Ní maith liom an focal ‘dochreidte’. Focal leisciúil é, agus faoin am seo tá róchaite, rósheanúsáidte, rónuasheanbhlastúil. D’fhéadfadh brí éigin a bheith leis dá ndéarfaí go bhfuil sé dochreidte go mbuafadh Cill Chainnigh craobh Éireann na peile i mbliana, nó nach gcaillfeadh Maigh Eo craobhchluiche eile fós. Ach níl sé dochreidte dá ndéarfadh Trumpa na Cruinne go raibh sé ar son na Vatacáine a ghabháil agus an Poncánach Pápa a chur ina phóca roimh éirí na gréine. Nó bheadh sé dochreidte dá bhfógródh an rialtas go raibh siad chun tithe a thógáil don phobal a bhféadfaí íoc astu gan súmairí fola agus maoine a bheith in aice láimhe.
Ach fós, ní focal gan feidhm ar fad é. Táim ag iarraidh gan féachaint ar na cluichí Oilimpeacha geimhridh, ach is ann dóibh os mo chomhair ar an scáileán mar mhalairt ar dhrochnuacht aimsire. Agus is iad, a bhformhór, atá dochreidte.
An chuid againn a d’imir spóirt éagsúla lenár linn ba mhinic sinn ag tincléireacht le spóirt eile chomh maith. Ba shamhlú éigin é go bhféadfaí cuid acu a imirt ar leibhéal na sráide nó na gcomharsan gan a bheith náirithe go héag. Thaitníodh leadóg dheas bhog ag cur na liathróide trasna an líontáin liom go dtí go dtagadh céile comhraic nach mbaininn oiread is pointe amháin as. Níor imríos riamh galf toisc go bhfuil an saol róghairid, na cúrsaí rófhada, an naoú poll déag i bhfad ar shiúl agus ní maith liom plásóga deasa míne ar chóir go mbeadh neantóga ag fas orthu, ach bhaineas triail as galf bhuille agus amas a rabhas in ann a láimhseáil gan aon ródhua. Is dóigh liom gur pleancadh ar pháirc rugbaí mé aon uair amháin, ach chuir a bhfaca den nádúr daonna sa chlibirt dhorcha laistíos oiread sceimhle orm nár leomhaigh mé a thriail an darna huair.
Ach is mé a bhí in ann na cluichí sin a shamhlú ar leibhéal níos airde, ar leibhéal na gcurach seaimpíní naofa lasnairde. Ní raibh aon rud ar siúl acu nach bhféadfadh mo leithéidse a dhéanamh sa chás is go mbeinn seacht n-uair seachtód níos oilte, láidre, sciliúla, tapúla, fuinniúla ar aghaidh.
RM Block
Ach domhan eile ar fad is ea domhan na gcluichí Oilimpeacha geimhridh. Tá bearta ar siúl acu ar dhóigh leat gur clis de chuid an cheamara iad, nó neachtar acu, rud éigin a cheap AI chun bob a bhualadh orainn.
Ceart go leor, tá curláil laistigh dár raon tuisceana, cé nár scuab aon duine riamh urlár leis an díocas céanna is a scuabtar an leacoighre sa chomórtas sin. Tá haca leacoighre intuigthe má d’imir tú iomáint i gContae an Chabháin agus culaith ruibéir ort feadh na huaine, cé go gcuirfeadh an luas bulla báisín i do chloigeann. Agus má dhein tú rollascátáil ar leacracha na sráide gan chnámha a bhriseadh nó glúin a lúbadh ag an aon am le cleachtadh bailé faoi shármháistreás oiliúna, tá seans ann go dtuigfidh tú don scátáil figiúr agus don chóras vótála rúnda a leanann.
Ach is iad na comórtais eile a éilíonn go gcaitheann tú a bheith ábalta ar eitilt, nó dul bolg le sneachta ar thráidire le fána síos a bhaineann an daonnacht díot. Má bhí sé i ndán go mbeimis mar éanlaithe an aeir bhronnfadh Dia nó Darwin sciatháin orainn, agus dá mbeadh sé cóir go mbeimis ag sciáil d’fhásfadh cosa ostraise fúinn.
Cén intinn a chum cuid de na comórtais seo? Ag sneachtabhordáil ar luas nach sroichfeadh créatúr ar bith sna críocha fuara, nó ag sciáil agus ag iarraidh rudolf éigin d’fhia a lámhach ag an am céanna?
Dé chúis nach bhfuil nochtsnámh faoin leacoighre againn nó iomrascáil neacha ilinscne sneachta?
Dochreidte gan amhras. Dochreidte faoi dhó.


















