Michelle O’Neill – Iarrthóir Uachtaránachta?

Is dócha gur mó an gá atá léi ó thuaidh ná ó dheas i láthair na huaire

Michelle O’Neill ina baile dúchais, Cluain Eo, i gCo Thír Eoghain.  Grianghraph: Alan Betson
Michelle O’Neill ina baile dúchais, Cluain Eo, i gCo Thír Eoghain. Grianghraph: Alan Betson

Tháinig deimhniú ar an Luan an tseachtain seo nach mbeidh ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald mar iarrthóir i dtoghchán na hUachtaránachta ar an 24ú Deireadh Fómhair. Go dtí seo, is é seo an t-aon chinnteacht atá ann maidir le cur chuige an pháirtí don toghchán, agus an t-am ag teannadh leo go gasta ina mbeidh orthu cinneadh a dhéanamh. De réir dealraimh tá plé fós ag tarlú go hinmheánach sa pháirtí, agus rún ag an pháirtí fógra a dhéanamh ar an 20ú Meán Fómhair.

I measc na n-ainmneacha féideartha eile a bhí luaite go dtí seo bhí na teachtaí dála Piarais Ó Dochartaigh agus Rose Conway Walsh, agus trácht go leor déanta ar Chéad Aire an tuaiscirt Michelle O’Neill chomh maith. Tá seans fós ann nach gcuirfidh an páirtí aon iarrthóir chun tosaigh agus go dtabharfaidh siad tacaíocht do Catherine Connolly mar iarrthóir neamhspleách ar an eite chlé. Rogha eile atá acu (ach beag seans go dtarlóidh sé) ná go seasfaidh siad ar leataobh ar fad don fheachtas seo.

Michelle O’Neill ag comhrá leis an Captaen Conor Gibbons ag ócáid chomóradh Éirí Amach 1916 Easter Rising i mBaile Átha Cliath.  Grianghraph: Alan Betson
Michelle O’Neill ag comhrá leis an Captaen Conor Gibbons ag ócáid chomóradh Éirí Amach 1916 Easter Rising i mBaile Átha Cliath. Grianghraph: Alan Betson

San fholús a chruthaítear mar gheall ar an easpa cinnteachta seo, ní hiontas ar bith é gur thosaigh tráchtairí ag amharc i dtreo Michelle O’Neill mar iarrthóir féideartha. Bean éirimiúil chumasach í a bhfuil taithí fhairsing aici i neart gnéithe den pholaitíocht ar an oileán agus a léirigh go minic go bhfuil sí láidir sna meáin agus i mbun plé leis an phobal.

Ní rogha gan fasach a bheadh i gceist ach an oiread. I dtoghchán 2011 sheas Martin McGuinness don Uachtaránacht agus é ina Leas-Chéad-Aire ag an am. Cé nár bhain sé an tÁras amach sa deireadh, glactar leis gur éirigh go maith leis an fheachtas a reáchtáil Sinn Féin agus McGuinness maidir le próifíl an pháirtí a chur chun tosaigh, rud a chuidigh leo i dtoghcháin eile ina dhiaidh sin.

14 bliana ar aghaidh, tá cuid mhór athruithe tagtha ar chúrsaí polaitíochta thuaidh agus theas agus, i ndiaidh don pháirtí cúpla toghchán dúshlánach a chur díobh le cúpla bliain anuas, bheadh argóint láidir ann a leithéid de chur chuige a chur i bhfeidhm arís. An babhta seo bheadh an rogha ag an pháirtí Céad-Aire aitheanta a chur ar an bhóthar feachtasaíochta chun lucht tacaíochta an pháirtí a shásamh agus chun meanma na mball a neartú arís. D’éirigh leis an chur chuige sin in 2011, cén fáth nach dtiocfadh leo amhlaidh a dhéanamh anois?

Ag am iontach leochaileach don pholaitíocht ó thuaidh, tá ag éirí léi ceannasaíocht shiombalach ar a laghad a léiriú i gcomhar le Emma Little-Pengelly ón DUP.

Tá dhá ghné ag teacht in aghaidh a chéile anseo áfach. Ar lámh amháin bheadh sí ina hiarrthóir láidir agus go leor de na buanna aici a bheadh riachtanach don fheachtas. Ach ar an lámh eile, tá na buanna sin de dhíth sa ról ina bhfuil sí faoi láthair.

