An sean agus an nua

Tá fiúntas ar leith le fáil in ‘Scéalaíocht na Ríthe’ atá i gcló arís

Micheál Mac Liammóir.
Micheál Mac Liammóir.

Ceann de na dúshláin ba mhó a bhí roimh nualitríocht na Gaeilge riamh ba ea conas a dhéanfadh sí ceangal le litríocht eile an mhíle bliain agus níos sia siar a raibh sí ina comharba uirthi. B’fhéidir nár ghá, gan amhras, óir is beag scríbhneoir Iodálach a bhíonn róchráite cá seasann a chuid focal suas is anuas le hÓivid nó le Virgil, agus go ró-áirithe leis an spalpaire sin Cicearó. Ach bhí de chúram ag gluaiseacht na Gaeilge, ar shlí éigin, ‘to make the present a rational continuation of the past,’ mar a chuir Dúghlas de hÍde go beacht é.

Tá íoróin áirithe sa mhéid is a bhí scríbhneoirí an Bhéarla ag baint leasa as seanlitríocht na Gaeilge i mblianta tosaigh athbheochan Éireann ag deireadh an 19ú haois - Yeats, Synge, Lady Gregory, abair leat - fad is a bhí scríbhneoirí na Gaeilge ag iarraidh a bheith ‘nua-aimseartha’, ‘uirbeach’, ‘Eorpach’ (pé is brí leis) fiú amháin. Bhí eisceachtaí ann, gan amhras, a raibh an tAthair Peadar Ó Laoire ina thosach ag cur leaganacha Nua-Ghaeilge ar fáil de na seanscéalta, ar nós, ‘Eisirt’ nó ‘Bricriu’, nó ‘Guaire’ nó ‘An Craos-Deamhan’ ar insint dá chuid féin atá ann ar ‘Aislinge Meic Con Glinne’, ach ar seoid scríbhneoireachta fós é.

Seachas an bhochtaineacht agus easpa ocrais is amhlaidh go bhfuil na huaisle faoi réir ag mothúcháin agus ag laigí an duine ach an oiread le cách.

Ba mhó de dhíospóireacht theoiriciúil riamh é ná beart a raibh toradh air conas a rachadh an sean i bhfeidhm ar an nua go solasmhar. I réamhrá an leabhair álainn Scéalaíocht na Ríthe le Tomás Ó Floinn agus Proinsias Mac Cana a foilsíodh i dtosach sa bhliain 1956 ach a bhfuil eagrán nua de ar fáil anois ó Chló Iar-Chonnacht (agus a bhfuil an ealaín speisialta ‘Cheilteach’ a dhear Micheál Mac Liammóir mar bharr maise ann i gcónaí), deirtear gur trua nár aithníodh i dtosach thréimhse na hathbheochana “go bhféadfaí an scríbhneoireacht a bhunú ar an chaint bheo agus lorg na litríochta a leanacht san am céanna” agus gur mhór an eagla a bhí orthu “gur dúnadh an doras ar feadh i bhfad ar oidhreacht ár sean-litríochta”. Iarracht is ea an leabhar ar an mbearna sin a thabhairt isteach agus na seanscéalta “a thaispeáint don phobal léitheoireachta i scáthán na Nua-Ghaeilge”.

Trí scéal déag a sholáthraíonn siad dúinn ó thréimhse na Sean-Ghaeilge go dtí an Mheán-Ghaeilge, ach go mbaineann na heachtraí iontu go léir leis an saol suas go dtí an 8ú haois, pé cóiriú liteartha a déanadh orthu ina dhiaidh sin.

Scéalaíocht na Ríthe le Tomás Ó Floinn agus Proinssias Mac Cana. Mícheál Mac Liammóir a mhaisigh.
Scéalaíocht na Ríthe le Tomás Ó Floinn agus Proinssias Mac Cana. Mícheál Mac Liammóir a mhaisigh.

Tosnaítear leis an scéal gairid álainn ‘Ailill agus Éadaoin’ le linn an ama sin go raibh Tuatha Dé Danann i seilbh na hÉireann, agus ní inniu ná inné sin féin. Ós rud é gurb é Scéalaíocht na Ríthe atá mar theideal ar an leabhar is ríthe agus flatha agus a gcineál a gheobhaidh tú iontu ar fad. Má tá dúil agat sna lábánaigh, tiarálaithe, muicearlaigh, draoibeoga, cábóga agus stróinsí cosúil leis an gcuid eile againn, ní anseo a bheidh teacht orthu.

Seachas an bhochtaineacht agus easpa ocrais is amhlaidh go bhfuil na huaisle faoi réir ag mothúcháin agus ag laigí an duine ach an oiread le cách. Nuair a thagann ‘galar snoí’ ar Ailill, deir lia gaoismhear leis: “Ceachtar den dá ghalar mharfacha ná leigheasfadh lia atá ort, tinneas seirce nó tinneas éada.” Ba mhinic a ceapadh gur thosnaigh an céapar seo leis an amour courtois, ach is cosúil go raibh daoine ag fáil bháis le galar an ghrá sular tháinig na Gaeil go hÉirinn féin.

