Bóthar fada na bhfoclóirí Gaeilge

Bhí stíl ornáideach agus thar fóir, amanna, ag an Duinníneach

Myles na gCopaleen: fuair sé ábhar  fonóide i bhfoclóir Phádraig Uí Dhuinnín
Myles na gCopaleen: fuair sé ábhar fonóide i bhfoclóir Phádraig Uí Dhuinnín

Go dtí tús na seachtaine seo, ní raibh mórán eolais agam ar an Athair Pádraig Ó Duinnín cé is moite de dhá fhíric: an foclóir a d’fhoilsigh sé in 1904 agus an chuimhne gur scríobh Séamus Seoighe faoi sa chaibidil in Ulysses atá lonnaithe sa Leabharlann Náisiúnta. Is náireach an scéal domsa é!

Níl mé chun cur síos iomlán a thabhairt ar a shaol ach is cinnte gur duine fíorspéisiúil agus éirimiúil ab ea é. Rugadh é i gContae Chiarraí in 1860, ní san fhíorGhaeltacht ach gar don Ráth Mór in oirthear an chontae, i gceantar Shliabh Luachra. Duine de dheichniúr a rugadh do Mhaitiú Ó Duinnín, feirmeoir caorach, agus Máire Ní Dhonnchadha, bean chráifeach de réir na dtuairiscí. Bhí Gaeilge ó dhúchas ag a thuismitheoirí, agus labhraíodar le chéile í mar an chéad teanga eatarthu. Níor tógadh Pádraig le Gaeilge, áfach, cé go raibh Gaeilge mhaith aige ó bhí sé ina leanbh.

Ba scoláire maith é agus ceapadh ina mhonatóir scoile é nuair a bhí sé 14. Ag an am céanna bhí sé ag foghlaim Laidine le cabhair sagairt áitiúil. Is léir go raibh sé ag iarraidh dul isteach sa chléir.

Tharla sé sin in 1880 nuair a chuaigh sé isteach in Ord na nÍosánach agus bhog sé go Baile an Mhuilinn i mBaile Átha Cliath. Ní sa Ghaeilge a fuair sé a chéim ó Choláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath ach sa mhatamaitic. Oirníodh é in 1894.

Is mór an luach atá le <a href="http://xn--foclir-exa.ie/" rel="">focloir.ie</a>, <a href="http://teanglann.ie" rel="">teanglann.ie</a>, <a href="http://xn--tarma-bsa.ie/" rel="">tearma.ie</a> agus na suíomhanna eile ar fad - bheadh sé deacair orainn dul i mbun ár gceirde dá n-uireasa.

Cé go raibh sé tumtha sa Ghaeilge ón gcliabhán, níor léirigh sé mórán spéise sa teanga le linn na tréimhse sin. Dála an scéil, dealraíonn sé gur chuir sé in aghaidh aon iarracht an Ghaeilge a chur chun cinn mar ábhar éigeantach sna scoileanna.

Cén t-údar a bhí taobh thiar den athrú meoin ina chás? Bhuel, bhí Íosánach eile, an tAthair Eoin Mac Fhir Léinn (sloinne fíorchuí, caithfidh mé a rá) a bhí ag cur cnuasach de dhánta Sheathrúin Chéitinn in eagar agus d’iarr sé ar an Duinníneach cabhair a thabhairt dó, mar gur thuig sé go raibh Gaeilge mhaith aige.

A leithéid de chlaochlú. Laistigh de bhliain, faoi 1898, bhí Ó Duinnín sáite sa teanga agus thosaigh sé ag staidéar filí eile, agus ag dul i mbun feachtas le heagraíochtaí ar nós Chonradh na Gaeilge.

Agus bhí athruithe ag tarlú ina shaol pearsanta chomh maith. Bhris sé ó na hÍosánaigh in 1900. Is cosúil nár oir deasghnátha an Oird sin dó. Dúradh faoi go raibh sé ait agus corr ar bhealaí, agus go raibh sé cantalach chomh maith.

Ar aon chuma bhí sé ag brath ar an scríbhneoireacht mar ghairm ar feadh an chuid eile dá shaol. Ba shagart é i gcónaí ach is cosúil nár cheiliúir sé Aifreann. Bhí sé dosháraithe ó thaobh luas a shaothair de - foilsíodh níos mó ná 30 leabhar leis san iomlán.

An-chuid acu, bhí siad measartha, cuid acu gan mórán dintiúr. Dar ndóigh, an bua is mó a bhí aige ná mar fhoclóirí agus an t-éacht is mó a rinne sé ná an foclóir Gaeilge-Béarla a foilsíodh in 1904.

