Sa mbaile, mharódh chuile theaghlach muc an tráth seo den bhliain, a dúirt an bhean. Bhí an nós sin acu ina tír. B’in a thuig sé uaithi, í suite taobh leis sa gcarr an oíche fhuar fheannta seo agus an sneachta ag titim go fras.
Chuir sin Éirinn san am a caitheadh i gcuimhne dhó, am a bhí imithe leis an gceo. Tráth a mbíodh muca á marú agus fataí á gcur agus im á dhéanamh in áiteanna go leor thíos faoin tír.
Lean an bhean uirthi ag caint. Bhí díomá air anois gur bhac sé le síob a thabhairt di ar chor ar bith. Ach cén rogha a bhí aige?
Bhí sí seasta ar thaobh an bhóthair agus a lámh sínte amach aici agus is ar éigean go bhfaca sé í go dtí go raibh an carr beagnach ina mullach. Céard sa diabhal a bhí uirthi agus í amuigh in aimsir mar seo agus an oíche a bhí inti! Ach ní fhéadadh sé í a fhágáil.
RM Block
“Oh, thank you, thank you,” a dúirt sí agus í ag suí isteach sa gcarr. Ar an mbealach chuig an gcathair a bhí sí. Chuig stáisiún na mbus.
Céard a bhí á tabhairt ansin an tráth seo den oíche? Ní féidir go raibh sí ag imeacht léi in áit eicínt, ní raibh mála ná tada dá shórt aici.
D’aithin sé an bhean. D’fheiceadh sé í corruair ag siúl an bhóthair idir an tsráidbhaile agus an t-óstán, áit a raibh sí ag cur fúithi le cuid eile de mhuintir na tíre úd. Agus bhí sí feicthe aige cúpla uair ina seasamh cois cladaigh, í ag stánadh amach ar an bhfarraige agus cuma bhrónach uirthi.
Cé go raibh Béarla réasúnta maith aici, bhí sé deacair dó chuile rud a dúirt sí a thuiscint mar gheall ar a canúint. Is beag fonn cainte a bhí air féin. Chas sé air an raidió. Lyric FM. Ní bheadh gá tada a rá anois.
Lean an sneachta ag titim. D’fhéadfadh na bóithre a bheith contúirteach fós.
Bheadh cleachtadh maith ag an mbean ar an sneachta. Bhí na radharcanna feicthe aige ar an teilifís. Na tithe is na blocanna d’árasáin ina smionagar agus brat bán ar an talamh.
Bhí breis is trí bliana caite agus ba é seo an chéad uair dó comhrá d’aon chineál a bheith aige le duine as an tír úd.
Bhí an bhean ar an bhfón anois. Ag caint go tapaidh, í ag gáire ó am go ham.
Ní raibh sé cinnte fiú cén teanga go díreach a bhí á labhairt aici. Ceann de phéire, ar aon nós. Nó meascán, b’fhéidir.
Cén teanga í sin atá á labhairt agat? Ní fhéadfá ceist mar sin a chur uirthi. Ar eagla go maslódh sé í. Ceist shimplí ach ceist a d’fhéadfaí a chur ar chúiseanna éagsúla.
Nuair a bhí sí réidh ar an bhfón, dúirt an bhean, “I go to meet my son.”
“Your son?” a dúirt sé agus iontas air.
“Yes. He is twenty-five,” a dúirt sí. “He come this night from the airport.”
Chaith sé súil anonn uirthi. Bhí caipín dubh cniotáilte tarraingthe anuas ar a cloigeann aici, gan oiread is ribe gruaige le feiceáil. Éadan séimh dathúil a bhí uirthi. Drochsheans go raibh sí mórán thar an dá scór.
Cén sórt mic a bheadh aici? Cén chaoi a mbeadh sé in ann an tír sin a fhágáil i láthair na huaire agus rudaí mar a bhí? Nach mbeadh cosc air sin? Nach mbeadh dualgas air dul san arm?
Níor labhradar ar feadh tamaill. Tháinig píosa réidh snagcheoil ar an raidió. Bhuail na calóga sneachta i gcoinne an ghaothscátha. Bhog na wipers go mall anonn is anall.
“And you?” a d’fhiafraigh an bhean ansin. “Where you go?”
Bhí sé ag dul chun a iníon a bhailiú den bhus, a dúirt sé, gan smaoineamh.
“Nice,” a dúirt an bhean.
Céard a bhí air ar chor ar bith á rá seo léi? Bheadh sí ag cur ceisteanna air anois faoina iníon. Ach lean sé leis. Bhí sí ag teacht as Baile Átha Cliath, a dúirt sé. Múinteoir a bhí inti.
An raibh sí pósta? a d’fhiafraigh an bhean ansin.
Bhí, a dúirt sé.
Agus an raibh páistí aici?
Bhí. Beirt. Buachaill agus cailín.
Bhí an chuma air go raibh an bhean sásta an méid sin a chlos.
Bhuail a fón arís. Chuala sé guth fir ag labhairt.
“Da, da,” a dúirt an bhean, áthas ina glór. Sceitimíní uirthi.
Bhreathnaigh sí anonn. “That is him,” a dúirt sí. “My son.”
Cén chaoi a n-aireodh sé ag teacht go tír i bhfad i gcéin nach raibh aon eolas aige fúithi? Cén chaoi a n-aireodh sé éalú ón mbuamáil is ón mbagairt shíoraí agus críochnú i bhfad as baile an oíche chiúin seo? Ba mhaith leis ceisteanna mar seo a chur ar an mbean, ach ní raibh fhios aige an bealach ceart lena leithéid a dhéanamh.
Bhí sé ag druidim le meán oíche nuair a bhaineadar stáisiún na mbus amach. Bhí scuaine fhada de thacsaithe taobh amuigh, ach d’éirigh leis áit pháirceála a aimsiú gar go maith don bhealach isteach. D’fhéadfadh an bhean imeacht léi isteach. D’fhanfadh sé sa gcarr go fóilleach.
“Come, come,” a dúirt an bhean, í ar bís chun fáil amach as an gcarr. Rinne sí comhartha dó lena lámh. “We go together.”
Lean sé í. Dheamhan mórán rogha a bhí aige.
Ní raibh an bus ó Aerfort Bhaile Átha Cliath ach tagtha. Bhí daoine fós ag tuirlingt agus ag bailiú a gcuid málaí. Bhí daoine eile seasta timpeall ag feitheamh orthu.
Chuaigh an bhean anonn ina measc. Go tobann lig sí béic aisti agus bhrostaigh sí i dtreo fear óg scafánta le gruaig fhionn a raibh mála thar a ghualainn chlé aige agus chaith sí a lámha timpeall air. Chrom an fear óg agus thug sé póg di ar barr a cloiginn. Leanadar ag caint go corraithe.
Bhí sé chun imeacht leis nuair a d’iompaigh an bhean agus tháinig sí anonn chuige, greim láimhe aici ar an bhfear óg.
“My son,” a dúirt sí, í bródúil agus mórtasach as an bhfear óg slachtmhar seo.
“Three years,” a dúirt an bhean agus thug sí póg eile dá mac.
“And your daughter?” a d’fhiafraigh an bhean anois, meanagdh mór fós ar a héadan.
Bheadh bus eile ann, a dúirt sé. Bheadh sí air sin. Agus go deimhin bhí bus eile le teacht isteach faoi cheann leathuaire.
Gheobhadh í féin is a mac tacsaí abhaile, a dúirt an bhean.
“Happy Christmas,” a dúirt sí ansin agus í ar bís imeacht.
“Yes,” a dúirt sé, “Happy Christmas,” agus chroith sé lámh léi.
Bhí sé ar tí a lámh a shíneadh i dtreo an fhir óig nuair a chonaic sé go raibh muinchille folamh scaoilte san áit inar chóir dá lámh dheis a bheith.
Ba léir gur thuig an fear óg an náire a bhí air. “Happy Christmas,” a dúirt sé agus meangadh air.
