster/Getty Images

Ba iad na All Blacks a bhí ag ceiliúradh tar éis an chluiche is déanaí ag tús na míosa. 13-26 an scór a bhí ann in Chicago. Aisteach go leor, ba é Corn Uí Ghallachóir, nó an Gallagher Cup, a bhí le buachan - corn atá urraithe ag an gcomhlacht árachais Gallagher atá lonnaithe sa Nua-Shéalainn. Ba é Dave Gallaher an Conallach a stiúraigh foireann rugbaí na Nua-Shéalainne in 1905. Ach níor chríochnaigh a scéal ar an bpáirc. Throid sé i gCogadh na mBórach san Afraic Theas agus arís sa Chéad Chogadh Domhanda. Maraíodh é sa Bheilg i mí Dheireadh Fómhair 1917 agus gan é ach 43 bliain d’aois. Tá sé curtha i reilig na saighdiúirí i Poperinge, baile atá gar don teorainn leis an bhFrainc. Saighdiúir ab ea Dave agus imríodh cluiche na Samhna i bPáirc an tSaighdiúra, Soldier Field, in Chicago. Is ait an mac é an saol.