Seo chugainn Nollaig na nGael

Tá forbairt déanta ar réimse na gcomórtas ag Oireachtas na bliana seo

Dar le Comhairle Cathrach Bhéal Feirste go bhfuil siad á réiteach féin le fáilte a chur roimh suas le 10,000 duine, idir rannpháirtithe agus lucht féachana, ar an bhféile Ghaeilge agus ealaíon is sine in Éirinn.
Dar le Comhairle Cathrach Bhéal Feirste go bhfuil siad á réiteach féin le fáilte a chur roimh suas le 10,000 duine, idir rannpháirtithe agus lucht féachana, ar an bhféile Ghaeilge agus ealaíon is sine in Éirinn.

Ní fada uainn anois é: Nollaig na nGael! Tá Oireachtas na Samhna ag druidim linn, agus Gaeil ó chuile charn den tír ag ullmhú le tabhairt faoi dheireadh seachtaine ceiliúrtha, comórtais, comhluadair, cabaireachta agus… ragaireachta, bímis ionraic faoi. Dar le Comhairle Cathrach Bhéal Feirste go bhfuil siad á réiteach féin le fáilte a chur roimh suas le 10,000 duine, idir rannpháirtithe agus lucht féachana, ar an bhféile Ghaeilge agus ealaíon is sine in Éirinn.

Is breá an tréimhse réamhfhéile seo, agus braistint sceitimíneach bhreise timpeall ar fhéile na bliana seo, is dócha toisc nach ag triall ar Chill Airne a bheimid. Tá beagán éiginnteachta maidir leis an gcruth a bheidh ar chúrsaí. D’fhéadfadh rud ar bith a bheith i ndán dúinn! Tarraingíodh aird bhreise ar an bhféile le scéimeanna úra a fógraíodh freisin: cuirfear ticéid traenach saor in aisce ar fáil d’iomaitheoirí na féile, a bhuí le comhpháirtíocht idir an tOireachtas agus Iarnród Éireann (faraor nach bhfuil líne shásúil traenach ag roinnt mhaith iomaitheoirí Gaeltachta de thoradh neamart an Rialtais in infreastruchtúr na tuaithe).

Beidh cruth éagsúil ar an bhféile i gcomparáid le blianta eile. Beidh Club na Féile oíche Shathairn scartha ina dhá leath, mar shampla. Casfaidh Seán Mac Corraidh agus The Hot Whiskeys i mBálseomra an Europa fad is a bheidh Pólca 4 ag pocléimneach i mbun ‘Neilí Neilí’ i Halla Uladh.

Tá cáil ar na Feirstigh as craic na n-iarchóisirí agus is cinnte gurb iomaí seisiún rúnda a reáchtálfar i ndiaidh Chlub na Féile.

Cé go raibh gearán fadó faoi dhaoine a d’éalaigh ón Oireachtais sa Citywest (mhaithfinn fonn éalaithe ó Citywest d’éinne, i gcead dóibh) le freastal ar Coppers, tá mo dhóthain taithí Oireachtais agam a cheapadh anois gur dheas sos a ghlacadh ó ghleo na lobbies agus spruschaint hallaí na n-óstán le beagán trad a chloisteáil in Madden’s nó le dul sa tóir ar Sceallóga Nollag ó Selby’s ar Bhóthar na bhFál, go háirithe agus muid i gcathair nua. Geall le city break é seo dúinn! Agus is cinnte nach stopfaidh an rince nuair a stopfaidh an ceol. Tá cáil ar na Feirstigh as craic na n-iarchóisirí agus is cinnte gurb iomaí seisiún rúnda a reáchtálfar i ndiaidh Chlub na Féile. Níl le déanamh ach cogar a thabhairt sa gcluas cheart áitiúil is dócha.

Anuas ar na gnáthimeachtaí - Corn Uí Riada, na Gradaim Chumarsáide agus Duaiseanna Liteartha an Oireachtais agus a leithéid - tá liosta le háireamh d’imeachtaí le dealramh á reáchtáil i gcaitheamh na féile.