Bhí stíl ornáideach agus thar fóir, amanna, ag an Duinníneach agus níl dabht ar bith go raibh botúin agus lochtanna ar an leabhar. Duine amháin a rinne an-cháineadh ar an bhfoclóir thar na blianta ná Brian Ó Nualláin (Myles na gCopaleen).

Bhí stíl ornáideach agus thar fóir, amanna, ag an Duinníneach
Bhí stíl ornáideach agus thar fóir, amanna, ag an Duinníneach

Scríobh sé, mar shampla: “Sun, you say, is grian. Not at all. Dinneen shouts that grian means ‘the bottom (of a lake, well).’ You are a bit nettled and mutter that anyway, ‘gealach means moon’. Wrong again. Gealach means ‘the white circle in a slice of half-boiled potato, turnip, etc.”

In ainneoin na lochtanna, ba é foclóir an Duinnínigh an t-aon cheann ar feadh níos mó ná leathchéad bliain.

An rud is annamh is iontach. Foilsíodh foclóir Béarla-Gaeilge Thomáis de Bhaldraithe in 1959 agus is saothar tagartha iontach é a sheas an fód ar feadh leathchéad bliain eile agus níos mó. Tá sé fós in úsáid go laethúil.

Beagnach 20 bliain ina dhiaidh sin, in 1977, foilsíodh foclóir comharbachta ar Ó Duinnín - foclóir Gaeilge-Béarla Néill Uí Dhónaill.

Foclóir Gaeilge agus Béarla
Foclóir Gaeilge agus Béarla

Sna nóchaidí d’fhoilsigh an comhlacht foilsitheoireachta, Collins, foclóir Gaeilge-Béarla agus Béarla-Gaeilge. Tá an chóip den fhoclóir sin a cheannaigh mé ag an am i mo sheilbh go fóill.

Le teacht an idirlín, d’athraigh rudaí níos sciobtha agus chonaic muid áiseanna nua teanga ag teacht ar an bhfód. Mar shampla, bhí ollamh le matamaitic agus le heolaíocht ríomhaireachta in Ollscoil St Louis sna Stáit Aontaithe, Kevin Scannell, a bhí ag iarraidh Gaeilge a fhoghlaim sna 1990idí.

Ach nuair a chuardaigh sé ar líne fuair sé amach nach raibh mórán acmhainní le fáil. Dá bharr sin chruthaigh sé ríomhchlár chun dul i ngleic leis an easnamh sin agus ba é an toradh ná Teasáras potafocal.com, an litreoir GaelSpell agus áiseanna eile nach iad.

Le roinnt blianta anuas, tá éacht déanta ag Foras na Gaeilge - agus DCU - ó thaobh foclóirí cuimsitheacha nua-aoiseacha (lena n-áirítear nathanna agus cora cainte coitianta gan áireamh) a chruthú.

Is mór an luach atá le focloir.ie, teanglann.ie, tearma.ie agus na suíomhanna eile ar fad - bheadh sé deacair orainn dul i mbun ár gceirde dá n-uireasa.

Agus anois, 120 bliain nó mar sin tar éis fhoclóir an Duinnínigh, tá muid tagtha go ceann scríbe.

Seoladh an chéad fhoclóir Gaeilge-Gaeilge an tseachtain seo caite. Tá sé deacair a chur in iúl a thábhachtaí agus a chinniúnaí atá sé. Beidh lucht labhartha na Gaeilge in ann míniú na bhfocal a fháil gan brath ar an mBéarla. Cuirfidh sé dreach iomlán difriúil ar an mbealach a dtuigfimid an teanga amach anseo.

Tá éacht déanta ag Pádraig Ó Mianáin, Cormac Breathnach, agus an fhoireann i bhForas na Gaeilge. Fágfaidh mé an focal scoir ag Cormac Breathnach, ón agallamh a thug se do Scéal an tseachtain seo caite.

“Tá an pobal ag lorg foclóir aonteangach Gaeilge le 100 bliain nó níos mó. Níl mórfhoclóir aonteangach ag pobal na Gaeilge agus tá sé go hiontach anois go mbeimid in ann an bhearna sin a líonadh.

“Go dtí seo, bhí cainteoirí Gaeilge ag brath ar fhoclóirí dátheangacha agus ar fhoclóirí Béarla chun tuiscint a fháil ar an domhan mórthimpeall orthu.”

Foclóir:

Harry McGee

Harry McGee

Harry McGee is a Political Correspondent with The Irish Times