Cruachás an uisce

Beidh impleachtaí polaitiúla ag an drochbhail atá ar aibhneacha agus ar locha na hÉireann

Ní stát mór í Éire ach tá a lán uisce againn i gcomparáid le tíortha eile. Grianghraf: Artur Widak/NurPhoto via Getty Images
Ní stát mór í Éire ach tá a lán uisce againn i gcomparáid le tíortha eile. Grianghraf: Artur Widak/NurPhoto via Getty Images

Nuair a bhí mé i mo ghasúr le linn na seachtóidí, is minic a chuaigh mé ag iascaireacht le m’athair i gConamara agus ina áit dúchais féin, Dún na nGall.

Bhí suim faoi leith aige sa bhreac geal, a bhí fairsing ag an am in aibhneacha an Iarthair. Bhí an trealamh uilig ag m’athair, slat iascaigh Pope, déanta ag Hardys, boscaí lán le cuileoga ildaite, an roithleán flaidireachta.

Áiteanna iargúlta ar fud an Iarthair a bhí sna láithreacha. Bhí orainn tiomáint trí phortaigh nó foraois nó go dtiocfadh muid ar lóiste iascaigh. Níos minice ná a malairt, ba le duine saibhir ó Shasana an áit.

Is cuimhin liom go maith go raibh leathscór breac i ngabháil an lae, iad go léir ina luí ar urlár an bháid.

Stopas féin ag iascach nuair a shroich mé mo dhéaga agus bhí an iomad tóra ag an bpeil agus iománaíocht, chomh maith leis na tarraingtí eile a bhain leis an gcathair.

Nílim cinnte cathain a stop m’athair ag plé le hiascaireacht slaite le cuileog. Ach ceann de na cúiseanna móra ná gur thit líon na mbreac geal go grinneall thart ar an am sin. Faoi dheireadh na nóchaidí bhí titim ollmhór tagtha ar líon na mbreac. Tharla an rud ceannann céanna leis an mbradán.

Cén fáth go baileach ar tharla sé seo? Luíonn a lán cúiseanna taobh thiar dó ach ní féidir a sheachaint go bhfuil baint ag an truailliú leis an drochscéal, ar bhealaí díreacha agus neamhdhíreacha.

Ní stát mór í Éire ach tá a lán uisce againn i gcomparáid le tíortha eile. Tá níos mó ná 12,000 loch agus níos mó ná 3,100 abhann sna 26 chontae.

Is acmhainn fhíorthábhachtach é don daonra agus don dúlra. Ag tús na n-ochtóidí, rinne na húdaráis tástáil ar 600 loch agus abhainn. Bhí an t-uisce i mórán chuile cheann chomh glan sin go bhféadfá ól uathu gan aon stró.

Dar leis an EPA, is é an chúis is mó ná an úsáid leitheadach a bhaintear as leasachán talmhaíochta.

Ní hamhlaidh atá an scéal sa lá atá inniu ann. Ceathracha bliain nó níos mó ina dhiaidh sin, tá meath mór tagtha ar chaighdeán an uisce sna haibhneacha agus sna lochanna sin. Inniu, níl fágtha ach 20 ceann atá glan go huile agus go hiomlán. Is tubaisteach agus truamhéalach an scéal é.

Tá deisceart, agus oirdheisceart, na tíre buailte níos mó ná aon cheantar eile. Ach tá an scéal go dona in áiteanna eile chomh maith.

Níos luaithe san Fhómhar, d’fhoilsigh an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (EPA) a tuairisc is déanaí ar staid na n-aibhneacha agus na lochanna in Éirinn.

An príomhthoradh ná nach bhfuil ach leath (52 faoin gcéad) d’uiscí dromchla na tíre i mbail atá sásúil. Is titim é sin ar an tástáil a rinneadh idir 2016 agus 2021, nuair a shroich 54 faoin gcéad de na limistéir uisce caighdeán sásúil.

Céard atá taobh thiar den titim seo? Bhuel, leis an bhfírinne a rá tá a lán de ag teacht ó na feirmeacha. Dar leis an EPA, is é an chúis is mó ná an úsáid leitheadach a bhaintear as leasachán talmhaíochta.

Ní hé sin le rá nach bhfuil foinsí eile - fuíolluisce ó bhailte agus cathracha na tíre ina measc.

Thug an EPA le fios sa tuairisc seo a foilseoidh i mí Dheireadh Fómhair go dteipfidh ar an Stát an sprioc a bhaint amach chun caighdeán an uisce a thabhairt ar ais suas go stádas ard faoin mbliain 2027.

Ní hiad na lochanna agus na haibhneacha amháin atá i mbaol. Tá bail na n-inbhear agus na murlach ar chóstaí na tíre imithe in olcas chomh maith. Tá 70 faoin gcéad i mbail mhíshásúil sa lá atá inniu ann. Is náireach an scéal é sin.

I measc na drochnuachta tá roinnt rudaí dearfacha le sonrú ón tuairisc. Tá an EPA tar éis dul i ngleic leis an bhfadhb i gceantair atá buailte go dona, rud nach féidir a rá faoin an Roinn Talmhaíochta, Teagasc, agus eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar son feirmeoirí.

Dar leis an tuairisc, tá titim shoiléir tagtha ar líon na gcothaitheach (a thagann ó leasuithe feirme, níotráit san áireamh) atá ag sceitheadh ó fheirmeacha isteach i gcúrsaí uisce. Tugtar spreagadh d’fheirmeoirí níos lú níotráite agus fosfáite a úsáid agus modhanna difriúla a úsáid chun cothú a thabhairt dá dtréad ba bainne. Mar shampla, má chuirtear seamair sa talamh mar chuid den fhéar, ní bhíonn feirmeoirí ag brath an méid sin ar leasú a úsáid.

Ach caithfear na cláir oibre sin a chur ar fáil ar bhonn i bhfad níos leithne má tá na húdaráis ag iarradh an fhadhb seo a shárú.

Dúirt an Dr Eimear Cotter ar an lá a foilsíodh an tuairisc go raibh lochanna, aibhneacha agus inbhir ag streachailt faoi láthair agus nach mbeadh siad in ann an ceann is fearr a fháil ar na dúshláin sin san aimsir atá romhainn.

“Is cúis díomá é nach bhfuil an caighdeán uisce ag feabhsú in ainneoin na ngníomhaíochtaí go léir atá á ndéanamh i ngach earnáil.

“Caithfidh muid tabhairt le fios go soiléir go gcaithfidh luas agus scála an aischuir a bheith ardaithe.”

Ó thaobh na polaitíochta de, beidh impleachtaí ag an tuairisc seo ar an Treoir Níotráite ón Aontas Eorpach. Faoi láthair tá díolúine ag Éirinn ón Treoir - tá cead ag feirmeoirí i gceantair áirithe suas le 220kg de leasú níotráite a scaipeadh i gcomparáid leis an uaslimistéar 170kg.

Tá an Coimisiún Eorpach ag déanamh iniúchadh ar an díolúine seo faoi láthair agus táthar ag súil le cinneadh faoi dheireadh na bliana.

Ní maith an tuar é an tuairisc ón EPA maidir le bail an uisce don chinneadh mór sin atá le teacht.

Foclóir: iascaireacht =fishing

cuileoga = flies

foraois = forest

breac = trout

caomhnú = conservation

tuairisc = report

díolúine = exemption

Harry McGee

Harry McGee

Harry McGee is a Political Correspondent with The Irish Times