Buiséad Chinnín Óir

Méadú ar mhaoiniú na Gaeilge i mBuiséad 2026 - ach níos lú ná mar a éilíodh

An tAire Airgeadais Paschal Donohoe agus an tAire Caiteachais Phoiblí Jack Chambers.  Grianghraf: Sam Boal/Collins
An tAire Airgeadais Paschal Donohoe agus an tAire Caiteachais Phoiblí Jack Chambers. Grianghraf: Sam Boal/Collins

Bhí Buiséad 2026 ar nós leite Chinnín Óir, róthe agus rófhuar. Roimh ré, ba chosúil go mbeadh sé róthe d’eacnamaithe agus rófhuar don cháiníocóir. Agus é fógartha, tá an chuma ar an scéal go bhfuil sé rófhuar don cháiníocóir ach, tá súil ag an Rialtas, go bhfuil sé go díreach ceart – dírithe i gceart – don infheistíocht.

Ina aitheasc, dhein an tAire Chambers tagairt don chultúr mar chúis bhróid don tír, gurb é is cúis le clú agus cáil ár n-ealaíontóirí, agus bunchloch na tíre mar shuíomh don chruthaíocht. Dearcadh é sin a dhealraíonn an cultúr mar uirlis seachas ar bhonn fís féiniúlachta nó féin-achtála, cultúr ar son an chultúir féin.

Sin mar is gá is dócha i gcomhthéacs buiséad a ghríosaíonn gnó, tairbhe don tsochaí agus don gheilleagar le léiriú leis.

Mar sin féin, tá leite an Chinnín Óir le blaiseadh sa chaiteachas cultúrtha freisin.

Tá méadú níos lú ar an gcaiteachas sa Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta i gcomparáid leis an gcaiteachas poiblí i gcoitinne. Tá méadú 8.6 faoin gcéad ar an gcaiteachas poiblí do 2026, €116.2 billiúin in aghaidh bhuiséad €107 billiúin na bliana seo (cé go bhfuil an caiteachas reatha níos airde ná mar a bhí leagtha amach ó thús).

I gcomparáid leis sin, tá méadú 6.2 faoin gcéad ar fáil don Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, €611 milliúin in aghaidh €575 milliúin i mbliana. Tá maoiniú na Roinne ar an gcodáin is lú de na Ranna Rialtais, ag fágaint Roinn an Taoisigh as an áireamh. Beidh méadú 9.5 faoin gcéad ar chaiteachas an Roinn Cultúir, Cumarsáid agus Spóirt.

É sin ráite, tá €159 milliúin á chur ar fáil don Ghaeltacht agus na hOileáin, méadú €36 milliúin (nó 29.2 faoin gcéad) in 2026, i bhfad níos mó ná an meánmhéadú sa chaiteachas poiblí iomlán. Go sonrach, tá roinnt tograí agus tionscnamh suntasach le feiscint sna pleananna do 2026 maidir leis an nGaeilge agus an Ghaeltacht.

Tá chuid mhaith den chaiteachas ar thograí caipitil le teacht le trí thionscnamh atá beartaithe faoin bPlean Forbartha Náisiúnta, péire acu sa nGaeltacht, an ché ar Inis Oírr agus athfhorbairt shuíomh Choláiste Lurgan i gConamara mar mhol oideachais agus óige. Beidh tacaíocht freisin ar fáil do mhol cultúrtha nuálach ar Shráid Fhearchair i mBaile Átha Cliath.

Cuireann na tionscadail úd le tábhacht gníomhaíochta stocaireachta a bheith san áireamh sa Phlean Forbartha Náisiúnta. Más ann dóibh, tá sár-sheans go dtacófar leo, murach sin, is beag seans.

Tá curtha freisin le hinfheistíocht i bhforbairt teanga, eacnamaíoch, chultúrtha agus shóisialta phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta, le €3 mhilliúin breise ar son Pleanáil Teanga, €2 mhilliúin breise do scéimeanna tacaíochta don Ghaeilge agus €1.5 milliún sa bhreis do scéimeanna tacaíochta le haghaidh ceantair Ghaeltachta. Tá maoiniú breise €2.5 milliúin ar fáil d’Údarás na Gaeltachta.

Tá méadú freisin tagtha ar an maoiniú reatha atá le cur leis an gcomhoibriú teanga Thuaidh-Theas, rud atá mar chloch ar phaidrín an Rialtas seo is cosúil. Ina measc sin, tá gníomhaíochtaí Foras na Gaeilge, Gníomhaireacht na hUltaise, Clár na Leabhar Gaeilge agus Colmcille, cé nach bhfuil aon chaint ar conas a luíonn sin le comhaoiniú na n-údarás ó Thuaidh ó Stormont, ná ó thoir ón mBreatain.

Faoi chúrsaí cumarsáide, tá ardú €5.4 milliúin (nó 9 faoin gcéad) ar fáil do TG4. Nuair a chuirtear maoiniú iomlán €65 milliúin TG4 i gcomparáid le maoiniú RTÉ, atá ag freastal ar lucht féachana níos fairsinge agus ag brath ar ‘leasú agus claochlú’ a dhéanamh, is mór an leas é fís shoiléir, eisceachtúil TG4 agus fanacht as aon chonspóid , rud nár éirigh le RTÉ a dhéanamh.