Grá, éad, fuath, fearg, díoltas, aoibhneas, mioscais, eagla, bunmhothúcháin an duine, is iad atá i gceartlár gach scéil anseo. Ní ghabhann an litríocht as dáta riamh, sin é a bua. Is é a athraíonn ná an dóigh a gcuirtear sin i láthair.

Tá ciútaí áirithe insinte atá buan, is fíor. Ceann díobh sin is ea an comhrá. Tá comhráite agus cabaireacht tríothu seo arbh fhéidir iad a bheith in aon úrscéal de chuid an lae inniu. Cuid acu argóinteach, cuid acu léirmhínitheach, cuid eile acu bagarthach; ach iad go léir daonna. Dá mhéid den chomhrá seo ann is ea is fusa breith ar an scéal féin.

Rud deoranta dúinn, áfach, is ea an oiread sin filíochta a bheith trí gach aon scéal díobh. Go deimhin, ní mór ná gur filíocht is ea an chuid is mó de ‘Iomramh Bhrain Mhic Feabhail’. Scéal farraige atá ann ina bhfuil Bran agus a chomrádaithe ag lorg athshaoil na finscéalaíochta - Magh Meall, Tír Bheo, Magh Mhór, an Éilísiam sin a shantaítear go minic: –

“Ní gnách éagaoineadh ná brath

Insan oileán lúcháireach;

Ní bhíonn ann gairge ná cruas

Ach binneas ceoil le n-éisteann cluas.”

Pé áit í, tuigtear anois nach í an Ghraonlainn í.

Tá eachtraí eile anseo, agus ceaptar gurbh amhlaidh gur cumadh an dán i dtosach agus gur tógadh an scéal timpeall air. Is é is deimhnithí, áfach, ná gur ghluais an prós agus an fhilíocht i dteannta a chéile mar is cóir san Éirinn a bhí anallód ann, in ionad iad a bheith ar scaradh gallda ag faire a chéile go seachanta mar a bhíonn anois.

Ní hí an stíl an deacracht is mó a bheidh ag léitheoirí an lae inniu, áfach, ná an meon ach an oiread, cé gur féidir leis sin speach a thabhairt dúinn. Nuair a labhrann cloigeann amach as “lár sop luachra” in ‘Cath Almhaine’, taibhsítear dúinn go bhféadfadh a leithéid a bheith nádúrtha i scéal fantaisíochta ar bith inniu. Is ea, tá foréigean agus marú agus ár agus sléacht ina ndlúthchuid den insint: “Ba antréan fearúil mar tugadh an gleo nimhneach naimhdeach ann. Ba iomaí mac rí agus mac taoisigh agus mac uasail agus tánaiste flatha féin agus saorchlanna dea-chineáil a fágadh gan anam,” agus seo roimh áireamh a dhéanamh ar aon duine den chosmhuintir. Rachfá i dtaithí ar a leithéid agus ar an gcreach laethúil mar chaitheamh aimsire, nach mór, óir tá a leithéid inár dtimpeall amuigh ansin faoi láthair ar aon nós.

Is is mó a thagann eadrainn agus éascaíocht léitheoireachta ná na ríthe agus na flatha úd gona n-ainmneacha nach bhfuil puinn taithí againn orthu ón stair ghnách, agus na háiteanna éagsúla ina lonnaíonn nó trína ngluaiseann siad – Ráith Bhréanainn, Dún Baithe, Tír Fiachra Aidhne, Tiobraid Thírigh, Dún Fréamhainne, Inbhear Cíochmhaine, Coire Dhá Rua, Dún Fhíne – ach nach é sin an t-iontas agus an t-aoibhneas, leis? Éire eile, ach gur linn i gcónaí í.

Ní dóigh liom gur gá an bhearna a thabhairt isteach idir an tsean- agus an nualitríocht, cé go bhfuil saothair den scoth curtha ar fáil ag Leabhar Breac le suim bhlianta anuas d’fhonn sin a dhéanamh. Tá an droichead idir an dá shaol sin, an dá chineál, an dá bhéascna thar a bheith guagach. Uaireanta dothrasnaithe.

Léitear an tseanlitríocht ar a son féin, ar son na maitheasaí atá inti mar litríocht ina hithir féin, agus ar son na deorantachta sin a osclaíonn do mheabhair agus a leathnaíonn an intinn a bhfuil gátar géar leis nuair nach bhfuil againn inniu ach an aimsir láithreach chúng bhocht.

Foclóir:

íoróin = irony

eisceacht = exception

spalpaire = loud-mouth/strong-man

galar = disease

díoltas = revenge

nimhneach = poisonous

stróinsí = vagrants.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar