I ndiaidh na chéad díospóireachta sa toghchán uachtaránachta bhí an domhan mór ag rá go raibh an feachtas an-leamh, nach raibh an splanc chéanna ag baint leis i gcomparáid le babhtaí eile.
Bhuel, is iondúil nach mar a shíltear a bhítear.
Tar éis an deireadh seachtaine a bhí ann, ní raibh fágtha sa rás ach beirt iarrthóirí. Cháil an rás beirt iarrthóirí mór le rá i gcaitheamh dhá mhí, eachtraí a tháinig aniar aduaidh ar chuile dhuine.
Ar an gcéad dul síos tharraing Mairéad McGuinness as an rás ar chúiseanna sláinte ag deireadh mhí Lúnasa. Bhí sí dearbhaithe mar iarrthóir oifigiúil Fhine Gael ag an am.
RM Block
Agus ansin i ngeit mhór eile, d’fhógair Jim Gavin breis agus seachtain ó shin go raibh sé ag tarraingt siar chomh maith. Ní raibh an dara rogha aige. Cheannaigh sé árasán le linn thréimhse an Tíogair Cheiltigh i mBaile Átha Cliath ach bhí deacrachtaí aige coinneáil suas leis na híocaíochtaí morgáiste. I ndeireadh na dála thug sé an t-árasán ar ais don bhanc. Ach bhí tionónta aige a choinnigh leis ag íoc cíosa ar feadh scaithimh tar éis dó an t-árasán a fhágáil, i ngan fhios dó féin. Nuair a thug sé faoi deara go raibh an botún déanta aige, bhí €3,300 íoctha aige. Ach nuair a rinne sé iarracht aisíoc a fháil ar an tsuim, níor éirigh leis sásamh a fháil ó Gavin in ainneoin a lán iarrachtaí a dhéanamh chun dul i dteagmháil leis.
Tharla sé sin in 2009 ach faoi 2025 bhí an t-airgead fós le híoc.
Is iriseoir é an t-iarthionónta seo agus nuair a roinn sé a scéal lena chomhghleacaithe san Irish Independent, d’fhiosraigh siad an cheist le Fianna Fáil. Nuair a chuir preasoifig Fhianna Fáil é in iúl do Gavin, ní raibh aon chuimhne aige ar an aighneas, ná ar an tsuim airgid. D’eisigh Fianna Fáil ráiteas inar séanadh an rud a maíodh.
Ach bhí an tionónta in ann dul ar ais go Fianna Fáil le fianaise a thaispeáin go soiléir go raibh airgead amuigh aige ar Jim Gavin.
Bhí an dá leagan ag teacht salach ar a chéile. Ach nuair a cuireadh an fhianaise os comhair Gavin, chuaigh sé féin ag cuardach cáipéisí agus taifead. Bhí air a admháil go raibh bunús leis an maíomh.
an chéad rud a rith le gach duine ná cén fáth sa diabhal nach raibh Gavin in ann cuimhneamh go raibh fiacha de €3,300 aige le hiarthionónta
Faoi oíche Shathairn bhí a rás rite. Bhí a fhios ag Micheál Martin agus Jack Chambers nach raibh aon bhealach as an tsáinn. B’fhéidir nach raibh Gavin fós ar an eolas go raibh an tóin ag titim as an bhfeachtas.
Ar chúis amháin nó ar chúis eile ghlac sé páirt i ndíospóireacht bheo ar RTÉ an mhaidin Domhnaigh sin. Bhí an scéal clúdaithe go forleathan sna meáin faoin am sin agus fios ag an domhan mór faoi. Nuair a cuireadh an cheist air, bhí sé fós á seachaint. Níor admhaigh sé é ach dúirt go raibh air níos mó taighde a dhéanamh.
Bhuail sé leis an Taoiseach níos déanaí an lá sin. Ní raibh ach toradh amháin ar an gcomhrá. Bata agus bóthar! D’eisigh Gavin ráiteas inar thug sé le fios go raibh sé ag tarraingt amach as an rás. Bhí iontas an tsaoil ar gach duine nuair a tharla sé.
Nuair a tháinig an scéal iomlán chun feasa, an chéad rud a rith le gach duine ná cén fáth sa diabhal nach raibh Gavin in ann cuimhneamh go raibh fiacha de €3,300 aige le hiarthionónta. Bhí sé dochreidte amach is amach.
An t-aon mhíniú a bhí an Taoiseach in ann a thabhairt ná go mb’fhéidir gur ghoill an tréimhse sin in 2009 chomh mór sin ar Gavin gur bhrú sé na cuimhní go léir faoi chois.
Den chéad uair ó bhí 1973 ann, fágadh muid gan ach beirt iarrthóirí. Agus chun an tarcaisne a chur i mbéal na héagóra, bhí sé rómhall ainm Gavin a bhaint den pháipéar ballóide. Má bhíonn an bhearna idir Heather Humphreys agus Catherine Connolly an-bheag tar éis an chéad chomhaireaimh, seans go bhféadfadh aistrithe ón iarrthóir taibhsiúil a bheith cinniúnach. Bheadh sin fíor-spéisiúil.
Cá bhfágann sin Fianna Fáil. Gan dabht tá buille crua buailte ar an bpáirtí. Fágtha gan iarrthóir. Agus ní haon ionadh go raibh a lán teachtaí, seanadóirí agus feisirí Eorpacha sa pháirtí ar mire nuair a chuala siad an drochnuacht.
Bhí an cruinniú den pháirtí parlaiminte a reáchtáladh ar an gCéadaoin achrannach agus beagnach chuile dhuine taobh amuigh de na hAirí ag clamhsán faoin straitéis, faoi stíl cheannaireachta Micheál Martin, agus faoin mbrú a cuireadh ar na comhaltaí Jim Gavin a roghnú mar iarrthóir.
“Is vóta daonlathach a bhí ann ach bhí an móramh mínádúrtha,” a dúirt Pat ‘The Cope’ Ó Gallchóir in aitheasc láidir.
Ghabh an Taoiseach leithscéal agus dúirt sé go raibh sé díomuach faoinar thit amach.
Agus mé ag caint le daoine a bhí ag an gcruinniú, chuala mé tuairimí malartacha faoi na himpleachtaí a bheadh ag an bpraiseach seo don pháirtí agus do thodhcaí Martin mar cheannaire. Bhí nach mór chuile dhuine ar aon intinn go raibh dochar mór déanta don pháirtí.
Ach an dtiocfaidh deireadh le ré Martin, tréimhse 15 bliana faoin tráth seo. Rinne an t-iarCheann Comhairle Seán Ó Fearghaíl píosa breá cainte, de réir iad siúd a bhí i láthair. Dúirt sé leis an gcruinniú go mbeadh Eanáir 2027 ar an dáta cuí chun athrú treorach a chur chun críche. Thuig roinnt daoine uaidh sin go raibh sé ag meabhrú próiseas comharbais.
Ach roinnt daoine eile, níor chreid siad gur deineadh dochar ar bith do Micheál Martin.
Rud amháin is féidir a rá faoi: tá an-teacht aniar ann mar pholaiteoir.