An amhlaidh gur chailleas rud éigin? An amhlaidh nár airíos na ceisteanna sa Dáil agus na leithscéalta ó na tráchtairí eolgaiseacha gaoiseacha sin a mhaígh go gcaithfimis an glas triarach, nó an glas faoi thrí a chaitheamh sa bhosca bruscair, toisc, fan leis, go n-imreodh an Rúis nó an tSín urghaire nó veto ar ár gcuid trúpaí ag dul thar lear ar chúraimí na Náisiún Aontaithe? Ní fhéadfaimis ligean don Rúis ná don tSín ceangal a chur ar Óglaigh na hÉireann dul i mbun dualgas síochána thar lear. Chaithfí deireadh a chur leis an ngeallúint sholmanta a tugadh cheana gurbh ann don ghlas triarach ionas go gcaithfí cead na Náisiún Aontaithe a fháil d’fhonn fir agus mná óga na hÉireann a scaoileadh thall thairis ar dhualgas armtha.
Agus, n’fheadar an im chodladh a bhíos, ach léigh mé agus d’airigh mé go bhfuil an Tánaiste/an tAire Gnóthaí Eachtracha i mbun feachtais taidhleoireachta le tíortha an domhain a bhfuil cluasa orthu ionas go leanfaí le UNIFIL, is é sin, misean na Náisiún Aontaithe sa Liobáin agus a bhfuilimid páirteach ann leis na blianta. Ní foláir do na Náisiúin Aontaithe an misean a athnuachan gan mhoill nó tiocfaidh deireadh leis agus fillfidh Arm na hÉireann agus saighdiúirí eile síochána abhaile, imeacht a thaitneodh go mór le hIosrael.
Is í íoróin mhilis an chúrsa ná nach iad an Ruis mhallaithe, ná an tSín nach dtuigtear, ná an Bhreatain ár gcomharsana, ná an Fhrainc phoblachtach (mar a déarfá) is róbhaol a chuirfidh an bac orainn, ach ár gcairde daonlathacha i Meiriceá. Samhlaigh é sin! Tá na Stáit Aontaithe ag beartú, de réir an Aire agus an Tánaiste, ar urghaire a chur ar ár gcuid trúpaí páirt a ghlacadh i misean de chuid na Náisiún Aontaithe!
Abúbúna! Cá bhfuil siad anois, na tráchtairí, na polaiteoirí, na hiriseoirí nach raibh de phort acu ach nár cheart ligean don Rúis ná don tSín stiúir a bheith acu ar ár gcuid gnóthaí eachtracha?
RM Block
Ní argóint í sin, gan amhras, ar son deireadh a chur leis an nglas triarach, óir is dóigh leis an gcuid againn atá glan in aghaidh na tóra chun cogaidh agus leis an méadú ar chaiteachas an bháis seachas na beatha, gur cosaint fós é an glas faoi thrí ar chead a chinn nó ar chead a chlaonta a thabhairt do rialtas ar bith ógánaigh a chur amach ag troid ar son comhghuaillíochtaí eile gur beag é ár nguth iontu agus a n-athróidh a ndílseacht de réir is mar a shéideann an ghaoth.
Má chuireann na Stáit Aontaithe, nó an Bhreatain, nó an Fhrainc, nó an tSín, nó an Rúis féin cosc orainn, bíodh sin mar atá. Is é sin toil na Náisiún Aontaithe ar aontaíomar leis; creideamh san eagraíocht lochtach sin an dóchas is fearr fós atá againn.
Níl san íoróin áirithe sin ach sampla beag oileánda de na híoróna ar fad atá ag gabháil steallaidh orainn faoi láthair. Netanyahu Iosrael ag maíomh go raibh an Iaráin á buamáil aige chun fuascailt a dhéanamh ar mhná na hIaráine a bhfuil leatrom á dhéanamh orthu. Is fíor go bhfuil leatrom gránna á dhéanamh orthu ag réimeas dian míthrócaireach, ach is deacair sin a shlogadh ó cheannaire rialtais atá i mbun áir agus sléachta ar mhná, ar pháistí (agus ar fhir) na Palaistíne go laethúil fad is atá seo á scríobh agus á léamh.
Is féidir na híoróna seo ar fad a iomadú go heireaball timpeall sa saol ina mairimid ann ach ó am go chéile caithfear an scáthán a thabhairt amach is na focail a dúradh a shoilsiú suas is anuas lena bhfuil á dhéanamh.