Plean oibre i leith tithe folmha sa Ghaeltacht

Na Ceithre hAirde: Thithe Folmha sa Ghaeltacht, Plé teasaí faoi thithíocht, gearán gur theip ar an PSNI i dtaobh na Gaeilge, cás sa gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre.

Teach folamh i gConamara, Co na Gaillimhe. Photo: Bryan O’Brien / The Irish Times
Teach folamh i gConamara, Co na Gaillimhe. Photo: Bryan O’Brien / The Irish Times

Tá sé fógartha go bhfuil tús curtha ag an gComhordaitheoir ar Thithe Folmha sa Ghaeltacht le Plean Oibre don bhliain 2026.

Ceapadh Colm Mac Eachmharcaigh as Acaill mar an chéad Chomardaitheoir den chineál seo i mí Mheán Fómhair.

Mar chuid den Phlean Oibre, beidh ar Mac Eachmharcaigh suirbhé cuimsitheach a dhéanamh ar thithe folmha sa Ghaeltacht, sin agus measúnú ar na deiseanna a bhaineann leis na suíomhanna seo.

De réir staitisticí ó Dhaonáireamh 2022, tá thart ar 6,160 teach folamh sna ceantair Ghaeltachta, 11% den stoc tithíochta iomlán, líon atá níos airde ná an meán náisiúnta de 8%. Léiríonn na figiúirí freisin go bhfuil 9,609 teach samhraidh sna ceantair chéanna.

Tá scéimeanna tacaíochta, lena n-áirítear an scéim Croí Cónaithe agus an Deontas Athchóirithe do Réadmhaoin Fholamh, ar fáil chun athchóiriú a dhéanamh ar thithe folmha.

Is féidir le húinéirí tithe folmha agus baill an phobail i gceantar Gaeltachta ar bith teagmháil a dhéanamh leis an gcomhordaitheoir ag cmaceachmharcaigh@MayoCoCo.ie.

Plé teasaí faoi thithíocht ag cruinniú Comhairle

Bhris díospóireacht achrannach amach ag cruinniú de Chomhairle Contae Dhún na nGall an tseachtain seo caite faoin riail a éilíonn go mbeadh 85 faoin gcéad de thithe nua i gceantair Ghaeltachta á gcur ar fáil do chainteoirí líofa Gaeilge.

Tháinig an t-ábhar chun cinn nuair a dúirt an Comhairleoir neamhspleách Michael McClafferty gur gá athbhreithniú a dhéanamh ar an riail seo.

Dúirt sé, “Níor cheart go dtitfeadh daoine nach bhfuil líofa sa Ghaeilge idir dhá stól mar gheall ar an pholasaí seo, mar tá daoine ann a bhfuil Gaeilge acu ach nach bhfuil líofacht iomlán acu.”

Chuir roinnt comhairleoirí ina choinne, agus dúirt an Comhairleoir neamhspleách Declan Meehan go raibh “réitigh radacacha” ag teastáil chun meath na Gaeilge a stopadh.

Ar deireadh, aontaíodh ceardlann a reáchtáil chun an polasaí a phlé tuilleadh.

Teip an PSNI i gcás a bhain leis an nGaeilge

Tá Ombudsman don Phóilíniú i dTuaisceart Éireann tar éis seasamh le gearán gur theip ar an PSNI nuair a ghabh siad bean a thug a sonraí pearsanta trí mheán na Gaeilge.

Bhain an gearán le Máire Mhic an Fhailí, bean a ghabh na póilíní mí Lúnasa de réir Achta na Sceimhlitheoireachta, agus t-léine leis an ráiteas “We are all Palestine Action” á caitheamh aici.

Dúirt Oifig an Ombudsman an tseachtain seo caite nach ndearna na póilíní iarracht ar bith na sonraí pearsanta a thug sí a thuiscint nó a aistriú.

Chinn an Oifig gur chuir an cinneadh seo isteach ar chinntí eile a rinne na póilíní nuair a ghabh siad í agus gur sháraigh sé an cód eitice atá acu.

Luaigh an tOmbudsman freisin go bhfuil stádas reachtúil ag an nGaeilge faoin Acht Féiniúlachta agus Teanga 2022 agus faoin gCairt Eorpach um Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh.

Tá an PSNI tar éis glacadh le moltaí Oifig an Ombudsman.

Caighdeán Gaeilge an Údaráis Sábháilteachta Bia i lár cás fostaíochta

Beidh éisteacht trí Ghaeilge ar chás de chuid iar-státseirbhísigh phoiblí níos déanaí i mbliana, tar éis dó a rá gur gearradh pionós air as cáineadh a dhéanamh ar leibhéal Gaeilge an Údaráis Sábháilteachta Bia.

Mhaígh Seanán Ó Coistín, atá ina iarfheidhmeannach cumarsáide leis an Údarás, gur sáraíodh a chearta faoi Acht an Dífhostaithe Éagóraigh agus faoi dhlíthe fostaíochta eile.

Dúirt Ó Coistín leis an gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre gur thug sé dhroch-Ghaeilge an Údaráis chun solais sular cuireadh deireadh lena théarma fostaíochta in 2024.

Dúirt abhcóide an Údaráis go raibh Ó Coistín fostaithe trí ghníomhaireacht earcaíochta ar shraith conarthaí gearrthéarmacha, agus gur tháinig an conradh deireanach chun críche ag deireadh na bliana.

Ag an éisteacht i mBaile Átha Cliath, thug Ó Coistín dhá mhála mhóra bia agus deochanna leis, iad ar fad lipéadaithe i nGaeilge, cáis, beoir, caife agus bia bricfeasta san áireamh.

Dúirt sé gur ‘Bia as Gaeilge’ a bhí ann, agus gur sampla iad de tháirgí bia a úsáideann an Ghaeilge, rud a léiríonn go bhfuil an teanga in úsáid sa saol laethúil.

Níl dáta nua don éisteacht fógartha fós ag an gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre.