Réimse úr t-léinte ag an Dream Dearg
Roinn an Dream Dearg an réimse galánta t-léinte úra atá ar fáil acu ar Instagram ar na mallaibh agus tá achan uile cheann acu go haláinn. Chomh maith leis an t-léine clasaiceach dearg a bhfuil an lógó priontáilte air, tá dhá dhearadh nua faiseanta ar fáil – scríofa ar cheann acu tá ‘céad míle fáilte not céad míle fascists’, agus tá bratach na Palaistíne le lógó An Dream Dearg ar an cheann eile. Léiríonn agus scaipeann na t-léinte seo teachtaireacht iontach tábhachtach chomh maith le bheith faiseanta go leor le caitheamh ó lá go lá.
Bheadh ceann de na t-léinte seo foirfe le caitheamh chuig an mhórshiúl CEARTA, agóid náisiúnta ar son na nGael a bheas ar siúl i lár Bhaile Átha Cliath an 20 Meán Fómhair 2025. Beidh na Gaeil ag tabhairt faoi shráideanna na príomhchathrach do mhórshiúl mórscála chun aird a tharraingt ar bhlianta de ghealltanais bhriste agus gníomhartha easnamhacha chun tacú lenár dteanga agus leis an Ghaeltacht.
Tá na t-léinte úra ar fáil ag an Siopa Dearg ar líne ag an nasc seo www.dearg.bigcartel.com ar chostas £10 an ceann.
RM Block

Scaoil amach an pocaide le Shane McLoughlin
Tógann an leathanach Instagram @scaoil.amach.an.pocaide mo chroí agus bainim úsáid as go minic agus mé ag iarraidh cur le mo stór focal. Is iontach an áis í chun cúpla abairt álainn úsáideach a thabhairt leat a chuirfidh le do chuid Gaeilge labhartha agus scríofa.
Roinneann Shane blúiríní soláimhsithe eolais nach ndíríonn ar ghlanfhoghlaimeoirí amháin, ach ar dhaoine ar mhaith leo nathanna cainte dúchasacha a fhoghlaim. Is breá liom go mbíonn go leor plé agus cainte ag dul ar aghaidh sna tráchtanna fosta agus mar sin de bíonn eolas suimiúil á roinnt ag daoine fud fad an domhain. Bíonn gach aon lá ina lá scoile!

Is tábhachtach an cothaitheach é vitimín D
Tá sé ina fhómhar agus tá na laethanta ag dul i ngiorracht, agus ciallaíonn tráthnónta fada an fhómhair nach mbíonn an deis againn go leor vitimín D a fháil san aimsir seo. Más duine thú a bhíonn ag obair uaireanta fada i mbun an ríomhaire nó a bhíonn taobh istigh an chuid is mó den lá agus tú ag plé le post naoi go dtí a cúig, ní bhíonn ach cúpla uair a chloig agat i ndiaidh na hoibre leas a bhaint as gile na gréine.
Faigheann an chuid is mó againn go leor vitimín D i rith an tsamhraidh mar go mbíonn an ghrian amuigh agus in ann soilsiú go díreach ar ár gcraiceann. Tá sé de dhíth orainn leis na matáin, fiacla agus cnámha a choinneáil sláintiúil agus láidir, agus bíonn sé tábhachtach chun gortuithe agus fadbhanna sláinte cosúil le hoistéamalaice a sheachaint.
Má bhíonn tú ag streachailt le tuirse, tinneas agus pianta an t-am seo bliana, smaoinigh ar níos mó vitimín D a ghlacadh isteach. Bíonn forlíontaí cothaitheacha ar fáil sna siopaí bianna sláinte, nó de rogha air sin, is féidir níos mó bia a ithe a bhfuil cion ard vitimín D ann – iasc lán ola amhail sairdíní nó bradán, beacáin, ola ae troisc agus buíocáin uibhe.
Spotsolas ar Ealaíontóir Éireannach – Ditsy Bits
Bheadh iontas orm munar chuala tú trácht ar an bhranda seo riamh, mar tá sé ag dul ó neart go neart ó bhunaigh Emilie Williams é sa bhliain 2022. Thosaigh sí amach ag péinteáil t-léinte de láimh sular bhog sí isteach i stiúideo i lár Bhaile Átha Cliath, agus tá sí anois ag déanamh seachfhoinsiú ar an phróiseas priontála le freastal ar an éileamh. Cé go mbíonn uirthi freastal ar níos mó agus níos mó orduithe, ní tháirgeann Ditsy Bits ach bailiúcháin theoranta de mhéid áirithe éadaí chun fanacht chomh hinbhuanaithe agus is féidir i gcónaí.

Ní ag magadh atá mé nuair a deirim go raibh húdaithe Ditsy Bits a bhfuil fáinne cladaigh cniotáilte orthu le feiceáil ar gach aon ardán meáin shóisialta atá agam, agus bhí ráchairt chomh mór sin orthu go raibh daoine ina seasamh i scuaine ar feadh uaireanta fada ag súil lena gceannach. Tá na húdaithe ar fad díolta go fóill ach coinnigh súil ar na meáin shóisialta mar bíonn tobshiopaí á reáchtáil ag Ditsy Bits ar fud na tíre go measartha minic.
Díolann Ditsy Bits t-léinte fosta, an chuid is mó acu maisithe le grafaicí beaga Gaelacha, agus bhí siad á gcaitheamh ag go leor cailíní cúláilte ag an Phicnic Leictreach cúpla seachtain ó shin. Is cinnte go bhfuil éachtaí i ndán d’Emilie Williams agus an branda seo.
Is féidir dul ag brabhsáil ar shiopa Ditsy Bits ag www.ditsybits.com nó ag @ditsybitss ar Instagram.















