Cé go bhfuil aithne níos fearr ar Aideen McQueen mar bhean ghrinn, labhraíonn sí faoin ról nua atá aici mar aisteoir agus í ar camchuairt faoi láthair lena dráma aonair nua Waiting for Texto.
Díríonn an léiriúchán ar phróiseas dúshlánach na cúirtéireachta i rith ré na meán sóisialta agus an imní a airíonn an príomhcharachtar Lucy, bean [cuíosach] óg atá ag dul as a meabhair agus í ag fanacht le teachtaireacht ón stócach cluanach a casadh uirthi ar Tinder.

“Bíonn sé ag déanamh dianscagadh ar an meon atá agat agus tú ag fanacht agus na fáthanna b’fhéidir a bhfuil tú mar sin. Caithfear greann a bhaint as na rudaí seo ach freisin tá rudaí le rá sa dráma mar gheall ar conas dul i ngleic leis an bhfadhb,” a deir Aideen.
“Níl mé ag iarraidh an iomarca a rá mar gheall ar chonclúid an dráma, ach tá casadh beag ann, tá sé greannmhar agus freisin beagáinín suntasach.”
RM Block
…uaireanta téann tú go gig agus cheapfá go raibh daoine ag dul isteach chun an Ardteist a dhéanamh mar bíonn gach duine ag léamh a gcuid nótaí.
Tá an chuma ar an scéal go bhfuil Aideen ag tapú gach deise a thugann an dráma seo – a scríobh sí féin i gcomhar lena deirfiúr Aoife Ní Dhiarmada – chun tuilleadh forbartha a dhéanamh mar ealaíontóir.
“Ó thaobh na haisteoireachta de ní raibh sé go dona mar tá an carachtar bunaithe, ní go hiomlán, ach an-chuid ormsa mar dhuine,” a mhíníonn an bhean ghrinn.
“Tugann sé níos mó saoirse dom mar tá mé ag díriú ar scéal. Tá amanna ann nach mbíonn daoine ag gáire. Tá amanna dáiríre ann agus bíonn tú in ann teachtaireacht a bheith agat.
“Tá mé níos oscailte agus b’fhéidir níos goilliúnaí. Agus tú ag déanamh dráma, tá tú in ann díriú ar lucht féachana a thagann de bharr go meallann an t-ábhar iad agus bíonn tú in ann a bheith níos ionraice.”
Is léir go bhfuil tuiscint ar leith ag Aideen ar an rogha tábhachtach atá le déanamh ag an ealaíontóir idir an bhéim a chuireann siad ar a dteachtaireacht phearsanta agus an brú atá ann dul i bhfeidhm ar an lucht féachana.
Ar ndóigh baineann suntas áirithe leis an gceist seo don lucht grinn mar is cuma cén teachtaireacht atá acu, caithfear fós an lucht féachana a chur ag gáire.
“Is cothromaíocht mhaith é idir daoine a chur ag gáire agus an rud atá tú ag iarraidh a rá a rá, agus tá sé go deas a bheith in ann an chothromaíocht sin a aimsiú,” a deir Aideen.

“Aréir bhí mé ag gig agus daoine óga, daoine iasachta a bhí ann don chuid is mó. Ní bheinn in ann jócanna a dhéanamh ar chúrsaí polaitíochta na hÉireann leo. Tá roinnt fuirseoirí atá go hiomlán ealaíonta agus ní fhéadfadh siad na gnáthchlubanna a dhéanamh.
“An rud is fearr ná go bhfuil tú in ann do rud féin a rá, rud éigin difriúil, ach fós tromlach na ndaoine a chur ag gáire. Sin an dúshlán, ach is maith liom é.”
Cé gur spreag deacrachtaí na cumarsáide digití a dráma féin, aithníonn Aideen go dtugann na meáin shóisialta deis do thaibheoirí lucht féachana ar leith a aimsiú – agus tá sí féin ag baint níos mó úsáide astu anois cé go raibh drogall uirthi ar dtús.
“Ní raibh mé ag iarraidh é a dhéanamh,” a deir sí. “Ach ansin thosaigh mé diaidh ar ndiaidh ag déanamh físeán gach dhá nó trí lá. Bhí cúpla rud beagáinín ‘viral’ agam, agus cabhraíonn sé sin.”