Labhair an bhean. “You wait. Don’t worry,” a dúirt sí. “Your daughter come soon.”
Bhreathnaigh sé ar an mbeirt, an fear óg agus a mháthair lena thaobh, agus iad ag fágáil. D’fhanfadh sé tamall eile le cinntiú go rabhadar imithe.
Bhí cuid mhaith den slua bailithe leo cheana féin. Ach bhí daoine eile ag teacht isteach sa stáisiún de réir a chéile, iad ag feitheamh ar an gcéad bhus eile, ceann deiridh na hoíche.
Ach ní bheadh eisean ina measc. Bhaileodh sé leis chomh luath is a bhí an deis aige.
Ní raibh aon chúis aige fanacht. Ní bheadh aon iníon leis ag teacht ar bhus ar bith an oíche seo.
Dá bhfios dó bhí a iníon Deirdre san Astráil. Agus b’fhéidir go raibh sí pósta, b’fhéidir go raibh gasúir aici, ach ní raibh a fhios aige sin mar ní raibh sí feicthe aige ná ní raibh focal cloiste aige uaithi le fada.
Lá amháin, gan choinne, deich mbliana ó shin, nuair a bhí sí tagtha ag an teach le roinnt dá cuid a thabhairt léi, dúirt sí leis nár theastaigh uaithi aon bhaint a bheith aici leis go deo arís.
Ní hé go rabhadar ag troid nó ag argóint ag an am. Labhair sí go fuarchúiseach.
Nuair a d’fhiafraigh sé cén chúis a bhí leis seo, dúirt sí “Think about it,” agus d’imigh sí léi.
B’in iad na focail deiridh a chuala sé óna iníon. Agus chuimhnigh sé ar na focail úd go mion minic sna blianta ina dhiaidh sin.
An chaoi inar chaith sé lena máthair Helen a bhí i gceist aici.
An chaoi inar chuir sé í isteach i dteach banaltrais nuair a bhuail an néaltrú í agus gan í ach fós sna caogadaí.
Bhí stáisiún na mbus ag éirí glórach arís agus daoine ag fanacht ar a ngaolta is ar a gcairde, orthu seo a bhí ina gcroíthe.
Amach leis. Ní raibh an sneachta chomh trom is a bhí tamall roimhe. Anonn leis go dtí an carr. Bhí loirg a bhróg agus cinn na mná clúdaithe ag an sneachta úr.
Shuigh sé isteach sa gcarr. Tháinig an raidió air chomh luath is a thosaigh sé an mótar. “God rest ye merry gentlemen,” á chanadh ag cór eicínt.
Bhí fonn air an raidió a mhúchadh láithreach, ach ní dhearna. B’amhrán é a thaitin le Helen i gcónaí.
Bhí rud maith amháin déanta aige an lá seo – an bhean sin a thabhairt chomh fada leis an stáisiún chun fáiltiú roimh a mac.
Ní raibh sé i gceist aige teacht chomh fada leis an gcathair in aon chor an oíche seo. Bhí sé ag iarraidh an ceiliúradh agus an hullabaloo uilig a sheachaint.
Ba ar thóir braon bainne, bia don chat agus buidéal fuisce a d’fhág sé an baile níos luaithe le go bhféadfadh sé an lá dar gcionn a chur isteach ina aonar. Bhí sé ag teacht gar don siopa nuair a chonaic sé an bhean ar thaobh an bhóthair.
Ar thuig an bhean an méid sin? Ar airigh sí gur ag cumadh scéil a bhí sé faoina iníon? Ní fhéadfadh sé a bheith cinnte de sin.
Bheadh beagnach chuile shiopa agus eischeadúnas dúnta faoin tráth seo, ach seans go mbeadh stáisiún peitril eicínt fós ar oscailt. Thiomáin sé leis trí shráideanna na gealchathrach.
Foclóir: beagnach ina mullach - almost on top of her; smionagar - shattered piece; contúirteach - dangerous; caipín dubh cniotáilte - black knitted cap; calóga sneachta - snowflakes; láithreach - immediately.
