An ceannlíne is suntasaí maidir le maoiniú don Roinn Cultúir, Cumarsáid agus Spóirt ná buanú scéime um bhunioncam do na healaíona, rud a chuidigh le 2,000 ealaíontóir i mbliana.

Sa bhuiséad seo, síneadh amach roinnt mhaith scéimeanna agus liúntas a bhí sealadach go dtí seo ach cuirfear fáilte go háirithe roimh chomharbacht bhuan na scéime seo, a bhéas oscailte arís sa chéad leath de 2026.

Is geall le daonlathú na n-ealaíon í seo freisin, rud a thacaíonn le healaíontóirí go díreach. Mar a thuigfí, tá an maoiniú don Chomhairle Ealaíon gan athrú go dtí foilsiú thuairisc rialachais Niamh Brennan.

Is fiú a lua freisin go bhfuil síniú curtha leis an bhfaoiseamh cánach atá ar fáil le haghaidh scannánaíocht Éireannach i gcoitinne faoi Alt 481 den reachtaíocht chánach.

Ag breathnú níos faide abhus, níl aon chaint ar thithíocht Ghaeltachta ná bánú na Gaeltachta.

Beidh an feachtas Bánú agus Tinteán fós ag fanacht.

Luíonn an easpa infheistíochta úd le dearcadh ginearálta an Rialtais maidir le hinfheistíocht phoiblí sa tithíocht, géarchéim agus ganntanas ár linne, sa Ghaeltacht leis, agus iad ag brath go mór ar spreagadh forbróirí réadmhaoine príobháideacha.

Tá le feiscint fós cén tionchar a bheas ag an spreagadh sin – agus ag ráiteas an Aire Calleary go bhfuil sé ag déanamh scrúdú ar cheist na tithíochta Gaeltachta agus cinneadh le déanamh roimh deireadh na bliana.

Tá cur chuige ag Údarás na Gaeltachta ina leith seo leis, agus caitheadh €250,000 i dtreo plean tithíochta in 2023. Léiríonn an taighde a tháinig as go bhfuil daonra na Gaeltachta ag dul in aois i gcónaí agus go bhfuil céatadán na dtithe folmha sa Ghaeltacht (11 faoin gcéad) níos airde ná an meán (8 faoin gcéad) náisiúnta.

Luaigh Príomh-Fheidhmeannach an Údaráis, Tomás Ó Síocháin, ag Comhchoiste Gaeilge an Oireachtais roimh an Samhradh go bhfuil an tÚdarás ‘réidh chun tacú leis an obair sin agus ról a ghlacadh i gcur chuige an Aire agus na Roinne nuair a iarrfar ar an Údarás é sin a dhéanamh’.

San idirlinn, tá sé ráite freisin ag an Údarás go bhfuil siad ag obair ar roinnt gnéithe chun tacú le soláthair tithíochta faoi scéimeanna reatha an Rialtais.

Mar fhocal scoir, tuairiscíodh sa nuachtán seo an tseachtain seo caite, lá na cáinaisnéise, go bhfuil €55 milliúin á éileamh ag eagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta le Plean Fáis 2024-2029 a chur i gcríoch.

D’fhéadfaí a bheith mí-fhoighneach agus clamhsánach faoin mbearna atá le clúdú fós. Ach i ráiteas ó Chonradh na Gaeilge deirtear gur ‘pointe tosaigh suntasach agus dearfach’ é Buiséad 2026 don Ghaeilge agus don Ghaeltacht, ‘agus léiríonn sé dea-thoradh don fheachtasaíocht leanúnach agus aontaithe atá ar bun ag pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta le bliain anuas’. Roinnt oibre déanta, níos mó le déanamh.

Tá cur chuige an Chonartha críonna, ciallmhar, agus tagairt déanta acu freisin don tábhacht a bhaineann le hAire Sinsearach a bheith ann le tacú leis an iarracht.

I mo thaithíse, má cheapann polaiteoirí agus lucht polasaithe go bhfuil iarracht déanta acu, mar atá, cuireann sé as dóibh go mór má bhíonn clamhsán fós ann. Muna bhfaigheann siad creidiúint, mar is dúil go minic, ní fhillfidh siad ar an gceist. Níl iontu ach daoine agus is claonadh daonna é sin.

Is fearr go mór mar sin a bheith buíoch ach treabhadh ar aghaidh go diongbháilte leis an bhfeachtasaíocht. Is ionann go minic comhoibriú agus tionchar.

Ar nós leite an Chinnín Óir, mar a thosaíomar, beidh cáinaisnéis 2026 róthe do roinnt daoine, rófhuar do dhaoine eile. <TB><TB>Ní minic a bhíonn sé go díreach ceart.

Is iarUachtarán ar Ollscoil na Gaillimhe agus iarOllamh sa Chuntasaíocht in UCD é Ciarán Ó hÓgartaigh.

Foclóir: Leite - porridge; caiteachas - expenditure; lucht féachana - audience; soláthar tithíochta - housing supply; mí-fhoighneach - impatient; treabhadh - ploughing.