Agóid TINTEÁN ar siúl i mBÁC inniu

Na Ceithre hAirde: Agóid tithíochta; slandáil leanaí; turais threoraithe agus thodhchaí inbhuanaithe na nOileán

Póstaer bolscaireachta de chuid 'Tinteán'
Póstaer bolscaireachta de chuid 'Tinteán'

Beidh an grúpa feachtais tithíochta Gaeltachta TINTEÁN i mbun agóide ag 2pm inniu, Dé Máirt 3 Márta, taobh amuigh de Theach Laighean i lár Bhaile Átha Cliath. Tá siad ag iarraidh ar an Aire Tithíochta, James Browne, gníomhú láithreach maidir leis an ghéarchéim tithíochta agus teanga atá ag leanúint ar aghaidh sa Ghaeltacht. Dar leo nach mór don Rialtas gníomhú anois chun a chinntiú gur féidir le daoine maireachtáil go buan sa Ghaeltacht.

I measc na ndaoine a bheidh i láthair beidh ionadaithe ó na grúpaí tithíochta BÁNÚ agus CATU, chomh maith leis an Meitheal Náisiúnta Pleanála Teanga, Aontas na Mac Léinn in Éirinn, agus daoine den phobal atá ag seasamh i ndlúthpháirtíocht le pobal na Gaeltachta agus éilimh TINTEÁN.

Beidh ceol le cluinstin ar na sráideanna agus taispeánfar cultúr, teanga agus pobail bheo na Gaeltachta, sin agus cuirfear in iúl nach géarchéim tithíochta amháin atá i gceist ach streachailt ar son thodhchaí na Gaeilge í féin. Tá TINTEÁN ag iarraidh ar gach duine teacht amach ar na sráideanna chun dlúthpháirtíocht a léiriú le muintir na Gaeltachta.

Caint ar Shlándáil Leanaí ar líne i gCill Dara

Ábhar atá go mór i mbéal an phobail faoi láthair is ea slándáil leanaí ar líne, go háirithe le teacht chun cinn na hintleachta saorga agus fás líon na “dtionchairí” a roinneann grianghraif agus físeáin dá bpáistí ar ardáin phoiblí ar na meáin shóisialta. Más rud é go bhfuil páistí agat, nó go bhfuil páistí ag do mhuintir nó ag do chairde, tá sé tábhachtach smaoineamh ar na céimeanna éagsúla is féidir a ghlacadh chun iad a chosaint agus ábhar á roinnt ar líne.

Beidh caint shuimiúil faoi shlándáil leanaí, an intleacht shaorga agus do chuid sonraí pearsanta ar líne ar siúl i Leabharlann Nás na Ríogh ag 6.30pm tráthnóna amárach, Dé Céadaoin 4 Márta, leis an aoichainteoir Niamh Laarhoven. Chaith Laarhoven ceithre bliana ag obair leis na meáin shóisialta agus ag déanamh modhnóireacht ar ábhar. Labhróidh sí leis an slua faoin oiread sonraí a roinneann duine nuair a chruthaíonn siad cuntas ar líne, cé chomh hiontaofa is atá an intleacht shaorga, agus roinnfidh sí cúpla nod maidir le do pháistí a choinneáil slán sábháilte ar líne.

Turais threoraithe saor in aisce ar shuíomhanna stairiúla

Beidh deis ar leith ag cuairteoirí páirt a ghlacadh i sraith imeachtaí saor in aisce agus turais threoraithe ar láithreacha éagsúla de chuid Oifig na nOibreacha Poiblí á gcur ar fáil le linn Sheachtain na Gaeilge i mbliana.

I measc na n-ionad a bheidh mar chuid den tsraith seo beidh Ionad Cuairteoirí Theach an Chustaim, Caisleán Bhaile Átha Cliath, Músaem Phríosún Chill Mhaighneann, Garraithe Náisiúnta na Lus, Músaem na bPiarsach agus níos mó.

Beidh na turais á reáchtáil go hiomlán trí Ghaeilge ag treoraithe fíoreolacha a thabharfaidh léargas suimiúil agus a inseoidh seanscéalta a bhaineann le gach ionad.

Dúirt an tAire Stáit atá freagrach as Oifig na nOibreacha Poiblí, Kevin ‘Boxer’ Moran: “Is le linn Sheachtain na Gaeilge is mó a dhéantar an Ghaeilge agus an cultúr a cheiliúradh agus is é an bealach is fearr chun muid féin a thumadh inár dteanga dhúchais ná cuairt a thabhairt ar láithreacha oidhreachta Oifig na nOibreacha Poiblí le linn an cheiliúrtha seo. Tá an-lúcháir ar Oifig na nOibreacha Poiblí turais trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil i rith Sheachtain na Gaeilge chun a chinntiú go mbainfidh daoine aonair, grúpaí agus teaghlaigh taitneamh as cuid dár saibhreas oidhreachta, trí Ghaeilge”.

Chun tuilleadh eolais a fháil chomh maith le liosta iomlán de na himeachtaí a bheidh ar siúl, tabhair cuairt ar www.heritageireland.ie.

Scoláirí ag comhoibriú ar Thodhchaí Inbhuanaithe na nOileán

Tá Scoil Eoin Pól II ar Inis Mór, Contae na Gaillimhe, agus St Mary’s ar Oileán Reachlainn, Contae Aontroma, ag obair lena chéile ar an togra trasteorann ‘Oileáin Chliste: Níos faide ná na Droichid’, tionscadal a chuireann daltaí na n-oileán i gcroílár na heolaíochta, na hinbhuanaitheachta agus na nuálaíochta.

Cuireadh tús leis an togra ar Reachlainn, áit ar ghlac daltaí agus daoine den phobal páirt i ngníomhaíochtaí praiticiúla le brící LEGO, agus roinn siad smaointe faoi shaol an oileáin san am a chuaigh thart chun réitigh don todhchaí a shamhlú. Léirigh an taithí sin an luach a bhaineann le comhoibriú, cruthaitheacht agus meas ar an eolas áitiúil.

Anois, agus an obair sin mar bhunús acu, glacfaidh daltaí ó Scoil Eoin Pól II ar Inis Mór páirt i sraith ceardlanna inniu, an 3 Márta, agus bainfidh siad úsáid as LEGO mar uirlis smaointeoireachta agus cumarsáide chun a gcuid smaointe a chur in iúl. Beidh deis acu fosta machnamh a dhéanamh ar a bhfuil foghlamtha acu agus ar na chéad chéimeanna eile den tionscadal.

Ag deireadh na scoilbhliana, tiocfaidh daltaí ón dá oileán le chéile agus roinnfidh siad a gcuid taithí foghlama, chomh maith leis na réitigh atá forbartha acu le chéile.

Tá an tionscadal seo á dhéanamh i gcomhpháirt le AMBER, COGG, Ollscoil Uladh agus AIB Trinity Climate Hub and Co-Centre for Climate, Biodiversity and Water.