Reáchtálfar imeachtaí spéisiúla litríochta eile, Meitheal IMRAM sa gCultúrlann san áireamh, agus mórcheisteanna earnáil na litríochta á gcur trí chéile: ‘an bhfuil foilsitheoirí ag freastal ar an déimeagrafach seo i gceart? An bhfuil a leithéid de rud agus Sally Rooney na Gaeilge ann?’

Faraor nach mbeidh Rónán Beo - ná go deimhniú Áine Ní Bhreisleáin beo - sa Lobby ach beidh Mol na Meán ar oscailt san ICC, óna gcraolfar cláracha ar nós Pé Scéal É le Máire Treasa Ní Dhubhghaill ag 15:00 Dé hAoine, agus ceiliúradh ar chultúr agus ceannródaíocht Ghaeil Bhéal Feirste ar phainéal beo Coinne Chultúir de chuid Raidió Rí-Rá faoi stiúir Aisling Ní Dhonnabháin ag 18:00 an oíche chéanna.

Ar ndóigh, bíonn díospóireachtaí chomh maith le damhsa ar ardáin an Oireachtais. Pléifear ‘Ról na nGael i dTógáil Éire Nua’ faoi stiúir an chathaoirligh Edel Ní Churraoin, 11:00 Dé hAoine i Stiúideo an ICC, agus “An ród seo romhainn - 100 bliain d’fheachtais agus agóidí ach ceard atá os ár gcomhair?” atá mar théama ag Seimineár an Oireachtais 2025. Beidh an cheist sin á cíoradh ag Máirín Ní Ghadhra le Róisín Nic Liam, Cecilia Ní Choileáin, Ciarán Mac Giolla Bhéin agus an Dr. Fionntán de Brún 11:00 Dé Sathairn.

Roinnt blianta ó shin is le teann magaidh a d’iarrfaí ort “an mbeidh tú ag freastal ar an seimineár foclóireachta?” Áit éicint idir an jóc agus an admháil gur saoithíní go smior muid uilig, áfach, tá ócáidí foclóireachta faoi bhláth a bhuí le Cormac Breathnach agus foireann an Fhoclóra Nua Gaeilge. Tabharfaidh Focal ar Fhocal an chéad bhlaiseadh do phobal na Gaeilged’iontrálacha agus de shuíomh nua foclóir.ie ag 4.30pm Dé hAoine.

Agus ar ndóigh, mórócáid nua na seachtaine, casfaidh Móglaí Bap, DJ Próvaí agus Le Boom in Beehiveoíche Dhéardaoin, cinneadh a dheimhníonn gurb í Déardaoin Aoine nua na féile, agus a léiríonn mian na féile fás le forbairt an chultúir.

Ag teacht leis an mian seo tá cúpla comórtas nua ar chlár na bliana seo - comórtas rapcheoil do dhaoine óga ina measc - a léiríonn mian na féile fás le forbairt an chultúir.

Ar chóir tuilleadh comórtas a leathnú amach agus clár chomórtais na féile a dhéanamh níos mealltaí dóibh siúd atá níos óige, nua don traidisiún, nó níos nuálaí? B’fhéidir é.

Sin ráite, is breá le lucht casaoide a bheith ag gearná faoi na rudaí ba chóir agus nár chóir a dhéanamh. Ligtear i ndearmad na lóistíochtaí, iarracht na foirne scothfhéile a eagrú ar ár son chuile bhliain. Tá ardmholadh ag dul d’fhoireann dhíograiseach an Oireachtais as an obair shuntasach a dhéanann siad chuile bhliain le dúshláin uile na féile a shárú, go háirithe agus iad ag tabhairt fúthu i gcathair nua.

Ar deireadh thiar, comharthaí dea-Oireachtais iad pócaí folmha agus cloigeann tinn. Tá gliondar croí a eascraíonn as bheith ag castáil le seanchairde agus a bheith i mbun damhsa agus diabhlaíochta, cuma cá háit a dtarlaíonn sé sin. Agus cá bhfios, seans go mbeidh an tOireachtas seo ar an gceann is fearr fós!