Zohran Mamdani. Níor chualamar mórán tráchta air go dtí anuraidh nuair a bhí sé de dhánacht aige a ainm a chaitheamh isteach sa rás do thoghchán Mhéara Nua-Eabhrac, an chathair is mó le rá sna Stáit Aontaithe.
Ag an am, bhí sé ina bhall tofa de Thionól Stáit Nua-Eabhrac. Níl mé ag rá go raibh sé anaithnid. Ach nuair a d’fhógair sé go raibh sé ag lorg ainmniúchán an Pháirtí Dhaonlathaigh, bhí méid a thacaíochta thart ar 1 faoin gcéad.
Céard a tharla idir an dá linn? Ar an gcéad fhéachaint, ní raibh mórán buntáistí aige a thabharfadh an duais mhór dó. Is de shliocht inimirce é - rugadh a athair in Uganda. In éineacht leis sin, is Moslamach é, rud nach mbronnann aon deis ar dhuine i bpolaitíocht na Stát Aontaithe faoi láthar. Agus mar bharr an donais, ba shóisialach é, rud atá an-neamhchoitianta go deo sa tír sin. Cé go raibh a theaghlach féin saibhir (is Ollamh in Ollscoil Colombia a athair, agus stiúrthóir scannán a mháthair) is ar son an dreama a bhí ar an mbeagán seachas ar an mórán a bhí Mamdani ag seasamh an fhóid.
Bhí a fhoireann plódaithe le hoibrithe deonacha a tháinig ón tsráid, na mílte acu, daoine óga don chuid is mó.
Ar an lámh eile, bhí buanna go leor aige. Mar shampla, bhí féith na cumarsáide ann. B’iarrthóir nua-aoiseach é a bhí go huile agus go hiomlán ar a chompord leis na meáin shóisialta. Ní raibh deacracht ar bith aige ó thaobh cur i láthair de agus bhí ábaltacht faoi leith aige a theachtaireachtaí a roinnt go gonta agus go snasta.
RM Block
Chabhraigh sé leis go raibh smál ag baint lena phríomhchéile comhraic laistigh den Pháirtí Daonlathach, Andrew Cuomo. Is iar-ghobharnóir ar Nua-Eabhrac é Cuomo ach bhí air seasamh siar ón bpost tar éis líomhaintí mí-iompair a bheith déanta ina choinne.
Thit cáil an Mhéara atá ann faoi láthair, Eric Adams, go tubaisteach chomh maith nuair a tugadh le fios go raibh cúiseanna coiriúla curtha ina leith gur ghlac sé breabanna agus go raibh sé i mbun caimiléireachta. Fiú dá seasfadh sé an babhta seo, ní bheadh seans dá laghad aige.
Ar aon chuma, faoin am ar reáchtáladh an toghchán tosaigh laistigh de na Daonlathaithe bhí an ceann is fear ag Mamdani agus toghadh é mar an t-iarrthóir oifigiúil. Shocraigh Cuomo ansin seasamh mar iarrthóir neamhspleách sa phríomh-thoghchán.
Bhí sé ina choimhlint cheart ansin.
B’eiseamláir an toghchán seo, ar bhealach, den dá stíl agus den dá fhealsúnacht fhíor-dhifriúla atá tagtha chun cinn le linn thréimhse Donald Trump.
Chun é a chur i gcomhthéacs, tá stádas ann féin ag Nua-Eabhrac. Don chuid is mó is cathair í a thug tacaíocht don Pháirtí Daonlathach síos tríd na blianta, seachas cúpla eisceacht.
Ach ní thagann Mamdani le híomhá an pháirtí ar bhonn stairiúil. Sóisialach daonlathach an téarma a úsáideann sé féin chun cur síos ar a sheasamh polaitiúil. Cumannach nó Marxach na focail atá roghnaithe ag a naimhde air sin!
Is léir go bhfuil Mamdani radacach, go háirithe i gcomhthéacs pholaitíocht na Stát Aontaithe. Go príomha, is iarrthóir frith-Trump go smior é. Ní haon ionadh go raibh an tUachtarán ag cáineadh gach a ndúirt sé.
Níl dabht ar bith go raibh feachtas cliste tarraingteach aige, a dhírigh ar an aos óg, ar inimircigh agus ar na milliúin daoine atá buailte leis na costais arda mhaireachtála sa chathair.
Bhí gealltanas aige níos mó cánach a ghearradh ar lucht an rachmais; reo cánach a chur i bhfeidhm do 2 milliún duine nárbh acmhainn dóibh na billí a íoc; taisteal bus agus cúram leanaí a chur ar fáil saor in aisce; agus siopaí ‘poiblí’ a bhunú chun caipín a chur ar phraghsanna earraí grósaera.
Chomh maith leis sin thug sé tacaíocht mhór do na pobail Easpáinneacha i Nua-Eahbrac. Le sé mhí anuas, tá siad faoi léigear ag gníomhairí ón tseirbhís inimirce agus custaim (ICE) atá ag gabháil daoine ón tsráid gan aon fholáireamh ná barántas. Dúirt Mamdani leo go seasfadh sé gualainn ar ghualainn leo.
Bhí gnéithe eile ann freisin. Is feachtas talún a bhí ag Mamdani. Bhí a fhoireann plódaithe le hoibrithe deonacha a tháinig ón tsráid, na mílte acu, daoine óga don chuid is mó. Dá dheasca sin, bhí fuinneamh, samhlaíocht agus spleodar le brath ann.
Ar an taobh eile de, rith Cuomo feachtas fíor-dhiúltach ag iarradh míchlú a chur ar Mamdani, ag maíomh gur cumannach a bhí ann a loitfeadh an chathair. Bhí a lán airgid bailithe ag Cuomo óbhilliúnaithe ar nós Mike Bloomberg. Ach níorbh fhiú oiread na fríde é ag deireadh na dála agus é ag dul i gcoinne iarrthóir a raibh luas agus tacaíocht an ghnáthphobail taobh thiar dó.
Tugann na meáin sna Stáit ‘sóisialach’ ar Mhamdani. Ach chun lán na fírinne a rá, bheadh sé i bhfad níos gaire do Pháirtí an Lucht Oibre in Éirinn ná do Phobal Seachas Brabús.
Ní chuirfidh sé sin aon bhac ar Donald Trump é a ionsaí gach deis a bheas aige. Cheana féin tá sé geallta aige an Garda Náisiúnta a chur isteach sa chathair, mar atá déanta aige in Chicago agus in Portland, Oregon.
Ní réabhlóid é seo. Níl ann ach toghchán amháin in áit amháin sa tír is cumhachtaí ar domhan. Le cúpla bliain anois bhí an Páirtí Daonlathach thíos leis, tar éis don phraiseach a rinne Joe Biden agus Kamala Harris, agus na comhaltaí Daonlathacha i gComhdháil na Stát Aontaithe.
Bhí cúpla toradh eile maith ag an bpáirtí an tseachtain seo caite. Bhuadar na toghcháin ghobharnóireachta in Virginia agus New Jersey. Fós féin tá na Poblachtánaigh i réim go hiomlán sa Teach Bán agus i gComhdháil na Stát Aontaithe go fóill beag.
Ach an bhfuil an troid ar ais ag tosú? An bhfuil a gcos i dtaca ag na Daonlathaithe? Tá sé foghlamtha acu, b’fhéidir, go gcaithfear tomhas dá mbuille féin a thabhairt do lucht a gcáinte.













