Sa bhliain 1886 bhí W.B. Yeats, file, i láthair ag séance i mBaile Átha Cliath. I láthair freisin bhí na filí George Russell (AE) agus Katharine Tynan. I rith an tséans, tháinig crith cos agus lámh ar Yeats agus caitheadh siar go tréan é. Thug sin ar Tynan an ‘Ár nAthair’ a rá agus spreag sé Yeats sleachta as ‘Paradise Lost’ a aithris! Chuir an eachtra seo lagmhisneach chomh mór sin ar an bhfile nach raibh sé sásta freastal ar shéans ar bith eile, cé gur lean sé air ag déanamh taighde ar an misteachas.
Bhí an-tóir ar an spioradachas i ndeireadh an 19ú céad. Rud faiseanta ba ea é i measc na huasaicme agus i measc na meánaicme ach chuaigh sé i léig ag deireadh an chéid. Tháinig sé i dtreis arís sa tréimhse a lean an Chéad Chogadh Domhanda agus an Fliú Spáinneach, nuair a fuair na céadta mílte daoine óga bás agus a bhí na mílte daoine faoi bhrón dá réir.
Ar na saolta seo is iomaí clár atá ann a bhfuil cúrsaí paranormálta mar ábhar iontu. Téann foirne isteach i dtithe nó ospidéil siúil le hardtrealamh teicniúil, mar shampla ceamaraí agus boscaí taifeadta fuaime, chun cumarsáid a dhéanamh leis na spioraid agus fianaise ar thaibhsí a sholáthar. Uaireanta bíonn an fhianaise seo inchreidte, uaireanta eile bíonn sé éiginnte agus ní móide go gcruthódh sé go bhfuil taibhsí ann.
Ní fhaca mise taibhse riamh i rith mo shaoil ach bhí eachtra amháin a bhí aisteach go leor i stair mo mhuintire. Nollaig amháin nuair a bhí mé i mo pháiste, léigh sean-aintín cnámhóga tae mo mháthar. Bhí leisce ar an tseanbhean na cnámhóga a léamh ach nuair a áitíodh uirthi, léigh sí iad. Dúirt sí go bhfaca sí bás fir óig agus go raibh téad i gceist.
RM Block
Mhóidigh mo dheirfiúr Máire, a bhí i láthair nuair a léadh na cnámhóga tae, nach ligfeadh sí d’éinne a dearna a léamh…
Roinnt blianta ina dhiaidh sin, maidin amháin, bhí mo mháthair ag glanadh amach na luatha ón tinteán inár dteach i mBaile Bhailcín, Baile Átha Cliath, nuair a ghlaoigh duine a hainm, ‘Rós’. Bhí sí cinnte gur comharsa a bhí ann a bhí tar éis teacht isteach sa halla (ag an am sin d’fhágtaí an eochair i ndoras tosaigh na dtithe). Chuaigh sí amach go dtí an halla ach ní raibh duine ná deoraí ann.
An lá dár gcionn tháinig an drochscéal uafásach gur maraíodh a deartháir beag Learaí i dtimpiste tionsclaíoch in Chicago mar a raibh cónaí air féin, agus ar a bhean chéile agus a chlann óg, le dhá bhliain roimhe sin. B’fheisteoir é agus bhí sé ag obair ar umar mór própáin nuair a bhris a chosa an leac oighir ar bhun an umair agus scaoileadh aníos an gás. Rinne a chomhoibrithe iarracht é a tharraingt aníos as an umar le téad ach sháraigh an gás é agus fuair sé bás. Ní raibh Learaí ach 34 bliana d’aois.
Bhí mo mháthair croíbhriste agus d’aimsíomar na grianghrafanna dá bhainis ach má rinne, i ngach uile cheann bhí a aghaidh bán gan gnéithe ar bith le feiceáil. Bhí Learaí tar éis cuairt a thabhairt ar dheirfiúr eile le mo mháthair in Toronto, Ceanada, tamall gearr roimhe sin agus, ag an am, thug an dá chlann cuairt ar Heart Lake mar ar thóg siad roinnt grianghrafanna le cinecheamara. Nuair a forbraíodh na grianghrafanna bhí aghaidh Learaí doiléir ar an dóigh chéanna.
Mhóidigh mo dheirfiúr Máire, a bhí i láthair nuair a léadh na cnámhóga tae, nach ligfeadh sí d’éinne a dearna a léamh ná nach rachadh sí chuig bean feasa i rith a saoil mar go raibh eagla chomh mór sin uirthi tar éis na heachtra.
Bhí mo mhamó chomh mór trí chéile tar éis bhás a mic is óige nár mhair sí ach dhá bhliain ina dhiaidh sin. Go luath tar éis bhreith mo dheirféar is lú tógadh mo mhamó isteach go dtí Ospidéal San Séamas mar go raibh broincíteas uirthi. Cé gur tugadh antaibheathaigh di ba bheag toradh a bhí orthu agus chuaigh sí in olcas. Go luath an mhaidin a fuair sí bás dhúisigh m’athair go tobann agus bhí briathra Salm 130 ‘De Profundis’, Salm do na Mairbh, ina cheann. Níos déanaí an mhaidin chéanna tháinig an glaoch teileafóin ag cur in iúl dúinn go raibh ár mamó tar éis bás a fháil.
Níos aistí fós, an lá a fuair m’athair féin bás, bhí brionglóid ag mo dheartháir beag a chodail go headra an mhaidin sin. Sa bhrionglóid ghléineach sin chonaic sé seanbhean liath le súile donna ag iarraidh rud éigin a rá leis ach bhí ag teip uirthi. Níos déanaí an lá sin fuair ár n-athair bás san ospís de dheasca meall san inchinn. Bhí an tseanbhean sa bhrionglóid an-chosúíl lenár mamó, cé nár bhuail mo dheartháir léi riamh mar go bhfuair sí bás sular rugadh é.
Dar ndóigh is féidir mórchuid na dtuairiscí seo a mhíniú ó thaobh an réasúin de ach, mar sin féin, tá dúrún ar leith ag baint leo agus is de dhlúth is d’inneach stair, bhéaloideas, ár muintire iad. Sula ndéanaimid beag is fiú díobh ba chóir dúinn smaoineamh ar an méid a dúirt Hamlet lena dhlúthchara Horatio: ‘There are more things in Heaven and Earth, Horatio, than are dreamt of in your philosophy’.
Foclóir
Ag déanamh taighde - researching
Spioradachas - spiritualism
Tithe nó ospidéil siúil - haunted houses or hospitals
cnámhóga tae - tea leaves
nuair a áitíodh uirthi - when she was persuaded
feisteoir - fitter
umar mór própáin - a huge propane tank
bán gan gnéithe ar bith - blank and featureless
a dearna a léamh - to read her palm
bean feasa - fortune teller / wise woman
