Nuair a ceapadh Michelle O’Neill ina Céad-Aire ar Fheidhmeannas Chnoc an Anfa i mí Feabhra 2024 dúirt sí go neamhbhalbh go raibh sé i gceist aici feidhmiú mar ‘Chéad Aire do chách.’ Léiríonn go leor de na rudaí atá déanta nó ráite aici ó shin go raibh sí dáiríre faoin ráiteas sin. Ag am iontach leochaileach don pholaitíocht ó thuaidh, tá ag éirí léi ceannasaíocht shiombalach ar a laghad a léiriú i gcomhar le Emma Little-Pengelly ón DUP. Cé go bhfuil deacrachtaí ag an Fheidhmeannas, faigheann Michelle O’Neill rátáil ard go leanúnach sna pobalbhreitheanna agus ní cheistítear a ceannasaíocht go hoscailte.

Cé go bhféadfaí a rá gurb amhlaidh a bhí do McGuinness nuair a sheas sé sa toghchán Uachtaránachta, tá níos mó ná sin i gceist.

Siar in 2011, bhí comhpháirtíocht éifeachtach idir Martin McGuinness agus Ian Paisley, rud a chuireann iontas ar dhaoine go fóill, ach d’éirigh leis an bheirt acu dul chun cinn sna blianta i ndiaidh Chomhaontú Chill Rímhinn. Ní dul chun cinn mar a bhaineann le buanna reachtaíochta nó polasaithe, ach mar gheall ar a n-iarrachtaí bhí cuma sheasmhach shábháilte ar na hinstitiúidí ó thuaidh.

Bhí caidreamh maith idir Ian Paisley agus Martin McGuinness. Grianghraph: Paul Faith/Pool/PA
Bhí caidreamh maith idir Ian Paisley agus Martin McGuinness. Grianghraph: Paul Faith/Pool/PA

Bhain an caidreamh folláin oibre seo siar as daoine, McGuinness agus Paisley ag gáire le chéile agus iad ag labhairt faoin todhchaí roinnte álainn a bhí romhainn. Ní raibh súilíocht ard ag an phobal maidir le spriocanna a bhaint amach nó athruithe a chur i bhfeidhm, cé go raibh géarghá leo. Tréimhse níos simplí a bhí ann don Chéad-Aire agus Leas-Chéad-Aire - bhí ag éirí leo mar gheall gurbh ann dóibh.

Is mór an difear é sin leis an am i láthair.

Cé go bhfuil institiúidí Chnoc an Anfa ag feidhmiú ó mhí Feabhra 2024 i ndiaidh sos fada a d’eascair as socruithe iar-Bhreatimeachta, tá cuma leochaileach go fóill orthu. Ní raibh iomrá ar bith ar an atmaisféar dóchasach a bhí ann i ndiaidh Chomhaontú Chill Rímhinn nuair a aontaíodh Creatlach Windsor. Ní hamháin sin, ach níl muintir na sé chontae sásta a thuilleadh glacadh le siombalachas amháin ó pholaiteoirí mar a bhí, go pointe, go dtí seo.

An Chéad-Aire ar Thionól Stormont Michelle O'Neill agus an LeasChéad-Aire Emma Little-Pengelly. Grianghraf: Arthur Allison/Pacemaker Press.
An Chéad-Aire ar Thionól Stormont Michelle O'Neill agus an LeasChéad-Aire Emma Little-Pengelly. Grianghraf: Arthur Allison/Pacemaker Press.

Tá ceisteanna tábhachtacha le freagairt agus ról dúshlánach roimh na páirtithe ó thuaidh dá réir. Dá mbeadh Michelle O’Neill chun imeacht le seasamh san fheachtas ó dheas, thiocfadh leis sin damáiste ollmhór a dhéanamh don socrú reatha ó thuaidh agus don chaidreamh atá riachtanach le dul chun cinn ar bith a dhéanamh ar na ceisteanna crua.

Go híorónta, is ionainn na fáthanna a mbeadh Michelle O’Neill ina hiarrthóir tréan agus na fáthanna nár chóir di seasamh sa toghchán.

Tá sí de dhíth san áit a bhfuil sí faoi láthair.

Foclóir: Cinneadh - decision; cinnteacht - certainty; tuairimí éagsúla - different opinions;