“Níl daoine chomh dírithe ar an teilifís a thuilleadh, tá siad ag díriú ar leantóirí. Mar sin ní gá a bheith ag freastal ar gach duine, is féidir freastal ar do lucht féachana go sonrach má éiríonn leat go maith ar an idirlíon.”
Ach ní hé tionchar na meán sóisialta an t-aon athrú suntasach a fheiceann Aideen ina hearnáil, agus dar léi tá brú ar fhuirseoirí a bheith níos proifisiúnta anois.
“Meallann sé lucht Oxbridge agus daoine stuama níos mó ná mar a dhéanadh 20 bliain ó shin,” a deir sí. “Bheadh ionadh ort, go háirithe nuair a théann tú go Sasana, agus in Éirinn freisin”.
“Bhíodh daoine ag teacht agus iad leath ar meisce agus ag ól ar stáitse. Ach anois, uaireanta téann tú go gig agus cheapfá go raibh daoine ag dul isteach chun an Ardteist a dhéanamh mar bíonn gach duine ag léamh a gcuid nótaí.”
Baineann daoine faoiseamh as agus tagann mná chugam, agus fir freisin, ag rá go thaitin an dráma go mór leo.
Ní hé sin le rá áfach nach féidir le fuirseoirí a bheith rúinín beag craiceáilte agus sa tóir ar eispéireas nua, agus bíonn deacrachtaí meabhairshláinte sách coitianta san earnáil. Bíonn Aideen í féin sásta labhairt go hoscailte faoina cuid streachailtí agus í faoi ghreim an óil.
“Thaitin sé liom i gcónaí,” a deir sí go lom. “An chéad uair ar ól mé bhraith mé an méid faoisimh sin. Bhí mé in ann grá agus bá a bheith agam do dhaoine agus ní raibh mé ag smaoineamh fúm féin.”
“Ach diaidh ar ndiaidh, chuaigh sé i bhfeidhm orm agus tharlaíodh rudaí uafásacha dom agus fós ní raibh mé in ann stopadh.
“Bhí beagáinín easpa sásaimh ionam is dócha ar feadh mo shaoil i ndáiríre go dtí gur stop mé ag ól agus fuair mé rud éigin difriúil i mo shaol, saol spioradálta d’fhéadfá a rá.
“Tá a fhios agam go bhfuil an t-ádh dearg orm a bheith beo. Bhí cúpla babhta ina bhféadfainn a bheith marbh. Tá an buíochas sin agam agus tá an buíochas an-tábhachtach mar tugann sé dearcadh iomlán difriúil duit ar an saol.
“Bhí orm dul i ngleic leis trí ghrúpa féinchabhrach. Bím gafa le himeachtaí do dhaoine nach n-ólann agus bím ag cabhrú le daoine eile. Tugann sé sin a lán faoisimh domsa.”
Ach ní ag fuirseoirí amháin a bhíonn fadhbanna den chineál seo ar ndóigh. Tugann Aideen faoi deara go mbíonn dúil nimhe sa scleondar le feiceáil go forleathan sa saol poiblí.

“Tá polaiteoirí díreach chomh craiceáilte,” a deir sí agus meangadh gáire uirthi. “Bíonn siad ag iarraidh dul i bhfeidhm ar na daoine mar a dhéanann fuirseoirí. Bíonn daoine ag bualadh bos dúinne, bíonn daoine ag caitheamh vótaí ar a son.
“‘High’ atá ann cinnte. Bhí mé ag smaoineamh nuair a tháinig na pictiúir sin amach le Bill Clinton sa bhfolcadán leis na mná, polaiteoir mór le rá, canathaobh go bhfuil sé le hEpstein agus ag ligint dó pictiúir a fháil díobh, fiú dá mba rud é nach ndearna sé faic.
“Má dhéanann fuirseoir drochrud ar nós a bheith ina alcólach cosúil liomsa, is féidir liom seó a dhéanamh agus faighim maithiúnas. Ach má dhéanann polaiteoir botún...”
Ar ndóigh bíonn sé deacair do roinnt polaiteoirí móra an salachar ar fad a ghlanadh uathu féin, bíodh siad i dteach Epstein nó ná bíodh.
Ach is dócha gurb é an rud a thugann faoiseamh do na daoine sa lucht féachana a bhfuil fonn orthu labhairt le hAideen théis a seó ná an misneach agus cumas atá aici dianmhachnamh ionraic a dhéanamh ar an am atá caite agus léargas críonna a thabhairt i stíl atá leochaileach, éirimiúil, éagsúil agus ar ndóigh greannmhar.
“Deirtear gan aon aiféala a bheith ort,” a mhíníonn Aideen. “Má tá tú tar éis drochrudaí a dhéanamh, ná bíodh aiféala ort, déan an rud ceart agus féach an féidir le do thaithí cabhrú le daoine eile.”
Foclóir:
Fuirseoir = comedian
Streachailtí = struggles
faoiseamh = relief
ré = era
an t-ádh dearg = extremely lucky
maithiúnas = forgiveness
misneach = courage
scleondar = excitement/boastfulness
aiféal = regret


















